Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 1: An Crúiscín Lán le Odí Ní Chéilleachair |
Tá Odí le haireachtáil ar an gcnuasach d’amhránaithe agus de cheoltóirí na Rinne, Cois Mara Thoir sa Rinn (1998) agus sa bhliain 2001 eisíodh Briseann an Dúchas − bailiúchán d’amhráin uaithi féin, a máthair Ann agus a deirfiúr Sorcha, ar lipéad Chló Iar-Chonnachta. Tá tuilleadh eolais faoin dlúthdhiosca sin ar fáil ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnachta.
Is Feidhmeannach Teanga í Odí agus tá sí ag obair in Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua ón mbliain 2000.
Amhrán traidisiúnta ólacháin é An Crúiscín Lán a bhfuil leaganacha de, idir Bhéarla agus Ghaeilge, le cloisteáil ar fud na hÉireann. Gheofá a rá gurb é seo rosc náisiúnta na Rinne agus is é a deirtear ag ócáidí ceiliúrtha − imeachtaí spóirt go háirithe. Chuaigh peileadóirí óga na Rinne go mór i bhfeidhm ar phobal éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 2008 nuair a scaoileadar faoin amhrán bríomhar seo tar éis dóibh an svae a thabhairt leo i gCluiche Ceannais na Sóisear ag Comórtas Peile na Gaeltachta!
I bhfochair Odí ar an rian seo tá Tomás Ó Riada, Cúil Aodha / Indreabhán − mac léinn ar an gcúrsa BA (Cumarsáid); Aodh Ó Coileáin ón Daingean − Feidhmeannach Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; an t-amhránaí cumasach, Aodán Ó Ceallaigh ón Rinn agus a deartháir Ógie Ó Céilleachair atá i mbun an chúrsa MA (Teagasc Teangacha – Gaeilge) faoi láthair. Na Muimhnigh abú!
Chuaigh an Dá Sheán is mo Sheánsa ’dtín aonach.
D’adhnadar a spairn is ba dheacair iad a réiteach;
Bhriseadar a gcinn agus plaosc a chéile
Is gurb í bean an tábhairne a chosain mo phláitín féineach.
Curfá:
Is faighim arís an crúiscín is bíodh sé lán.
Faighim arís an crúiscín,
Sláinte geal mo mhuirnín,
Is cuma liom an cúilín, dubh nó bán.
Chuireas-sa mo bheansa ’dtí Caiseal ag díol úlla,
An dá dhíol leathphingine níor thug sí abhaile chugamsa!
Nach mise an trua Mhuire ag siúl na dúiche
Ag lorg an tseansciobaire ’s an baile róchúng di!
Is faighim arís an crúiscín is bíodh sé lán.
Faighim arís an crúiscín,
Sláinte geal mo mhuirnín,
Is cuma liom an cúilín, dubh nó bán.
Fágaimse mo bheannachtsa ag muintir an tí seo,
De réir mar atá siad óg agus críonna,
Toisc ná beinnse cortha dena gcuileachta choíche
Go bhfásfadh an cuileann trí bharr an tseantí seo!
