Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 10: Na Poirt - Beartla Ó Flatharta agus PJ Sonny Choilm Learaí Ó Confhaola |
Is dán é seo a scríobh Ellen Ní Chualáin (Ellen Chóil Mhóir) as an gCloich Mhóir ina luaitear roinnt mhaith de na poirt thraidisiúnta. File pobail í Ellen agus bíonn sí le cloisteáil ag aithris a cuid filíochta ag féilte áitiúla agus ar an raidió. Is do chomórtas a bhí ar an gclár raidió Siamsán na Maidine le Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta agus Máirtín Mac Donnacha a chum Ellen an dán seo, agus is í a bhuaigh an comórtas mar ba aici a bhí an líon ba mhó ainmneacha poirt ina píosa filíochta!
Beartla Ó Flatharta atá ag aithris an dáin agus ina theannta tá PJ Sonny Choilm Learaí Ó Confhaola agus é ag casadh an phoirt is ansa le muintir Chonamara, Miss McLeod’s.
![]() |
Beartla Ó Flatharta Is as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua é Beartla Ó Flatharta. Is iarchéimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é, áit ar bhain sé Céim Mháistreachta san Eacnamaíocht amach. Is drámadóir, aisteoir, léiritheoir agus stiúrthóir é.
Is bunaitheoir agus stiúrthóir é ar Léirithe Rua − comhlacht atá lonnaithe i gConamara, agus a chuireann réimse leathan seirbhísí cruthaitheacha, ealaíon, oideachasúla agus léiriúcháin ar fáil trí Ghaeilge. Ina theannta sin, oibríonn Léirithe Rua leis an gClár Críochnú Scoile agus cuireann siad seirbhísí áisitheoireachta drámaíochta ar fáil d’eagraíochtaí agus do scoileanna éagsúla ar fud Chonamara. |
Tá go leor obair léiriúcháin déanta aige: sa bhliain 2009, léirigh sé an dráma Cripil Inis Meáin le Martin McDonagh don Taibhdhearc, i gcomhair Fhéile Ealaíon na Gaillimhe agus Fhéile Ealaíon Iorrais. Léirigh sé Tonnta − ceolchoirm mhór ag mic léinn an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) le hAcadamh na hOllscolaíochta, Gaeilge. I measc na hoibre léiriúcháin eile atá déanta aige tá: SEÓG leis na Crosáin; Oisín − Geamaireacht an Phléaráca sa bhliain 2006, agus Ar Shlí na Fírinne le hAisteoirí Chois Fharraige. Tá cúlra láidir stiúrthóireacht teilifíse aige chomh maith agus is stiúrthóir faoi láthair é ar shobalchlár Ros na Rún.
Is léachtóir agus léiritheoir páirtaimseartha é le hAonad na dTaibhealaíon ar an gcúrsa Ard-Dioplóma sa Drámaíocht agus ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta).
![]() |
PJ Ó Confhaola Is as an gCora Bhuí, Leitir Mealláin, do Phádraic Ó Confhaola, nó PJ Sonny mar is fearr aithne air. Is ceoltóir ó dhúchas é agus sheol sé a chéad dlúthdhiosca in 2007: PJ Connolly − Ar na Boscaí Ceoil. Is ar leic an teallaigh a thug sé an ceol leis agus is fear é a thugann cluas don saol atá ina thimpeall agus a bhaineann spraoi agus taitneamh as. Is ball é den bhanna ceoil Ceann Gólaim i dteannta a dhearthár, Michael, agus casann siad go rialta sna tithe ósta thart timpeall Chonamara. Bhain sé an-taitneamh agus spraoi as an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) agus tá tuiscint i bhfad níos fearr anois aige ar shaol an cheoltóra agus ar na healaíontóirí traidisiúnta |
Bhí
Miss McLeod
thuas ar bhord ’s í ag damhsa ríl ar phláta
’S a Chríost na nGrást, nach mb’álainn í is a sciorta léi go sála.
Bhí an Colúr ar an nGeata amuigh agus píoblach air a’ casadh
’S cé nach raibh aon locht ar a phort, ní raibh duine ar bith ag damhsa.
Ach na Gairdíní Saileacha a bhí ar chúl an tí, bhioraigh a gcuid cluasa
’S go mall righin réidh fuair siad faoi réir agus thosaíodar ag luascadh.
Anonn ’s anall, mar bheadh síogaí in áth, in uaithne a bhíodar gléasta
Radharc ní b’fhearr ní bhfaighfeá abhus ná thall ag bainis ná ag féasta.
Bhí Boicíní Óráin Mhóir ag teacht abhaile ó chéilí;
A gcuid boscaí ceoil ina ngabhail, bhí deichniúr acu in éindí.
Cé a thiocfadh ina dtreo ach Seán sa gCeo agus sheas sé ansiúd le balla
’S lena shála aniar, ó ’s ba shlachtmhar iad, bhí Gearrchailí Chaisleán an Bharraigh.
Bhuel, isteach leis an
gcrowd
tigh
Miss McLeod,
Sin é an áit a raibh an pléaráca.
Bhí Fear Chonnachta ar an
Ramble
ann
’s an Rógaire Dubh ’s é leathdhallta
’S ar an lota thuas ’s é ag dearcadh anuas bhí an Páistín Fionn ’s é ag caoineadh.
Bhí
Drowsy Maggie
sa gcisteanach ar Mhála Fataí suite
Agus
Rakish Paddy
a’ spochadh aisti ag iarraidh í a mhealladh chuige!
Bhí Buachaillí na Locha ansiúd agus go deimhin bhíodar múinte
’S bhí Géabha an Phortaigh ag grágaíl taobh amuigh den doras dúnta.
Bhí an Braon Crua á roinnt go fóill, ó ba mhilis é is ba bhlasta
’S ní raibh ríl ná
jig
na
hornpipe
nach raibh an oíche úd casta.
Ach sin é an uair ar fhág mise iad ’s an slua ag gabháil thrína chéile;
Bhí an Sioc Uilig Thart nuair a bhog mé amach ’s thug mé m’aghaidh ar Bhóthar an tSléibhe.
