Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 12: An Binsín Luachra le Éamonn Ó Bróithe |
![]() |
Píobaire uilleann agus amhránaí is ea Éamonn ó Dhún Laoghaire ó dhúchas ach atá ina chónaí san Iarthar le blianta fada. Thosaigh sé ag foghlaim na píbe ó Leo Rowsome i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1972. Chuir sé aithne ar Phádraig agus ar Nioclás Tóibín ar chuairteanna ar Ghaeltacht na Rinne agus mhúscail siad grá d’amhráin agus d’fhilíocht na nDéise ina chroí. Is fada é ag cur spéise in oidhreacht Ghaelach Shliabh gCua agus in amhráin liteartha na Mumhan. Tá Éamonn ag obair in Oifig an Choimisinéara Theanga agus tá cónaí air i nGaillimh lena bhean agus a mbeirt mhac. Is minic dó ag casadh agus ag léachtóireacht in Éirinn agus i gcéin. Tá sé le cloisteáil ar roinnt taifeadtaí agus tá ailt éagsúla foilsithe aige ar ábhair a bhaineann le ceol, amhráin, filíocht agus stairsheanchas na hÉireann. |
Baineann an Binsín Luachra leis an gcineál amhrán a bhfuil a fhréamhacha i dtraidisiún litríochta na Fraince sa dara haois déag. Insíonn stócach de chuid na n-uaisle sa chéad phearsa faoin tslí ar ghabh sé amach maidin bhreá trí choillte nó trí ghleannta. Buaileann sé le cailín tuaithe agus í ag aoireacht, ag baint luachra nó i mbun cúram eile den saghas céanna. Cuireann sé síos go gonta ar a háilleacht. Bíonn comhrá eatarthu agus iarrann sé grá ar an gcailín. Tá an iliomad leaganacha den Bhinsín Luachra ar fáil i gCúige Mumhan agus i gConnachta. Is leagan Muimhneach é seo.
Do bhíos-sa maidin drúchta,
go huaigneach ag siúl na trá.
Mo ghaidhrín liom ag gluaiseacht
ag uallfairt, ’s mo ghunna im’ láimh;
Nuair do dhearcas-sa chugham an stuaire
ba dheirge grua
’s ba mhilse bláth,
Bhí ábhar binsín bainte aici
de na luachra ba ghlaise ag fás.
D’fhéachas ar na cuanta
’s bhí an t-uaigneas againn ar neoin
’S dhruideas le mo stuaire
’s d’fhuadaíos uaithi cúpla póg;
’Sé a dúirt sí liom go huaibhreach:
“Fan uaim ’s ná cuir orm stró
’S ná scaip mo bhinsín luachra
a fuaireas-sa dá thrioblóid.”
“A chailín bhig na luachra,
an ligfeása do bheart ar lár,
Nó an dtiocfá liomsa in uaigneas
faoi bhruach na coille is deise bláth?
Mar sagart ní bhfaigheadh aon scéal air
ná aon neach dá bhfuil le fáil
Go dtaga caint den gcéirsigh
’S go n-iompódh an lon dubh bán.
“Ó, a chailín scoth na luachra,
glac suaimhneas agus fan go réidh,
Ní dual duit a bheith chomh buartha
in uaigneas agus tú leat féin,
Mar má scaipeas do chuid luachra
is dual go mbeidh mórchuid arís
’S bainfead binsín breá duit
chomh hálainn lenar shíl tú riamh.”
Ba dheas an cailín seomra í
Tráthnóna ’s an bhruis ina láimh
’S cár dheise ag crú na mbó í
’sí smóilín í an bhrollaigh bháin,
Tharraingeodh sí samplaí coróineach
go ródheas ar éadach cláir
’Sí searc mo chroí ’s mo rún í
’sí mo stóirín í go bhfaighe mé bás.
