Diosca 2 - Rian 13: Na Laethanta a Bhí le Feargal Ó Béarra |
 |
As Both Chuanna, sa Spidéal, d’Fheargal Ó Béarra. Tá riar maith amhrán scríofa aige, ina measc
An Cine Meata,
Na Gunnaí Móra,
An Polaiteoir, agus
Amhrán Ros Dumhach − amhráin a bhíonn le cloisteáil go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá tuilleadh dá shaothar le cloisteáil ar
www.myspace.com/bobailin. Bíonn Feargal ag teagasc agus ag léachtóireacht go minic ar chúrsaí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Roinneadh an chéad áit air féin leis an amhrán
Na laethanta a bhí agus ar The Gaelic Hit Factory i gcomórtas d’amhráin nuachumtha, Réalta 2002, a reáchtáil RTÉ Raidió na Gaeltachta. Eisíodh dlúthdhiosca den teideal céanna go gairid i ndiaidh an chomórtais; bhí an t-amhrán seo agus na cinn eile a bhí ar ghearrliosta an chomórtais le cloisteáil ar an dlúthdhiosca sin.
|
Na Laethanta a Bhí
Is gur chaoin mise tráth, a stóirín’s a ghrá,
Is go ndearnas gual dubh de mo chroí,
Is go ndeachas-sa féin i bhfulaingt is i bpéin,
Ach sin iad na laethanta a bhí.
Is gur shíl mise tráth, a stóirín’s a ghrá,
Go mbeinnse go sásta le do thaobh,
Ach a phlúr mhilis thláith, ní fheicfead thú go brách,
Óir sin iad na laethanta a bhí.
Is gur mhilse do phóg ná an drúcht ar an rós,
Is gurbh áille do chuma ná an ghrian,
Mar réaltaí an aeir – do dhá shúilín séimh’,
Ach sin iad na laethanta a bhí.
Is ar éirí don ghréin, ’chuile bhuaireamh uainn i gcéin,
An óige, an tsaoirse is an bhrí,
Ach mar chúr ar an leann a d’éalaigh tusa uaim,
Ach sin iad na laethanta a bhí.
Is gur chaoin mise tráth, a stóirín’s a ghrá,
Is go ndearnas gual dubh de mo chroí,
Is go ndeachas-sa féin i bhfulaingt is i bpéin,
Ach sin iad na laethanta a bhí.