Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 14: An Ceol agus an Chuimhne le Diarmuid de Faoite le Charlie Lennon |
![]() |
Diarmuid de Faoite Is as Inis, Co. an Chláir do Dhiarmuid. Leag sé cos ar an stáitse den chéad uair riamh agus é ceithre bliana d’aois i halla scoile na mBráithre Críostaí i ndráma faoi bhuachaillín óg a bhí ag dul chuig an zú. Taitníonn an drámaíocht agus zúnna go mór leis ó shin! D’fhás sé aníos le meascán de rac-cheol na linne agus ceol traidisiúnta na háite, chomh maith le seisiúin amhránaíochta sa mbaile. Thosaigh Diarmuid ag plé leis an drámaíocht ar bhonn gairmiúil scór bliain ó shin agus é sáite i ngach gné de idir scríbhneoireacht, aisteoireacht, dhearadh agus stiúrthóireacht ó shin chomh maith le bheith ag múineadh na drámaíochta ag gach leibhéal. Bíonn Diarmuid ag múineadh ar an Ard-Dioplóma sa Drámaíocht agus ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) de chuid an Acadaimh. Feictear go minic é ar an scáileán agus ar stáitsí na hÉireann. |
|
Charlie Lennon
Rugadh an cumadóir agus an ceoltóir, Charlie Lennon, i gCoillte Clochair, Co. Liatroma − ceann de na toibreacha ceoil thraidisiúnta is saibhre sa tír. Thosaigh sé ag foghlaim an phianó agus na fidile nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an veidhlín clasaiceach agus ar armóiní snagcheoil. Chaith sé cuid dá shaol i Sasana, áit ar bhain sé céim dhochtúireachta amach san fhisic núicléach in Ollscoil Learphoill. Bhí sé ina bhall de bhanna céilí iomráiteach The Liverpool Céilí Band, a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó agus é ag casadh leo. Is iomaí ceoltóir a ndearna sé taifead leo: Joe Burke, Séamus Connolly, Matt Molloy, Seán Johnny agus Johnny Óg Connolly agus mórán eile nach iad. |
|
I 1998, bhog sé féin agus a bhean, an t-amhránaí sean-nóis Síle Tim Ní Fhlatharta, siar chun an Spidéil − ceantar dúchais Shíle. Is ann a bhunaigh sé Stiúideo Cuan, atá ar cheann de na háiseanna is nua-aimseartha agus is feistithe atá ar fáil do cheoltóirí an Iarthair.
Tá Charlie Lennon ar dhuine de na ceoltóirí is aithnidiúla i saol an cheoil Ghaelaigh in Éirinn agus thar sáile agus, ar ndóigh, tá cáil ar a dheartháir Ben Lennon, a nia, Maurice Lennon, agus ar a chlann cheolmhar féin, Éilís, Seán agus Dónal.
Oibríonn an Dr Charlie Lennon agus a iníon, Éilís, i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar stiúrthóirí ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta).
Tagann an píosa seo,
An Ceol agus an Chuimhne, ó ghearrscéal den teideal céanna le Pádraic Ó Conaire (1882–1928) a foilsíodh in
Síol Éabha
(Baile Átha Cliath, Mártan Lester, 1921). Ar ndóigh, d’fhéadfaí
Goltraí, Geantraí agus Suantraí a bhaisteadh ar an bpíosa freisin ach gurb é an rud is mó a léiríonn sé i ndáiríre, seachas grá athar dá iníon agus grá don cheol, an teanga rúnda sin atá ag ceoltóirí, an chaoi a gcuireann ceoltóirí a gcuid mothúchán in iúl tríd an gceol nó fágtar balbh iad. Cuireann Ó Conaire brí na bhfocal ar an teanga rúnda seo dúinn, cuireann Charlie Lennon teanga an cheoil arís ar ais ar na focail sin. Ar an gcaoi sin, is éard atá sa phíosa seo comhrá ceolmhar idir ealaíontóirí ina n-éisteann siad agus ina maisíonn siad saothar a chéile.
Sa leaba aréir dom séard a chualas: An ceol a bhog mo chroí, an ceol aoibhinn íseal taitneamhach, an suantraí a chiúnódh an fear buile. Agus ar oscailt na súl dom, chonaiceas seanfhear brónach a bhí ina shuí ar an urlár le hais leaba an bháis agus veidhlín i ngreim aige. Ní caise ceoil a bhí le clos agam uaidh ná sruthán ceoil ná rabharta ceoil, ach ba dhóigh liom go raibh an seomra lán le ceol, le fuaimeanna iontacha dochloiste nach gcorródh cluas duine go deireadh aimsire murach saothar an cheoltóra. Bhí boigeacht na dtonn ar thrá lá ciúin samhraidh sa gceol sin; ar gharraithe faoi bhlátha móra luascach, agus mná maorga ag siúl go suanmhar iontu a bheifeá ag cuimhneamh is tú ag éisteacht leis an gceol sin; bheadh fonn ort dul a chodladh, bheadh fonn ort titim i do shámhshuan síoraí ach nach bhféadfá – ní fhéadfá gan do shúile a choinneáil ar aghaidh shochma an cheoltóra….
A cheoltóir, a cheoltóir dhaill, nach bhfuil aon chuimhneamh agat ar d’iníon, ar d’iníon atá sínte fuar marbh le d’ais?
Sa leaba aréir dom séard a chualas: Ceol meidhreach aiteasach ón gceoltóir céanna, ceol a chuirfeadh ag damhsa thú, ceol a bhainfeadh an brón de do chroí. Bhí de dhraíocht sa gceol sin, áfach, nach bhféadfá éisteacht leis i bhfad go nochtofaí duit an iomad radharcanna éagsúla, agus iad ag teacht agus ag imeacht i bhfad uaim. Crainnte thall is abhus á luascadh le gaoth. Bláthanna ildathacha. Néalta boga bána ag comhlint le chéile trasna na spéartha – agus níor chualas aon cheo. D’éag an ceol, ach d’fhan an radharc, d’fhan an machaire álainn – agus beirt ina lár istigh, seanfhear agus gearrchaile, eisean ag gabháil ceoil, ise ag damhsa, ag damhsa go scléipeach agus a folt fada le gaoth….
Sa leaba aréir dom séard a chualas: An ceol ba bhrónaí dár chualas le mo linn. Bhí brón athar ann agus brón máthar; bhí brón carad i ndiaidh carad ann, agus brón leannáin i ndiaidh a stórach. Chuireas méara i mó chluasa mar bhí an ceol brónach sin ag dul tríom, ag dul go smior, ag dul go smúsach ionam. Cheapas éirí agus imeacht ach níor fhéadas. Ní ligfeadh an seancheoltóir dom corraí. Bhí greim daingean docht aige orm. Bhí faoi dhá leith a dhéanamh de mo chroí, agus b’fhéidir go n-éireodh leis mura mbeadh gur cuireadh cosc leis an gceol go tobann.
“Tá muid ag éisteacht leat le leathuair”, arsa an chailleach, “agus ba chóra duit a bheith ar do dhá ghlúin le taobh na leapan sin ná ag cleachtadh do chuid ceoil agus d’iníon marbh”.
Nuair nár fhéad an chailleach aon sásamh a fháil uaidh, ná caint féin a bhaint as, ghluais leo amach, agus an chailleach ag rá léi féin go n-inseodh sí do na comharsana laghad a chumha i ndiaidh a iníne; ach nuair a thosaigh sé ar an gceol brónach an athuair, tar éis imeachta dóibh, thuigeas féin é: thuigeas ar ghabh sé de cheol ó chonaiceas i dtosach é; ba léir dom nach ag cleachtadh ceoil a bhí sé ach ag cur i gcuimhne dó féin, tríd an gceol, cén saol a bhí aige féin agus ag a iníon le chéile lena linn, agus cén saol a bheadh aige i ndiaidh a báis…..
A cheoltóir, a sheancheoltóir dhaill, ní trua liom thú anocht agus an tseoid uasal atá agat le bronnadh ar d’íníon atá ar lár…..
