Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 15: Muilleoir Drohan - An Dioplóma sa Cheol ’08 – ’09 |
Marianne Ní Chinnéide
Is as Baile Átha Cliath í Marianne ach tá sí ag cur fúithi anois i gContae na Gaillimhe. Tá sí ag obair leis na healaíona traidisiúnta le deich mbliana anuas ón uair a ghnóthaigh sí Máistreacht sa Drámaíocht agus Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith sí dhá bhliain ina Riarthóir ar an Taibhdhearc, áit ar oibrigh sí mar fheidhmeannach léiriúcháin ar
Fuadar Feabhra agus
Scáillí Samhna,
Ag Claí na Muice Duibhe
agus
Cré na Cille. Ina dhiaidh sin, chaith sí breis is cúig bliana ó dheas i dTrá Lí ina Príomhfheidhmeannach ar Shiamsa Tíre − Ionad Ealaíon agus Amharclann Náisiúnta Tíre na hÉireann. Tá sí ag obair faoi láthair mar Riarthóir ar Aonad na dTaibhealaíon le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus is í an Stiúrthóir Acadúil í ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta).
Máire Ní Dhomhnaill
Rugadh agus tógadh Máire i gCoillte Mach i gContae Mhaigh Eo. Thosaigh sí ag seinm ar an bhfeadóg nuair a bhí sí dhá bhliain déag d’aois. Nuair a thosaigh sí ag múineadh i Sligeach, chuir sí suim i stíl shainiúil dheisceart an chontae sin agus spreag na seisiúin cheoil a bhíodh á reáchtáil sa Trades Club go mór í. Tá an damhsa ag dul leis an gceol, go háirithe damhsa ar an sean-nós i stíl Chonamara, dar léi féin. Níl áireamh ar an sásamh agus an taitneamh a bhain sí as an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) agus ar an gcaidreamh a bhí aici leis an bhfoireann ar fad, chomh maith leis na scileanna a shealbhaigh sí.
Barra Ó Coillte
Rugadh Barra i gCathair na Gaillimhe, agus tá sé ina chónaí anois i Ros Muc. Tá spéis aige sa chumadóireacht faoi láthair agus, dar leis, tá an suaimhneas atá le fáil i gConamara an-tábhachtach agus feiliúnach dó agus é i mbun na ceirde thuasluaite. D’fhoghlaim sé chomh tábhachtach is atá gné an léiriúcháin maidir le cur i láthair an cheoil ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta). Is í an fheadóg is mó a chasann sé agus nuair a bhíonn an deis aige, baineann sé go leor taitnimh as a bheith ag casadh an phianó.
Pauline Mhic Gearaidhe
Tá cónaí ar Pauline Mhic Gearaidhe i mBéal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo. Ar na cáilíochtaí atá aici tá LLCM sa cheol clasaiceach; is stiúrthóir cóir agus oide scoile freisin í. Bhuaigh sí scoláireacht ó Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann (RIAM) ag aois 14 agus bronnadh gradam sa cheol uirthi sa Choláiste Oiliúna Múinteoireachta i mBaile Átha Cliath. Bhunaigh agus stiúir Pauline cór ceithre ghuth − Cantairí Bhéal Átha hAmhnais − agus bhain an cór seo go leor gradam amach ag córfhéilte idirnáisiúnta i gCorcaigh, i Luimneach agus i Sligeach. Bhain Pauline idir thaitneamh agus thairbhe as an tumoideachas sa cheol traidisiúnta i rith na bliana seo caite, an comhluadar agus timpeallacht Ghaeltachta, agus í i measc ceoltóirí den scoth.
Liam Ó Conbhaigh
Is ar an gCeathrú Rua a rugadh agus a tógadh Liam. Tháinig sé ar ghiotár lena dheartháir agus é ina dhéagóir agus tá sé ag baint deataigh as na sreanga ó shin i leith. Is sa cheol atá a chroí agus suim aige i réimse leathan ceoil: snagcheol, Bach, Rory Gallagher agus ríleanna traidisiúnta. Thaitin an chruóg agus an cleachtadh a bhain leis an gcúrsa Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) go mór leis − na ceolchoirmeacha beo go háirithe.
Bríd Uí Choistealbha
Is as Árainn í Bríd, ach í ina cónaí in Indreabhán anois. Bhí ceol ar cheann de na hábhair aici sa bhunscoil in Eoghanacht, rud a mhúscail a suim sna hamhráin. Bhí ceol agus damhsa coitianta ar Árainn agus í ag fás aníos ansin, agus tagann siad araon léi go nádúrtha. Cé go gcasann Bríd na hamhráin nua-aimseartha, is é an sean-nós is gaire dá croí. Tá Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) bainte amach aici. Ba dheis a bhí sa chúrsa aici barr feabhais a chur ar a cuid buanna.
Caoilte Breatnach
Tá Caoilte ina chónaí i gCinn Mhara, ar theorainn Chontae an Chláir, áit a mbíonn sé ag obair leis mar aistritheoir agus scríbhneoir. Gaeilge agus Spáinnis na theangacha nádúrtha a bhí ag a mhuintir sa bhaile i nDún Laoghaire, Baile Átha Cliath. Agus é ag éirí aníos, bhíodh Caoilte ag freastal chuile bhliain ar na Fleánna Ceoil lena athair, Deasún. Eisean faoi deara suim a mhic i gceol agus i gcultúr na hÉireann agus, ina dhiaidh sin, ’bhris an dúchas’ agus chrom Caoilte ar an amhránaíocht ar an sean-nós a fhoghlaim. Tá an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) bainte amach le deireanas aige.
Collette Uí Ghiolla Dhubh
Is ó Charraig na Siúire, Co. Thiobraid Árainn do Collette. Dúirt a máthair léi gur sa chliabhán a thosaigh sí ag canadh ar dtús. Nuair a bhí sí sa bhunscoil, chas sí i mbanna ceoil agus tá sí ag casadh léi ó shin. Tá sí ag cur fúithi anois ar Inis Meáin, agus í féin agus a fear céile ag déanamh a gcuid féin de shaol an oileáin. Tá sí faoi dhraíocht ag an amhránaíocht agus an damhsa ar an sean-nós agus is iad ba chionsiocair lena cinneadh tabhairt faoin Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Léiriú an Cheoil Thraidisiúnta).
Pádraic Seoighe
Is as Ros an Mhíl i gConamara do Phádraic. Thosaigh sé ag seinm ar an ngiotár agus ar na drumaí nuair a bhí sé thart ar thrí bliana déag d’aois. Is dóigh gurbh iad na téipeanna a bhíodh á seinm ag a athair sa charr le linn a óige a spreag a chuid suime sa cheol i dtosach agus tugann sé cluas do gach cineál ceoil anois. Fuair sé an-sásamh ar an gcúrsa Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) agus d’fhoghlaim sé neart scileanna áisiúla ar nós úsáid teicneolaíocht ríomhaireachta chun taifeadadh a dhéanamh ar phíosaí ceoil, chomh maith le scileanna cumadóireachta agus innealtóireacht fuaime agus soilsiúcháin. Dar leis féin, is cúrsa fíorphraiticiúil é an cúrsa áirithe seo.
Brian Terry Mac Donncha
Fuinneadh agus fáisceadh Brian Terry Mac Donncha i mBarr Roisín i Ros an Mhíl. Tá féith an cheoil ann ó dhúchas agus chaith sé laethanta a óige a éisteacht lena dheaide, an boscadóir agus an t-amhránaí breá, Antaine Pheaitín Terry. Cá bhfágfadh sé é! Casann Brian an fheadóg mhór, an fheadóg stáin agus an méarchlár agus is an-amhránaí é freisin. Is ball é den ghrúpa ceoil
Cillín agus bíonn sé féin agus a leathbhádóir, Máirtín Ó Gríofa, le cloisteáil go rialta sna tithe ósta thart timpeall Chonamara. Cé go bhfuil suim aige i ngach cineál ceoil, is sa cheol traidisúnta agus sa sean-nós atá a chroí.
Bhain sé an-sásamh go deo as chuile ghné den Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta), agus spreag an cúrsa é le coinneáil leis an gceol agus gach a mbaineann leis.
Ciara Ní Eochaidh
Rugadh agus tógadh Ciara sa Spidéal. Is de mhuintir fhíorcheolmhar í − ba iad an pianó agus an fheadóg stáin na chéad uirlisí a chas sí. Níorbh fhada go raibh sí ag casadh na feadóige móire faoi stiúir Mary Bergin. Ina theannta sin, rinne sí ranganna máistreachta ar an bhfeadóg mhór le Marcus Ó hIarnáin. Casann Ciara an veidhlín clasaiceach agus bhí sí ina ball de Cheolfhoireann Óige na Gaillimhe. Anuas ar na huirlisí thuasluaite, casann Ciara an giotár, na drumaí, an maindilín agus an basúcaí, agus tá an-suim go deo aici aici sa chumadóireacht ceoil freisin.
PJ Ó Confhaola
Is as an gCora Bhuí, Leitir Mealláin, do Phádraic Ó Confhaola, nó PJ Sonny mar is fearr aithne air. Is ceoltóir ó dhúchas é agus sheol sé a chéad dlúthdhiosca in 2007:
PJ Connolly − Ar na Boscaí Ceoil. Is ar leic an teallaigh a thug sé an ceol leis agus is fear é a thugann cluas don saol atá ina thimpeall agus a bhaineann spraoi agus taitneamh as. Is ball é den bhanna ceoil
Ceann Gólaim i dteannta a dhearthár, Michael, agus casann siad go rialta sna tithe ósta thart timpeall Chonamara. Bhain sé an-taitneamh agus spraoi as an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) agus tá tuiscint i bhfad níos fearr anois aige ar shaol an cheoltóra agus ar na healaíontóirí traidisiúnta.
Amhrán coitianta claisceadail é seo a bhfuil leaganacha de ar fáil in Éirinn agus in Albain. Is í Pauline Mhic Gearaidhe a chóirigh an leagan seo.
Muilleoir Drohan
