Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 16: Cití Ní Eadhra le Eoghan Mac Giolla Bhríde |
|
As an Charraig i nGaoth Dobhair d’Eoghan Mac Giolla Bhríde. Óna mháthair a fuair sé a chuid ceoil agus bhí ceol i gcónaí sa teach agus é ag éirí aníos. Ceolann sé i gcomórtais an Oireachtais go minic. Sheinn a athair mór, Eoghan John Shéimí Mac Suibhne, an fhidil agus bhuaileadh sé ag bainiseacha agus ócáidí eile ina cheantar dúchais. D’oibrigh Eoghan mar innealtóir sibhialta go deireadh 2000 nuair a d’éirigh sé as le dul ag taisteal agus ag scríobh. Chaith sé bliain ag taisteal i Meiriceá Láir agus ar philleadh dó chuir sé críoch lena chéad chnuasach gearrséalta Idir Feoil agus Leathar. Lean sé den scríbhneoireacht chruthaitheach agus dá chuid oibre mar innealtóir agus in 2005 d’fhoilsigh Coiscéim an dara cnuasach gearrscéalta leis Díbeartaigh. Rinne sé an Dioplóma sna Dána (Scileanna Teilifíse) in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair in 2005. Tá sé ag scríobh leabhar aistir i láthair na huaire faoin am a chaith sé i Meiriceá Láir. |
Ó Chonnie Mhary Mhicí Ó Gallchóir as Rann na Feirste a fuair sé an leagan seo den amhrán Cití Ní Eadhra − amhrán atá coitianta thart fán cheantar sin. Dúirt Connie leis, nuair a cheol sé an leagan seo dó, gur seo an dóigh ar cheol a mháthair, Mary Mhicí Nic Grianna, an t-amhrán; deirtear gur scoth an cheoltóra a bhí i Mary Mhicí í féin. Shíolraigh Mary Mhicí Nic Grianna ó Phádraig Ó Grianna, duine den dá dheartháir Pádraig agus Seán Mac Grianna a tháinig go Rann na Feirste na blianta fada ó shin agus as ar tháinig clann Mhic Grianna a bhfuil oiread clú orthu as a gcuid seanchais, ceoil agus litríochta le dhá chéad bliain anuas. .
Óch, ’s a Chití Ní Eadhra nach náir’ dom mar a d’imigh tú uaim,
’S a croí seo im’ lár gur fhág tú go dubh leis a’ ghual,
Ní iarrfainn de spás ar an Ard-Rí as na flaithis anuas
Ach cead troda leis a’ bhás achan lá sular imigh tú uaim.
Ó, tá dhá cheann a’ tí ina luí’s tá mise gan dóigh,
Ó d’imigh ’n bhean chaoin faraoir ’bhí soineanta cóir,
Níor fhan sí agam ach trí ráithe amháin ’bhí ba ghiorra ná ’n uair
Óch, ’s gurb é mo léan géar gur fágadh í sínte san uaigh.
Ó, ’s dá bhfeicfeá í aréir i ndiaidh an bás dá cloí,
Is a’ cónair déanta snoite ó lámh a’ tsaoir,
Bhí a com geal mín sínte síos mar’ d’ordaigh an Rí,
Is ar leaba chúng, chaol, gan radharc, sé fágadh í.
Óch, ’s a dheartháir dhílis, dá bhfeicfeá sa Teampaill í,
’S gach dlaoi do na gruaig crochta anuas mar eorna bhuí,
Bhí ribíní úra thart suas fána ceann uirthi,
Óch, ’s gurb é mo scéal trua nach bhfuair mise an chaint aici.
Óch, ’s gur chaith mé an lá inné fá mhullaí na n-ardán donn,
’S mé ag dúil go bhfeicfinn mo Chití ’na scála cinn,
A cúl trom triopallach fite bhí fáinneach fionn,
Óch, gur seo mé ’triall chugaibh is níl Cití Ní Eadhra liom.
Óch, ’s a Chití dheas mhín nach aoibhinn duitse gach lá
I bhflaithis na naomh ’measc na mílte anam gan smál
Chan sin mar a bhímse ach ag caoineadh agus ag osnaí gach lá
Gur sa talamh ina luí tá rogha mo charad de mhnáibh.
