Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 17: Seán Ó hAilín agus I bhFoisceacht Míle do Bhleá Cliath - Tommy Mellette le Charlie Lennon |
![]() |
Rugadh agus tógadh Tommy Mellett (Tomás Ó Méalóid) i gCamas Uachtair, Conamara. Chuir sé suim sa cheol nuair a thug a uncail mileoidean abhaile as Meiriceá. Bhíodh ceol ag a uncail béal dorais, Colm Ó Méalóid, agus is uaidh sin agus óna athair a d’fhoghlaim sé a chéad chúpla port agus ina dhiaidh sin ag oícheanta airneáin agus time-annaí thart timpeall na háite. Bhí dlúthbhaint aige leis an gcéad bhrainse de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a bunaíodh i Ros Muc ag deireadh na gcaogaidí agus tús na seascaidí agus bhunaigh sé féin agus cúpla ceoltóir eile an grúpa ’Na Beanna Beola’. Chaith sé féin agus a bhean roinnt mhaith blianta i Meiriceá mar ar saolaíodh a gclann agus cé nár chaill sé an dúil a bhí aige sa cheol aon uair, ní bhfuair mórán deiseanna é a chasadh thall ann. Is nuair a d’fhill sé ar an bhfód dúchais arís a thosaigh sé ag casadh an athuair agus níor stop sé ó shin! Tá sé le cloisteáil ar an gcaiséad, Poll an Phíobaire − earra atá anois ina objet de collection! |
Bhí suim i gcónaí ag Tommy i stíl agus ceol Joe Burke agus tá an-mheas aige freisin ar cheol Johnny na gConnollys, Kevin Coyne, PJ Ó hIarnáin agus Johnny Óg Connolly. Chaith sé cúpla bliain leis an nGaelacadamh ag múineadh an chairdín do ghasúir Chonamara agus is deas leis go bhfuil a gharchlann féin ag foghlaim an cheoil agus ag coinneáil thraidisiún ceoil Mhuintir Mhéalóid beo. Is minic a chasann Tommy ceol in ionaid éagsúla an Acadaimh i dteannta a chomrádaithe Neansaí Ní Choisdealbha agus Meaití Jó Shéamuis.
Is é seo an chéad taifead gairmiúil atá déanta ag Tommy agus más mall is mithid! Dhá ríl atá á gcasadh le fada an lá aige atá le cloisteáil ar an rian seo: Seán Ó hAilín agus I bhFoisceacht Míle do Bhleá Cliath. Is ó Kevin Coyne a fuair sé iad.
|
Charlie Lennon
Rugadh an cumadóir agus an ceoltóir, Charlie Lennon, i gCoillte Clochair, Co. Liatroma − ceann de na toibreacha ceoil thraidisiúnta is saibhre sa tír. Thosaigh sé ag foghlaim an phianó agus na fidile nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an veidhlín clasaiceach agus ar armóiní snagcheoil. Chaith sé cuid dá shaol i Sasana, áit ar bhain sé céim dhochtúireachta amach san fhisic núicléach in Ollscoil Learphoill. Bhí sé ina bhall de bhanna céilí iomráiteach The Liverpool Céilí Band, a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó agus é ag casadh leo. Is iomaí ceoltóir a ndearna sé taifead leo: Joe Burke, Séamus Connolly, Matt Molloy, Seán Johnny agus Johnny Óg Connolly agus mórán eile nach iad. |
|
Is cumadóir aitheanta freisin é agus tá saothair cheoil dá chuid taifeadta ag an iliomad ceoltóirí. Bhronn TG4 ’Cumadóir na Bliana’ air in 2004. Foilsíodh leabhar agus dlúthdhiosca leis dar teideal Musical Memories agus i measc na dtaifeadtaí eile atá déanta aige tá: The Emigrant Suite, Deora agus Deoraí (Gael Linn); Island Wedding – Bainis Oileáin (RTE); The Dance of the Honey Bees (Gael Linn); Flight from the Hungry Land (Worldmusic); Aifreann Chaomháin (Worldmusic); Dusk ’Till Dawn (Worldmusic). Tá clár dá chuid, Waves, le fáil fós ó RTÉ.
I 1998, bhog sé féin agus a bhean, an t-amhránaí sean-nóis Síle Tim Ní Fhlatharta, siar chun an Spidéil − ceantar dúchais Shíle. Is ann a bhunaigh sé Stiúideo Cuan, atá ar cheann de na háiseanna is nua-aimseartha agus is feistithe atá ar fáil do cheoltóirí an Iarthair.
Tá Charlie Lennon ar dhuine de na ceoltóirí is aithnidiúla i saol an cheoil Ghaelaigh in Éirinn agus thar sáile agus, ar ndóigh, tá cáil ar a dheartháir Ben Lennon, a nia, Maurice Lennon, agus ar a chlann cheolmhar féin, Éilís, Seán agus Dónal.
Oibríonn an Dr Charlie Lennon agus a iníon, Éilís, i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar stiúrthóirí ar an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta).
