Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 18: Aonach Bhearna na Gaoithe le Seosaimhín Ní Bheaglaoich |
![]() |
Is i mBaile na bPoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí a rugadh agus a tógadh Seosaimhín Ní Bheaglaoich − duine de mhuintir cheolmhar Bheaglaoich. Thug sí an ceol léi ón dá thaobh den teaghlach: Loinsigh agus Fearghasaigh ar thaobh na máthar agus traidisiún ceoil mhuintir Bheaglaoich óna hathair. D’oibrigh sí mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath ar feadh na mblianta. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa Macalla i 1984 − grúpa ceoil ban a raibh tóir mhór ar a gcuid ceoil sna hochtóidí; d’eisigh siad dhá cheirnín. Chuir lucht féachana teilifíse aithne ar a cuid amhránaíochta nuair a chuir sí an tsraith The Mountain Lark i láthair ar RTÉ sna nóchaidí. |
I mí na Samhna 1993 rinne sí camchuairt Mheiriceá i gcomhar leis an bhFondúireacht Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach. D’eisigh sí a céad albam aonair, Taobh na Gréine, i 1995 – blaiseadh de shaibhreas na n-amhrán traidisiúnta óna ceantar dúchais. Sa bhliain 2005, rinne sí taifeadadh lena deirfiúr Caitlín − Suailcí Sona: Songs from a Gaeltacht Childhood. In éineacht leo ar an dlúthdhiosca sin tá a gclann mhac, Gavin agus Aongus Ralston, agus Aogán Ó Loingsigh, agus a ndeartháir Séamus. Meascán d’amhráin sean-nóis agus amhráin le tionlacan atá sa taifeadadh sin.
Is ón dúthdhiosa Taobh na Gréine (CEFCD), a d’eisigh Gael Linn agus a léirigh Dónal Lunny, a thagann an t-amhrán seo. Is i gceantar na nDéise atá Bearna na Gaoithe agus is é Tomás Ó Móráin nó ’Tomás a’ Bhodhráin’ atá luaite mar chumadóir leis. Cur síos iontach ar lá aonaigh ag tús an chéid seo caite atá ann.
Bhí
diversion aerach ar an aonach, mórchuid aeir is aoibhnis
Ceolta néata, spórt is scléip, feoil á gléasadh chun bídh ann
Bhí
whiskey
is
ale
ann, fíon Geneva, branda craorach bríomhar
Plúr na déise, arán sinséar, is cáis ar
scales
á ndíol ann.
Bhí siúicre, síolta agus rísíní, mil na gcíor á taoscadh
Mórchuid fíona, feoil sicíní, is ba shóil blas-chaoin an
gravy
Bhí ann feoil choiligh a bhí rómhilis, bhí ann feoil druide is naoscaigh
Bhí salann is
leek
ar anraith laoigh, ’s canna á dhíol ar réal ann.
An bhó inlao ná beadh ró-aosta, bhí sí daor a dóthain
Sé phunt sé, deich scilling is réal, ’s ní bhfaighfeá an lao gan choráin ann
Ar sheafaid aosta gheofá aon rud, bhí gamhna daor go leor ann
Capall graí ba dheacair a dhíol, bhí an donas ar fad ar na
ponies.
Bhí seanmhná críonna laga gan bhrí ann, a dteanga líofa ag bardaíocht
Plucaireacht chainte de dheasca an aighnis, a linbh á ndeighilt óna n-ardbhruíon
Bhí bacaigh na dúiche, trick-o’-the-loop ann, dob’ aibidh do liúigh lucht cártaí
Bhí dathacha i nglúinibh sheanduine an ghúta, is é ag eascain ansúd le hardchroí.
Bhí ba, capaill, laoigh ann, gabhair, muca is caoire, ar asail do bhí ana-éileamh
Ar bhó bhainne ghroí bhí seacht ngine buí, bhí ba seasca cuibheasach daor ann
Ar chránta is slipí bhí cheithre phunt trí agus ana-chuid díobh go léir ann
Ach ar na bainbh ní raibh ach neamhní, níorbh fhiú dhuit a ndíol in aon chor.
’San rabhdalam raindí, rabhdalam raindí, rabhdalam raindí réidí
Rabhdalam raindí, rabhdalam raindí, is mallaithe an dream tincéirí
