Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 2: An tÉan ar an gCraobh agus Cailíní an Dúin Mhóir - Seosamh Ó Neachtain le Colm Gannon agus Mick Conneely |
![]() |
Is é seo an t-aon rian ar dhlúthdhiosca Subhóró ar a bhfuil steipeanna rince le cloisteáil agus níl mórán níos fearr i mbun an chúraim sin ná Seosamh Ó Neachtain. Tá a dhiongbháil de cheoltóirí ar aon bhuille leis: Colm Gannon ar an gcairdín agus Mick Conneely ar an mbasúcaí Gréagach. An tÉan sa Sceach agus Cailíní an Dúin Mhóir an dá ríl a roghnaigh siad. Rinne an fidléir cáiliúil ó Shligeach, Michael Coleman, taifead ar an gcéad cheann i mí an Mhárta 1927 ar lipéad Victor. Foilsíodh Cailíní an Dúin Mhóir nó Dunmore Lasses sa bhailiúchán Ceol Rince na hÉireann Iml. 1 le Breandán Breathnach. Is minic a thugtar The Road to Knock freisin air. Thaifead an fliúiteadóir as Gleann na Madadh, Tom Morrison, i Nua-Eabhrac é sa bhliain 1924. D’fhoghlaim Colm an leagan seo ón sárbhoscadóir, PJ Hernon. |
Rugadh agus tógadh an rinceoir gradamúil, Seosamh Ó Neachtain, sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, agus cé nach bhfuair sé aon oiliúint fhoirmiúil sa damhsa ar an sean-nós, chuir sé an-suim ann agus tá cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige lena chuid damhsa. Bhí sé ag damhsa i gcomhluadar Altan, Dé Danann, agus Mháirtín O’Connor, agus ina theannta sin, rinneadh taifeadadh de ar cheirníní le Johnny na gConnollys, Róisín Elsafty, Harry Bradley agus The Tap Room Trio. In 2000, bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht air le taighde a dhéanamh ar an gcniogdhamhsa i gcathair Nua-Eabhrac; bhí an toradh le feiceáil ar TG4 mar chuid den tsraith Ceolchuairt a fuair ainmniúchán don Fhéile Scannánaíochta Cheilteach in 2009. Bhain sé céim BA amach in 2004 in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ó shin i leith tá sé an-ghníomhach ag eagrú ceardlann agus cláir chónaitheachta. Is duine de bhunaitheoirí Barr go Sáil/Heel to Toe é a raibh taispeántais acu sa Danmhairg ag an bhféile Tonder i nGlaschú ag Celtic Connections agus ag Féile Idirnáisiúnta Damhsa na hÉireann. Is é an Damhsóir Cónaithe é in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair.
Is i mBostún, Massachusetts a fuinneadh agus a fáisceadh an boscadóir Colm Gannon. Is de bhunadh Chonamara é: ón Droim i Leitir Móir a athair, John Gannon agus ón Tuairín dá mháthair, Gerry. Is óna athair agus a dheartháir, Seán, a d’fhoghlaim Colm a chuid ceoil; bhíodh ceol i gcónaí sa teach agus bhí tionchar mór ag leithéidí Sheáinín Phat Mylea Mhic Dhonncha, Kevin Coyne, Finbarr Dwyer, Joe Burke agus Martin MacMahon ar an nGeannánach óg. In, 1998 bhog sé go hÉirinn agus go gairid ina dhiaidh sin chroch sé a sheolta arís agus chaith sé ceithre bliana ag casadh ceoil le Riverdance. D’fhill sé ar an Droim in 2003 agus is ann atá sé ag cur faoi ó shin. Is sa bhliain chéanna a d’eisigh sé a chéad dlúthdhiosca aonair, a tharraing ardmholadh ó chách , Return To Droim. Beifear ag súil lena mhacasamhail arís nuair a eiseofar a chéad saothar eile go luath.
Rinne Colm Gannon Cúrsa na nEachtrannach agus ranganna Gaeilge in Áras Mháirtín Uí Chadhain in 2005.
Is duine d’fhidléirí cáiliúla na linne seo é Mick Conneely a bhfuil meas dá réir air freisin. Rinne sé cuid mhaith camchuairteanna agus chas sé ceol i dteannta: Dé Danann, Mary Bergin, Frankie Gavin, Máirtín O’Connor, Noel Hill & Tony Linnane, Tony Mac Mahon & Micho Russell, Matt Molloy, Kevin Crawford, Lúnasa, Dave Munnelly, Carl Hession, Niall Ó Callanáin, Svend Kjeldsen agus Michael McGoldrick. Tá a chuid ceoil le cloisteáil ar roinnt mhaith albam agus tá Selkie − an chéad albam aonair a rinne sé féin, agus a bhfuil ardmholadh air − ar fáil ar lipéad Chló Iar-Chonnachta.
In éineacht lena chomrádaí, Alec Finn, tá an basúcaí Gréagach curtha faoi bhráid lucht an cheoil thraidisiúnta. Is múinteoir fidléireachta é chomh maith a bhfuil an-éileamh air, agus tá sé ag múineadh le blianta fada ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach.
