Diosca 2 - Rian 20:
An Cheathrú Rua
le Dáithí Ó Drónaí |
 |
Is as Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir é an ceoltóir óg, Daithí Ó Drónaí. Is deacair rangú a dhéanamh ar a chuid ceoil ach níl aon amhras faoi rud amháin – tá sé difriúil! Chuir pobal na hÉireann aithne ar Dhaithí sa bhliain 2009 nuair a d’éirigh go seoigh leis sa chomórtas tallainne ar RTÉ,
The All Ireland Talent Show. Is ag dul ó neart go neart atá sé ó shin agus tá bliain ghnóthach curtha de aige agus é ag casadh ag féilte agus ag déanamh gigeanna − ceann don Uachtarán Mhic Giolla Íosa san áireamh. Is í an fhidil an phríomhuirlis a sheinneann Daithí ach úsáideann sé méarchlár, cnaguirlisí agus lúbstáisiún ina chur i láthair freisin.
Ní hé an ceol traidisiúnta is mó a chasann Daithí ach nuair a chuala sé faoin dlúthdhiosca seo, bheartaigh sé píosa a dhéanamh ina mbeadh meascán dá stíl féin agus den cheol traidisiúnta. Phioc sé píosa as an ríl
Gearrchaile Shligigh, a bhíodh á chasadh go minic aige lena dhaideo cáiliúil, Chris Droney, agus chuir sé píosaí
synth agus fidile faoin bpríomhfhonn a ghabhann le
Ghearrchaile Shligigh le go mbeadh tuilleadh doimhneachta ann.
An Cheathrú Rua a thug sé ar an bpíosa fuinniúil seo agus tá seánraí éagsúla le brath ann: ceol damhsa, ceol
indie, rac-cheol agus, ar ndóigh, an ceol traidisiúnta.
|
Tá Daithí sa dara bliain den chúrsa BA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus is ball gníomhach de chumann Shubhóró é