Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 4: Tigh Phádraic Conraí le Síle Ní Scanláin |
Is as an Teach Mór in Indreabhán do Shíle. Tá na blianta caite aici ag amhránaíocht ar an sean-nós. Is ó Mháire Phíotair Uí Dhroighneáin agus óna seanathair, Máirtín Pheaits Ó Cúláin, a thóg Síle a ceird.
Bhain Síle amach céim san Oideachas ó Choláiste Mhuire, Marino agus ó Choláiste na Tríonóide sa bhliain 2007, agus bhain sí amach Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i mbliana (2009).
Chas Síle ar chláir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith le Céilí House ar RTÉ1 agus Bloom of Youth le Kieran Hanrahan. Tá comórtais faoi 18 agus faoi 35 buaite aici, chomh maith le roinnt comórtais áitiúla freisin.
Pota Mór Fataí is teideal d’amhrán Shíle ar an dlúthdhiosca seo, cé go dtugann sí féin Tigh Pháraic Con Rí air. Deirtear gur suantraí atá san amhrán seo atá luaite le Ceantar Iorras Aithneach. Is ó Mháire Phíotair Uí Dhroighneáin a fuair Síle an leagan seo.
Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh
Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh
Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh
Tá sí ina codladh ’s ná dúisígí í
Curfá:
’s ó bhó, mo leanbh, ’s ó bhó, mo lao
’s ó bhó, mo leanbh, cé déarfadh nach í?
Bíonn pota mór fataí tigh Pháraic Con Rí
Bíonn pota mór fataí tigh Pháraic Con Rí
Bíonn pota mór fataí tigh Pháraic Con Rí
’sé pota na leathchlocha ’chuireann siad síos
Curfá
Bíonn ciseog mhór fhataí tigh Pháraic Con Rí
Bíonn ciseog mhór fhataí tigh Pháraic Con Rí
Bíonn ciseog mhór fhataí tigh Pháraic Con Rí
’gus Baba sin againne ’sí atá á n-ithe
Curfá
Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae
Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae
Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag ól a gcuid tae
Bíonn Baba sin againne ’gus méar ina béal
Curfá
Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag caitheamh
cloth shawl
Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag caitheamh
cloth shawl
Nuair a bhíonns clann mhuintir Uaithnín ag caitheamh
cloth shawl
Bíonn Baba sin againne ’s pluid ar a ceann
Curfá
Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba Con Rí
Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba Con Rí
Ó cuirfidh mé cóiste faoi Bhaba Con Rí
Seanphoitín gliomach ’s rothaí ’chur faoi
Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh
Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh
Tá Baba ina codladh ar leaba chlúmhaigh
Tá sí ina codladh ’s ná dúisígí í
Curfá
