Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 5: Sleamhnáin John Murphy/Maurice Manley/ John Kelly le Breanndán Ó Beaglaoich |
![]() |
Tá cáil an cheoil rince, an fhoinn mhall, agus na n-amhrán ar an mBeaglaoich óg. Is é Breanndán an té is óige de naonúr − duine de chlann cheolmhar Bheaglaoich ó Bhaile na bPoc in Iarthar Dhuibhneach, Co. Chiarraí. Tá ainm na clainne agus a gclann siúd in airde ó thaobh ceoil agus amhrán. Thug Breanndán an ceol leis ar dtús ar leic an teallaigh óna thuismitheoirí. D’fhoghlaim sé a thuilleadh de cheol na háite óna chomharsana: Seán Ó Cochláin, Dálaí, Moss Martin, Muiris Ó Cuinn, Tomás Groiméil, Johnny Ghabha, Páid Ó Gairbhí. Sna hochtóidí, cuir sé spéis mhór i gceol Johnny O’Leary − duine de mhórcheoltóirí Shliabh Luachra, a cailleadh in 2004. Tháinig an chéad cheirnín aonair ó Bhreanndán, Seana Choirce, le Gael-Linn amach i 1987; Johnny O’Leary a scríobh an nóta brollaigh. D’eisigh sé an dlúthdhiosca, We Won’t Go Home ’Til Morning ar lipéad Kells i 1997 agus ceann eile, Oíche Go Maidean, in 2003. |
Aithnítear Breanndán mar scéalaí oilte agus mar rinceoir chomh maith − is greanta mar a rinceann sé seiteanna ó réigiúin éagsúla na tíre. Siar amach san oíche, ó am go chéile, feictear ag seinm mileoidin é agus ag bualadh steip − an dá rud i dteannta! Bíonn sé le feiscint ag láithriú cláracha ceoil ar TG4 ó am go chéile. Duine d’ambasadóirí cultúir na hÉireann is ea é. Tá siúl déanta ar fud na cruinne aige féin, a bhosca ceoil agus Beauty Deas an Oileáin.
D’fhoghlaim Breanndán an chéad sleamhnán ón gceoltóir iomráiteach ar an orgán béil, John Murphy ó Carrick on Bannow i gCo. Loch Garman. Tháinig an dara ceann ó Julia Clifford agus is in onóir an tseanchaí Éamon Kelly, a fuair bás i mí Dheireadh Fómhair ’01, atá an tríú ceann mar is ar chlár teilífíse dá chuid a chuala Breanndán den chéad uair é. John Kelly a bhí á sheinm ar an gconsairtín agus thugadh seisean Tim Griffin’s Jig air. Cairdín dhá shraith C#D atá le cloisteáil ar an rian seo.
Tá Breanndán i mbun staidéir faoi láthair ar an gcúrsa Dioplóma sna Dána (Léann an Traidisiúin) atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí.
