Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 6: Contae Mhaigh Eo le Ciarán Ó Con Cheannain |
![]() |
B’as Sáile Chuanna taobh thiar den Spidéal é Ciarán Ó Con Cheanainn − scoláire le Gaeilge agus amhránaí álainn. Ba mhór an bhris é a bhás dá mhuintir, dá chairde agus don chultúr Gaelach i mí Feabhra 2009 agus gan é ach 27 bliain d’aois. B’amhránaí den chéad scoth é, agus tuiscint dhomhain aige ar an traidisiún a bhain le ceol agus le cultúr na hÉireann. D’fhreastail Ciarán ar Scoil Shailearna agus ar Choláiste Cholm Cille in Indreabhán, áit a raibh sé rannpháirteach i Slógadh. Tar éis dó céim a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, thug sé a aghaidh ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 2003, áit a ndearna sé tráchtas MA darbh ainm Gnéithe de Sheachadadh na nAmhrán Traidisiúnta sa Ghaeilge. An bhliain dár gcionn, bhain sé MLitt i Nua-Ghaeilge amach leis an tráchtas Clár Amhrán Chois Fharraige. Bhronn Ollscoil na hÉireann scoláireacht i Léann na hÉireann air sa bhliain 2004 agus chuaigh sé go hOllscoil Dhún Éideann, áit ar chaith sé dhá bhliain leis an School of Scottish Studies. |
Bhíodh sé ag tarraingt ar Oireachtas na Gaeilge agus ar Fhleadh Cheoil na hÉireann go minic, chomh maith leis an bhFéile Pan-Cheilteach, agus is iomaí duais a ghnóthaigh sé iontu. Thug sé leis an chraobh ag Oireachtas na bliana seo caite, 2008, nuair a bhuaigh sé Corn Uí Riada − an duine ab óige a rinne an gaisce sin riamh.
Roinn Ciarán a chuid tallainne go fial le rannpháirtithe agus é i bhfeighil ceardlanna amhránaíochta ag leithéid Shean-Nós Cois Life i mBaile Átha Cliath nó an Bhéil Bhinn i mBré, Co. Chill Mhantáin.
Ceapadh ina léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath Ciarán agus é i gceist aige a thráchtas dochtúireachta a chríochnú agus dhá leabhar thábhachtacha maidir le hamhránaíocht Chonamara a fhoilsiú.
Rinne Ciarán slám taifeadtaí ar chaiséid agus ar dhioscaí, agus is mór ag Subhóró anois a ghlór binn, ceolmhar a bheith le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo agus é ag casadh Contae Mhaigh Eo. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le máthair Chiaráin, Brídín, as ucht a beannacht a thabhairt dúinn amhrán leis a úsáid. Glacann Subhóró buíochas freisin le RTÉ Raidió na Gaeltachta as an taifead seo de Chontae Mhaigh Eo, faoi mar a dúirt Ciarán ag Comórtas Chorn Uí Riada é in 2008, a bhronnadh orainn. Is é, ar ndóigh, a thug leis an svae an oíche úd.
Chaith Ciarán cúpla samhradh ag teagasc ar chúrsaí samhraidh na nEachtrannach in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Airíonn muid uainn Ciarán, ach is mór an cúiteamh dúinn an taitneamh agus só a thug sé dúinn fad a bhí sé linn; agus anois cuimhneoimid air chuile uair a chloisfimid a ghuth aoibhinn, ceolmhar.
Go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal.
Liostáil mé le
sergeant ag dul Sráid an Bhaile Mhóir
Agus chuir sé sin thar sáile mé mar bhí mé go bocht óg.
Chuir sé gine buí ins chaon láimh liom is a’ raidhfil le mé ’ghardáil
Ach dúirt mé leis go m’fhearr liom ’bheith in Éirinn go mór.
’S ar an long seo, a Phaid Uí Loingsigh sea ’dhéanaimse an brón
Ag osnaíl insan oíche is go síoraí ag ól sa ló.
Ach marach dalladh m’intinn is mé i bhfad ó mo mhuintir;
Dar m’fhocal is deas a chaoinfidh mé i gContae Mhaigh Eo.
Agus marach bás mo mháithrín, ó bheinnse maith go leor,
Bheadh fíon agus feoil Mhártan a’m i gcomhluadar ban óg.
Marach síor-ól na gcártaí is a’ dlí a bheith róláidir
Ní i
Santa Cruz a d’fhágfaí mo chnámha faoin bhfód.
’S tá Cnoc na Ceathrún Caoile ’s é siamsúil go leor
Tá coiligh is cearca fraoigh ann a bhíonns go síoraí ag seinm cheoil.
Tá sméara dubha ar chraobha ann, tá úllaí boga buí ann
Tá géimneach bó ’gus laoi ann tíocht d’fhéile Muir’ Móir
’S tá is punt is fiche amuigh orm i gContae Mhaigh Eo.
Is ní ghabhfaidh mé siar á n-éileamh ann, ní ghabhfaidh ná go deo
Ar fhaitíos go mbéarfaidh thiar orm ’s go gcrochfaidh ’ngeall ar fhiacha mé,
’S go bhfáiscfidh boltaí iarainn de bharriallachaí mo bhróg.
’S go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór,
Go dtaga an toimín luachran ag buachailleacht na mbó.
Go dtaga Cnoc Bhinn Shléibhe is go dtite sé i Loch Éirne,
Go dtaga sin, ní fheicfear mé i gContae Mhaigh Eo.
