Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 7:
Rogha an Choirnéil Roger / Laethanta Sona na hÓige - Louise Devitt agus Catherine Gallagher le
|
Dhá ríl atá anseo agus iad á gcasadh ag triúr ban óg. Tugtar McKenna’s Reels orthu freisin mar is é an fliúiteadóir ó Cho. Liatroma, John McKenna, a chas le chéile den chéad uair iad don chomhlacht ceirníní Decca i Meiriceá sa bhliain 1934. Bhí Colonel Roger’s taifeadta cheana féin ag an mboscadóir agus an fidléir, Frank Quinn, arbh as Co. an Longfoirt ó thús é.
Catherine Gallagher, Louise Devitt agus Síle Denvir
Louise Devitt
(feadóg mhór)
Rugadh agus tógadh Louise Devitt i gCo. Liatroma. Tá sí ag casadh ceoil ó bhí sí ina cailín óg. Tá an ceol san fhuil aici agus is uncail léi an fliúiteadóir cáiliúil as Ros Comáin, Packie Duignan. Bhí sí ina ball den ghrúpa ceoil a bhuaigh an comórtas 15-18 ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 2007 agus bhí cúis cheiliúrtha arís aici in 2009 nuair a bhuaigh a grúpa corn sinsearach Chraobh na hÉireann ag an bhFleadh in Uíbh Fhailí. Ghlac sí páirt sa scéim ceol cónaithe a reáchtáil Comhairle Contae Liatroma i gcomhar leis an ngrúpa Lúnasa, agus tá sí le cloisteáil ina dteannta ar an dlúthdhiosca
The Leitrim Equation. Is damhsóir paiteanta freisin í agus is é
The Mason’s Apron a rogha ceol steipeadaíola. Is mac léinn í Louise in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, mar a bhfuil sí ag gabháil don BA (Cumarsáid). Is ball gníomhach den chumann Subhóró í.
Catherine Gallagher
(fidil)
As Droim Caorthainn freisin do Catherine Gallagher. Is ó Shéamus Sweeney agus Bríd Nic Dhiarmuda a d’fhoghlaim sí a cuid ceoil agus ba bhall í den ghrúpa ceoil a thug an svae leo ag an gcomórtas 15-18 ag Fleadh Cheoil na hÉireann, 2007. Tá cúpla port cumtha aici agus tá ceann acu sin le cloisteáil ar an dlúthdhiosca
The Leitrim Equation.
Síle Denvir
(cruit)
Rugadh agus tógadh Síle Denvir in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara. Is amhránaí sean-nóis agus cláirseoir í agus tá sí ina ball den ghrúpa ceoil agus amhránaíochta
Líadan. Bhain sí amach céim BA sa Ghaeilge agus sa Cheol in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad in 2002. Chuaigh sí as sin chuig Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sí amach Máistreacht sa Ghaeilge. Mar chuid den mháistreacht sin, scríobh sí tráchtas ar Amhráin Chiaráin Uí Fhátharta agus d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta mar leabhar é in 2008. Tá Máistreacht i dTaibhléiriú an Cheoil Thraidisiúnta agus Dioplóma Iarchéime in Oideachas an Cheoil bainte amach aici freisin ó Ollscoil Luimnigh. Faoi láthair, tá sí ag tabhairt faoi thráchtas dochtúireachta ina ndírítear ar an athmhúnlú, an t-athmhíniú agus an taibhléiriú a dhéantar ar amhráin dhúchasacha Ghaeilge in Éirinn agus in Albain i gcomhthéacs nua-aimseartha, ar bhonn teanga agus ceoil. Ina theannta sin, tá sí ag múineadh ar an gcúrsa Dioplóma (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) san Acadamh.
