Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 8: Bean an Fhir Rua le Máire Uí Dhroighneáin |
![]() |
Is as Cor na Rón Thiar, Indreabhán, í Máire Phíotair Uí Dhroighneáin ach tá sí ina cónaí ar an Tuar Beag sa Spidéal le blianta fada. Deir Máire gur óna máthair a fuair sí a cuid amhrán − Máire Nic an Ríogh Uí Chualáin as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua ó dhúchas. Cuimhníonn Máire go mbíodh a máthair i gcónaí ag canadh di féin le linn di a bheith ag déanamh obair an tí agus nuair a bhíodh na páistí á gcur a chodladh aici. Tá cuimhní ag Máire ar laethanta suairce a chaith sí ar an nGleann Mór i gcuideachta theaghlach ceolmhar a seanmháthar. Bhíodh a seanmháthair ag casadh ceoil ar an mileoidean, a haintín Bríd ar an mbosca ceoil agus ag damhsa chomh maith, na comharsana istigh agus ’chuile dhuine ag gabháil fhoinn agus ag damhsa. |
Ní raibh mórán suime riamh ag Máire a bheith páirteach i gcomórtais amhránaíochta agus níor sheas sí ar stáitse an Oireachtais ach ceithre huaire riamh. Cháiligh sí d’Oireachtas na bliana 1968 tar éis di an chéad duais a bhaint amach ag feis áitiúil, agus d’éirigh léi an dara háit a bhaint amach an bhliain sin i gComórtas na mBan. Bhain sí triail arís as i 1970 nuair a bhain sí amach an chéad áit i gComórtas na mBan agus an dara háit sa mhórchomórtas oscailte a dtugtar Corn Uí Riada anois air. Bhuaigh sí an chéad áit ag Oireachtas Chonnacht, agus tá duaiseanna éagsúla buaite aici ag éigsí agus ag fleánna ceoil ó shin.
Múineann Máire ranganna amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine óga faoi scáth an Ghaelacadaimh, agus múineann sí mic léinn fhásta freisin ó am go ham in Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Sa bhliain 2004, bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life ar Mháire mar aitheantas ar a bua amhránaíochta agus na blianta atá caite aici ag teagasc an tsean-nóis don aos óg.
Ceapadh Máire mar Amhránaí Cónaitheach Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2006, agus le linn a tréimhse ansin d’eagraigh sí agus theagasc sí ranganna amhránaíochta ar an sean-nós do ghrúpaí éagsúla ó chian is ó chóngar.
Tá aithne mhaith ar Mháire mar aisteoir sa sobaldráma Ros na Rún, agus is í páirt Mháire atá aici − Bean Pheadair Uí Chonghaile, a bhfuil siopa agus teach lóistín acu i Ros na Rún. Ghlac sí páirt Bhríd Thoirdhealbhaigh sa scannán agus freisin sa dráma stáitse a bunaíodh ar leabhar cáiliúil Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille.
Tá a glór le cloisteáil ar an téip Tógfaidh Me Mo Sheolta a d’eisigh an Gaelacadamh ar a bhfuil amhráin uaithi féin, ó Phat Phádraic Tom Ó Conghaile agus ó Phatsy Ó Ceannabháin, beannacht Dé leis. Cló Iar-Chonnachta a rinne an taifeadadh.
Amhrán é Bean an Fhir Rua a bhíodh le cloisteáil go han-choitianta i gConamara. Ba cheann de na hamhráin mhóra é agus chantaí é ag oícheanta ceoil sna tithe agus ar bhainiseacha. Bhí an-tóir ag Máire ar an leagan a bhí ag Seán ’ac Dhonncha, na Grásta go bhfaighe sé. Ba é scéal an amhráin mar a chuala Máire é gur mheall an Táilliúir a bhean ón bhFear Rua agus gur éalaigh siad lena chéile, cé go raibh beirt ghasúr aici leis an bhFear Rua. Bhí sé ráite gur chaill an Fear Rua a mheabhair agus a réasún agus nach n-aithneodh sé a bhean dá gcasfaí air í.
A Bhruinnill gan smál a bhfuil dealramh deas in do ghrua,
’Sé an buachaillín bán ab fhearr leatsa seal leat dá lua,
Ní cheilfidh mé ar chách fios an ábhair a bhfuil mé faoi ghruaim,
D’ainneoin feara fáil ’sí mo ghrá bán Bean an Fhir Rua.
Nuair a théimse thart síos bím i bpríosún ceangailte crua,
Boltaí ar mo chaola is na mílte glas as sin suas,
Ó thabharfainnse an sitheadh mar a thabharfadh an eala ar an gcuan,
Nó go sínfinn mo thaobh seal síos le Bean an Fhir Rua.
Tabhair litir uaim scríofa síos go baile chois cuain,
Chuig an gcailín deas caoin a bhfuil an chaor thré lasadh ’na grua,
Mar scriosfadh sí an Traoi is tá na míle fear léi dhá lua,
Ach nó go síntear mé i gcré ’sí mo chéad searc Bean an Fhir Rua.
Nár théigh mé den saol seo a choíche is nár chaill mé an greann,
Go mbeidh mise is mo mhian seal sínte faoi bharraí na gcrann,
Gan aon neach beo bheith inár ngaobhar ach coiligh fraoigh agus duilliúr na gcrann,
Is a’ Fear Rua a bheith sínte i gCill Bhríde agus leac ar a cheann.
Tá crann ins an ngairdín ar a bhfásann air duilliúr is bláth buí,
Nuair a leagaim mo láimh air nach láidir nach bpléascann mo chroí,
’Sé an sólás go bás is é fháil ó Fhlaithis anuas,
Aon phóigín amháin is í fháil ó Bhean an Fhir Rua.
