Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Diosca 2 - Rian 9: An Raibh Tú ar an gCarraig? le Seosamh Ó Flaithearta le Brendan Larrissey |
![]() |
Is as Gaeltacht Chonamara é Seosamh Ó Flaithearta. Rugadh agus tógadh é i gCoill Sáile i gCill Chiaráin ach tá sé ag cur faoi anois i Leamhchoill, Maigh Cuilinn le tamall de bhlianta anuas. Tá bliain agus fiche caite aige in Arm na hÉireann agus dhá thuras chun na Liobáine déanta aige leis na Fórsaí Cosanta. Is ar leic an teallaigh a d’fhoghlaim Seosamh a chuid amhránaíochta óna mháthair, a athair agus a ghaolta. Tá aithne mhaith freisin ar a dheartháir, Pádraig, mar amhránaí den chéad scoth. Is iomaí amhrán a d’airigh sé i dtús a shaoil ó Pheadar Ó hAllmhuráin, Joe John Mac an Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí, Dara Bán Mac Donnchadha agus Seán ’ac Dhonncha. Bhí fíormheas ag Seosamh ar a uncail − an múinteoir, an ceoltóir, an t-amhránaí agus an damhsóir cáiliúil, Stiofán Ó Cualáin − agus bhí an-tionchar aigesean ar a nia. |
Ghlac Seosamh páirt i léiriúcháin Thaibhdhearc na Gaillimhe i rith na mblianta sna hoícheanta ceoil, Fáilte agus Spraoi. Seinneann sé ceol agus iomainn go minic ag bainiseacha agus sochraidí mórthimpeall na tíre. Tá Dioplóma sa Cheol (MusDipEd) bainte amach aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá roinnt mhaith taifeadtaí déanta ag Seosamh le ceoltóirí eile ar a n-áirítear Ceol Inné, Ceol Inniu le Carl Hession, The Auld Plaid Shawl le Garry Ó Briain agus Aifreann Chaomháin le Charlie Lennon. Faoi láthair, tá sé ag obair agus ag taifeadadh a chnuasaigh amhrán agus cheoil féin i gcomhar le Brendan Larrissey; tá An Raibh Tú ar an gCarraig ar cheann de na hamhráin atá sa chnuasach sin.
Ó Dhún Dealgan, Co. Lú é an ceoltóir ildánach Brendan Larrissey agus tá sé ag cur faoi i gCo. na Gaillimhe lena bhean agus a chlann le scór bliain nó mar sin. Chaith sé blianta deiridh na n-ochtóidí ag casadh, ag taisteal agus ag taifeadadh le Dolores Keane agus John Faulkner, Rita agus Sara Keane, Gael Force agus an grúpa Arcady. Tá sé ina cheoltóir proifisiúnta ón uair a bhuaigh sé craobh shinsearach na hÉireann san fhidil i 1988. Tá dhá albam aonair eisithe aige: A Flick of the Wrist agus Up the Moy Road. Tá a scoil fidléireachta féin aige, The Galway Fiddle School, agus is liosta le háireamh na seaimpíní Uile-Éireann a theagasc sé.
Is é Seosamh Ó Flaithearta atá ag canadh ar an bpíosa seo agus ina theannta tá Brendan Larrissey ar an bhfidil, Shauna Davey ar an gcláirseach agus Eugene Kelly ar an bpianó agus na téada.
Baineann an t-amhrán An Raibh Tú ar an gCarraig le haimsir na bPéindlíthe, nuair a bhí na sagairt díbeartha ón tír agus an méid a d’fhan i mbaol a mbáis. Bhí cosc ar na Caitlicigh a gcreideamh a chleachtadh go hoscailte ach sháraídís féin agus an chléir an dlí agus deirtí an tAifreann in áiteanna rúnda, iargúlta. Cur síos meafarach atá san amhrán seo ar an Aifreann agus é á cheiliúradh faoi rún.
An raibh tú ar an gCarraig nó an bhfaca tú mé féin mo ghrá,
Nó an bhfaca tú gile agus finne agus scéimh na mná,
Nó an bhfaca tú an t-úll ba chumhra is ba mhilse bláth,
Nó an bhfaca tú mo Vailintín nó an bhfuil sí á cloí mar ’táim?
Do bhíos-sa ar an gCarraig is do chonaic mé féin do ghrá,
Do chonaic mé gile agus finne agus scéimh na mná,
Do chonaic mé an t-úll ba chumhra is ba mhilse bláth,
Do chonaic mé do Vailintín agus níl sí á cloí mar ’táir.
