Subhóró - Cumann Ealaíon na Ceathrún Rua
Tá
Subhóró
nó Cumann Ealaíon na Ceathrún Rua ag feidhmiú ar champas an Acadaimh i gcroílár an bhaile agus is ábhar mórtais dúinn an méid atá bainte amach againn san achar gearr ó bunaíodh an cumann. Ábhar mórtais chomh maith dúinn an t-ainm
Subhóró, comhfhocal nua a chum agus a cheap mac léinn ceolmhar dár gcuid tar éis dúinn comórtas a reáchtáil chun teideal nua a bhaisteadh orainn féin.
Jamáil! Airneán nua-aimseartha atá sa tsubh seo – teacht le chéile ag ceoltóirí agus, ar ndóigh, is iomaí amhrán ina gcloistear an ’t-óró’ ! Nach é Seán Ó Ríordáin a bheadh bródúil asainn! Agus mura bhfuil teacht le chéile anseo! Go mba fada buan iad, gach duine a rinne taifeadadh linn agus go gcúití Dia a gcarthanacht leo! Tá súil ag
Subhóró
go mbainfidh tú sásamh as a saothar.