Focal ón bPríomhfheidhmeannach |
Is iontach an t-ardú croí don duine an t-amhrán, an damhsa, an ceol agus an fhilíocht agus tá siad seo ar fad le cloisteáil ar an dlúthdhiosca seo a tharraingíonn cairde, foireann agus rannpháirtithe chúrsaí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ó cheann ceann na tíre le chéile.
Tá teanga agus ceol na hÉireann fite fuaite le chéile agus tá tarraingt tíre agus talaimh le blianta fada ar ionaid an Acadaimh le blaiseadh a fháil den dá sheoid seo nach féidir luach a chur orthu. Ní féidir luach ach oiread a chur ar an nádúr, an daonnacht agus an tallann a bhronn na healaíontóirí ar fad, a tháinig faoi scáth an Acadaimh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, go fial, go fáiltiúil agus go flaithiúil orainn i samhradh na bliana 2009.
Tá cumasú, spreagadh agus feabhsú shaol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar chuid de phríomhaidhmeanna Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ar leibheál eile is iad seo na cuspóirí céanna atá ag Fondúireacht Leighis agus Taighde na Leanaí in Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn. Táimid araon ag breathnú romhainn agus tiomanta don taighde a fheabhsóidh saol agus eispéaras an chomhluadair atá faoinár gcúram. Le tacaíocht ghnaíúil na rannpháirtithe, tá an tAcadamh ag cumasú na Fondúireachta le díriú ar a príomhsprioc: todhchaí agus sláinte na hóige - dhá sheoid eile nach féidir luach a chur orthu.
Peadar Mac an Iomaire.
Príomhfheidhmeannach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Lúnasa 2009