Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Focal ón Dr. Ríonach Uí Ógáin |
An bhfuil áilleacht ar domhan is deise ná an ceol agus na hamhráin? Is deacair a leithéid a shamhlú agus is cinnte go bhfuil seoid curtha ar fáil anseo dúinn. Is faide go mór ná an dá scór nóiméad agus céad a sheasfá sa sneachta ag éisteacht le
Subhóró. Tá scoth na bhfonnadóirí agus na gceoltóirí ann. Cloistear an sean agus an nua.
Tá leaganacha nua port maille le hamhráin atá curtha ina ndúiseacht arís ar na dlúthdhioscaí. San am céanna, is ó ghlúin go glúin atá cuid mhór de na hamhráin agus den cheol chugainn agus fios againn go bhfuil cuid acu atá na céadta bliain i dtraidisiún ceoil agus amhrán seanbhunaithe na nGaeltachtaí. Ach tá úire ag roinnt leis na taifeadtaí. Cuid de na fonnadóirí agus na ceoltóirí, is daoine iad a raibh cáil na fonnadóireachta agus an cheoil ar a muintir rompu.
Cuid acu, freisin, tá a gcáil féin bainte amach acu. Cuid eile is ag tosú amach ar bhóthar an tsiansa atá siad. Tá an-rogha ceoil, amhrán, amhránaithe, ceoltóirí agus canúintí le cloisteáil agus iad taobh le taobh mar a bhíonn i saol an tradisiúin bheo. Agus ar ndóigh, tá gnéithe den saol ar fad sna hamhráin. Is fíor, cinnte, go bhfuil ’goltraí, geantraí agus suantraí’ ann. Anuas ar an spraoi agus scléip a bhaineann le togra den chineál seo, bíonn an-iarracht agus obair i gceist lena leithéid, go háirithe le foilseachán ar ardchaighdeán faoi mar atá cruthaithe anseo. Is iontach go deo gur sa Spidéal a rinneadh an taifeadadh. Is cinnte gur ceart do na ceoltóirí agus na fonnadóirí , agus do chuile dhuine a ghlac páirt anseo, a bheith bródúil astu féin agus déanaim comhghairdeas croí libh ar fad. I ngeall ar fheabhas an togra agus an chur i láthair ba rídheacair tosaíocht a thabhairt do dhuine nó do ghrúpa ar leith. Is iomaí maitheas a dhéanfaidh an togra ar leibhéal ealaíon go logánta agus i bhfad ó bhaile agus ar leibhéal praiticiúil ag cabhrú le hOspidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn. Cuireadh féasta ar fáil. Ná hiarrtar ina dhiaidh é.
