Academic Records and Registration
BILEOG EOLAIS – do MHIC LÉINN Dioplóma Iarchéime / Ard-Dioplóma / LLB amháin
Eolas maidir le Bronnadh Céime
An Foirm
Ní mór do gach mac léinn ar mian leis/léi freastal ar an searmanas Bronnadh Céime i nDeireadh Fómhair
a dheimhniú go mbeidh siad i láthair.
Chun a dheimhniú go mbeidh tú i láthair, líon an fhoirm Freastal Bronnadh Céime ar líne ag www.nuigalway.ie/conferring
Is é an spriocdháta leis an bhfoirm Freastal Bronnadh Céime a líonadh
Dé hAoine, an 31 Lúnasa 2012.
Glacfar leis an deimhniú ach do chéim a bheith críochnaithe go sásúil agat.
Dátaí / Amanna na Searmanas
Tá dátaí/amanna na Searmanas le feiceáil ar láithreán gréasáin Bhronnadh na gCéimeanna.
Ní féidir an bronnadh a chur siar ná an dáta a athrú.
Beidh gach searmanas ar siúl i Halla Bailey Allen agus maireann siad idir uair agus uair go leith go hiondúil.
Fiacha
Má bhíonn airgead le híoc ag mac léinn leis an Ollscoil ní bheidh cead aige/aici dul ag an mbronnadh go mbeidh an t-airgead íoctha. Caithfear fiacha a íoc
30 lá ar a laghad roimh an mbronnadh, ionas go mbeidh cead agat dul ag an mbronnadh.
Seoladh
Is é an seoladh a chuirfidh tú ar an bhfoirm an seoladh a úsáidfear le ticéid a sheoladh chugat don bhronnadh. Mura mbeidh tú i láthair, seolfar an pár chuig an seoladh seo.
Ticéid
Ach tú a bheith cláraithe don searmanas, seolfar ticéid chugat 2-3 seachtaine roimh an searmanas. Gheobhaidh tú ticéid do cheathrar aíonna. Faraor ní féidir ticéid bhreise a thabhairt do dhuine ar bith.