Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Má tá ceist ar bith agat faoi na rialacháin seo féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise
D’fhonn tacú lena misean teagaisc agus taighde, soláthraíonn OÉ Gaillimh rochtain ar acmhainní ríomhaireachta do mhic léinn, do chomhaltaí foirne agus do alumni na hOllscoile bunaithe ar cibé acmhainní a bheidh ar fáil. Pribhléid atá ag pobal na hOllscoile rochtain a bheith acu ar áiseanna ríomhaireachta na hOllscoile. Forchoimeádann an Ollscoil an ceart pribhléidí ríomhaireachta a theorannú, a shrianadh nó a leathnú mar aon le rochtain ar acmhainní eolais na hOllscoile a theorannú, a shrianadh nó a leathnú.
Is ann d’acmhainní ríomhaireachta na hOllscoile le cabhrú le hobair chomhaltaí foirne agus mhic léinn OÉ Gaillimh agus/nó chun críche oideachais, oiliúna nó taighde. Níl sé ceadmhach acmhainní ríomhaireachta nó líonra a úsáid do chúrsaí tráchtála nó d’úsáid shuntasach phearsanta.
Ionas gur féidir córas slán, éifeachtach agus iontaofa ríomhaireachta agus líonra a sholáthar teastaíonn comhoibriú na n-úsáideoirí uile a bhfuil de fhreagracht orthu na hacmhainní a úsáid go freagrach, meas a bheith acu ar shláine na gcóras ríomhaireachta, líonraí agus sonraí a bhfuil rochtain acu orthu.
Ní bheidh aon duine i dteideal sláine, feidhmíocht nó iontaofacht trealamh ríomhaireachta, bogearraí agus faisnéis stóráilte ar bith eile de chuid na hOllscoile a chur i mbaol.
Iarrtar ar úsáideoirí na céimeanna cuí a ghlacadh le sláine Chóras Ríomhaireachta OÉ Gaillimh a chinntiú. D’fhéadfaí an tsláine seo a chur i mbaol mura dtugann úsáideoirí aird ar réamhchúraimí i gcoinne bogearraí mailíseacha (e.g. cláir víreas ríomhaireachta).
Níl sé ceadmhach d’úsáideoirí gníomhartha ar bith a dhéanamh a tharraingíonn droch-cháil ar ainm OÉ Gaillimh.
Cé go bhféadfadh cumas a bheith agat gníomh a dhéanamh, ní thugann sé sin le fios go bhfuil an gníomh sin inghlactha.
Níl sé ceadmhach acmhainní ríomhaireachta nó líonraithe OÉ Gaillimh a úsáid do ghníomh ar bith a bhfuil sé mar aidhm leis:
Sa chomhthéacs seo, is ionann “bogearraí” agus cláir, gnáthaimh, nósanna imeachta agus an doiciméadú a ghabhann leo, is féidir a úsáid ar ríomhchóras, ríomhairí pearsanta agus stáisiúin oibre san áireamh. Ní féidir bogearraí agus/nó faisnéis a chuireann OÉ Gaillimh ar fáil a úsáid ach mar chuid de dhualgais an úsáideora mar chomhalta OÉ Gaillimh nó chun críche oideachais. Comhaontaíonn an t-úsáideoir cloí leis na comhaontuithe ceadúnaithe uile a bhaineann leis na bogearraí ar ghlac an Ollscoil leo i dteannta páirtithe eile.
Geallann an t-úsáideoir gan an cóipcheart a bhaineann le doiciméadú nó le bogearraí ar bith a shárú. Chuige sin, ní chóipeálfar ná ní úsáidfear aon bhogearraí, aon sonraí nó aon fhaisnéis nach soláthraíonn nó nach gcruthaíonn an t-úsáideoir go pearsanta agus a d’fhéadfadh a bheith ar fáil trí úsáid a bhaint as acmhainní ríomhaireachta nó cumarsáide gan chead OÉ Gaillimh, nó úinéir na mbogearraí, na sonraí nó na faisnéise.
D’fhonn áiseanna ríomhaireachta OÉ Gaillimh a úsáid ní mór go mbeadh duine údaraithe ar dtús. Trí chlárú san Ollscoil tugtar cead duit cuid nó áiseanna uile ríomhaireachta agus líonraithe na hOllscoile a úsáid. Mar chuid den phróiseas clárúcháin, gheobhaidh gach duine pasfhocal nach mbeidh le húsáid ach ag an duine atá ag clárú leis an Ollscoil. Ní mór go mbeadh na pasfhocail a roghnaítear ag cloí le dea-chleachtas pasfhocail.
Ní féidir úsáid neamhúdaraithe nó iarracht úsáid neamhúdaraithe a bhaint as acmhainní ríomhaireachta nó líonraithe a thugtar do dhuine éigin eile. Tá an t-úsáideoir freagrach agus cuntasach as na gníomhaíochtaí uile a chuirtear i gcrích faoina (h)ainm úsáideora. Níor cheart an pasfhocal a bhaineann le hainm úsáideora áirithe a insint do dhuine ar bith eile. Níl sé ceadmhach iarracht a dhéanamh rochtain a fháil air nó úsáid a bhaint as cuntas úsáideora, mura bhfuil a leithéid údaraithe ag an úsáideoir. D’fhéadfadh iarrachtaí den sórt sin an tAcht um Dhamáiste Cóiriúil (1991) a shárú.
Éilíonn an Ollscoil go gcomhlánaítear Foirm Chlárúcháin Nóid, atá ar fáil ó Sheirbhísí Ríomhaireachta, don trealamh ríomhaireachta ar fad atá ceangailte le Líonra na hOllscoile. Ní mór don Cheann Roinne agus más cuí, comhalta buan den fhoireann, an fhoirm seo a shíniú.
Baineann feidhm leis an gcód iompraíochta thuas go háirithe i ndáil leis na hacmhainní leictreonacha cumarsáide atá á soláthar ag OÉ Gaillimh. Is ann d’acmhainní den sórt seo le cabhrú le hobair chomhaltaí foirne nó mhic léinn OÉ Gaillimh agus/nó chun críche oideachais, oiliúna nó taighde. Níl sé ceadmhach ríomhphost a úsáid do chúrsaí tráchtála nó d’úsáid shuntasach phearsanta. Ní mór a bheith cúramach agus a chinntiú nach dtarchuirtear nó ná gcóipeáiltear comhad, doiciméad nó bogearraí ar bith a sháraíonn cóipcheart nó cearta maoine intleachtúla. Má tá ríomhphoist á seoladh chun tuairimí pearsanta seachas tuairimí Ollscoile a chur in iúl, ba cheart d’úsáideoirí séanadh á chur seo in iúl a áireamh sa teachtaireacht ríomhphoist.
Úinéireacht: Is maoin de chuid OÉ Gaillimh iad na cuntais ríomhphoist ar fad a choimeádtar ar na córais ríomhphoist. Spreagann an Ollscoil úsáid a bhaint as ríomhphost agus léirítear meas i gcónaí ar phríobháideacht daoine eile. Ní gnách leis an Ollscoil iniúchadh, monatóireacht nó teachtaireachtaí leictreonacha a nochtadh gan toiliú an úsáideora a fháil. Féadfaidh Stiúrthóir Sheirbhísí Ríomhaireachta nó ainmní ar a shon rochtain a fháil ar chuntas úsáideora, gan toiliú an úsáideora, más gá déanamh amhlaidh de réir dlí nó sa chás go bhfuil fianaise réasúnta ann go bhfuil dlí nó polasaí Ollscoile sáraithe nó sa chás go dteipeann ar dhuine déanamh amhlaidh go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’fheidhm riaracháin na hOllscoile nó cumas na hOllscoile a cuid oibleagáidí teagaisc nó taighde a chomhlíonadh. Cuirfear a leithéid sin de ghníomh in iúl d’úsáideoirí, rud atá ag teacht leis an dlí agus atá comhsheasmhach le polasaithe eile Ollscoile, a luaithe a bheidh deis ann.
Monatóireacht Faisnéise: Ba cheart go dtuigfeadh úsáideoirí, le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh, go mbíonn ar chomhaltaí áirithe d’fhoireann Sheirbhísí Ríomhaireachta, iad siúd a fheidhmíonn agus a thacaíonn le háiseanna leictreonacha cumarsáide (ríomhphost agus rochtain idirlín), tarchur a mhonatóiriú nó súil a choinneáil ar fhaisnéis áirithe trasghníomhaíochta d’fhonn a chinntiú go bhfeidhmíonn na córais mar is cuí. I gcásanna den sórt seo agus i gcásanna eile nach iad, féadfaidh siad breathnú gan chuimhneamh ar an ábhar atá le fáil i gcumarsáid leictreonach. Seachas mar a fhoráiltear de réir dlí nó de réir an pholasaí seo, ní ceadmhach dóibh éisteacht le cumarsáid leictreonach, breathnú uirthi nó í a léamh d’aon turas, nó breathnú ar fhaisnéis trasghníomhaíochta nach mbaineann leis an gcuspóir luaite roimhe seo, nó ar shlí ar bith eile a bhfuil cloiste, feicthe nó léite acu a nochtadh.
Príobháideacht: Eisceacht amháin a bhaineann leis seo is ea nuair a éilítear ar phearsanra Sheirbhísí Ríomhaireachta ábhar cumarsáide leictreonaí a scrúdú nuair a bhíonn ríomhphost dosheachadta nó eile á atreorú nó á dhiúscairt nó do thaifid trasghníomhaíochta. Déantar iniúchadh dosheachanta ar bith den sórt seo gan phríobháideacht a shárú a mhéid is féidir. Tá an díolúine seo faoi réir na rialach céanna a bhaineann le neamhnochtadh a mhéid a bheidh riachtanach, de mheon macánta, chun an chumarsáid leictreonach dhosheachadta a sheachadadh chuig an bhfaighteoir beartaithe.
Seachas mar a fhoráiltear thuas, ní chuardóidh pearsanra Sheirbhísí Ríomhaireachta aon chumarsáid leictreonach nó logaí idirbhirt chun sárú ar an dlí nó ar pholasaí a aimsiú. Sa chás go dtugann pearsanra Sheirbhísí Ríomhaireachta faoi deara gur sáraíodh an dlí nó an polasaí le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, cuirfidh siad a leithéid in iúl do Stiúrthóir Sheirbhísí Ríomhaireachta.
Cúltaca faisnéise: Coimeádtar cúltaca de na freastalaithe lárnacha go rialta agus é mar aidhm a bheith in ann an t-eolas a aischur go tapa agus go hiomlán i gcás tubaiste agus mar thoradh air seo stóráiltear agus coinnítear cóipeanna de chomhaid agus de logaí ríomhphoist, comhsheasmhach le polasaí cúltaca Sheirbhísí Ríomhaireachta a fhoilsítear leis féin.
Rúndacht: Ar neamhaird don leibhéal cosanta a sholáthraítear do chumarsáid idirlín, ní féidir rúndacht a dhearbhú. D’fhéadfaí rúndacht a chur i mbaol trí: dlí nó polasaí, lena n-áirítear an polasaí seo, trí athdháileadh neamhbheartaithe nó trí neamhdhóthanacht teicneolaíochtaí reatha cosaint a sholáthar i gcoinne rochtain neamhúdaraithe. Dá réir sin, ba cheart d’úsáideoirí a bheith ríchúramach le linn dóibh cumarsáid idirlín a úsáid chun ábhar rúnda nó íogair a tharchur. Gné bhunúsach a bhaineann le ríomhphost is ea nach féidir seachadadh nó rúndacht a chinntiú. Dá bhrí sin, ní féidir leis an Ollscoil glacadh le haon dliteanas as seachadadh nó as rúndacht i ndáil le teachtaireacht ar bith a sheoltar ó nó chuig an Ollscoil.
Gnáthamh Monatóireachta: Ba cheart go mbeadh a fhios ag comhaltaí foirne go gcoinníonn an Ollscoil logaí den rochtain idirlín uile trí sheachfhreastalaí chun críche anailís staitistiúil a dhéanamh ar thrácht Idirlín na hOllscoile. I measc na logaí a choinnítear tá sonraí aitheantóra an ríomhaire ag a bhfuil rochtain Idirlín, aitheantas an tsuímh atá á rochtain agus na sonraí atá á dtarchur. Coinnítear na logaí seo ar feadh míosa agus coinnítear as líne iad freisin de bhua ár bpolasaí cúltaca. D’fhéadfaí a iarraidh ar Sheirbhísí Ríomhaireachta a leithéid sin de logaí a nochtadh sa chás go sáraítear an dlí nó trí ordú cúirte.
Faisnéis faoi Dhaoine Aonair: Ní cheadóidh Seirbhísí Ríomhaireachta ach suíomhanna a nochtadh a mbíonn rochtain ag an duine aonair orthu gan toiliú Sheirbhísí Ríomhaireachta nuair a theastaíonn sé agus comhsheasmhach leis an dlí, sa chás go bhfuil fianaise réasúnta ann go bhfuil dlí nó polasaí Ollscoile sáraithe nó má theipeann ar dhuine a leithéid a dhéanamh d’fhéadfadh sé tionchar a imirt ar fheidhmíocht riaracháin na hOllscoile nó a chinntiú go gcomhlíonann an Ollscoil a dualgais teagaisc nó taighde. Is é Stiúrthóir Sheirbhísí Ríomhaireachta a cheadóidh a leithéid sin de nochtadh.
D’fhéadfadh daoine a sháraíonn an cód iompraíochta seo a bheith faoi réir nósanna imeachta araíonachta OÉ Gaillimh agus/nó nósanna imeachta coiriúla.
Meán Fómhair 2003
Má tá ceist ar bith agat faoi na rialacháin seo féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise
