Tá ról ríthábhachtach ag an gComhairle Acadúil maidir le treo acadúil na hOllscoile a leagan síos. Cuireann an Chomhairle Acadúil comhairle ar Údarás na hOllscoile maidir le gnóthaí acadúla, trí thuarascálacha foirmiúla rialta don Údarás.

Táthar ag déanamh athbhreithniú ar bhallraíocht na Comhairle Acadúla ionas go mbeadh  an Ollscoil ag teacht leis an gceanglas cothromaíochta inscne 40% ar gach Coiste.

Déantar foráil sa chomhdhéanamh athbhreithnithe do bhallraíocht ar bhonn Coláiste, le hionadaithe ar fud na ngrád acadúil go léir, lena n-áirítear gráid Iardhochtúireachta, Léachtóirí, Léachtóirí Sinsearacha agus gráid Ollúna, chomh maith le Cinn Scoile agus mic léinn; 100 comhalta san iomlán atá i gceist anseo, mar aon le ballraíocht Ex Officio lena n-áirítear Leas-Uachtaráin, Stiúrthóirí na nAonad Tacaíochta Acadúla agus Déin.

Tá sraith toghchán á heagrú anois chun an 100 comhalta ó na Coláistí a thoghadh.

Sceideal do Thoghcháin na Comhairle Acadúla:

Dátaí

Gníomh

2 Bealtaine

Eiseoidh Déin na gColáistí gairm ar ainmniúcháin ó na cohóirt ábhartha foirne

11 Bealtaine ar 12pm

Ní ghlacfar le hainmniúcháin a thuilleadh

21 Bealtaine

An spriocdháta chun go dtarraingeodh iarrthóir ar bith a (h)ainmniúchán siar

Seachtain an 21 Bealtaine

Na hiarrthóirí i mbun stocaireachta

Dátaí na dToghchán

Dé hAoine, an 25 Bealtaine, 10am-12pm agus 2pm-4pm

Dé Luain, an 28 Bealtaine, 10am-12pm agus 2pm-4pm

Dé Máirt, an 29 Bealtaine, 10am-12pm agus 2pm-4pm

30 Bealtaine ar 2pm

Cuirtear tús leis na Comhairimh Thoghcháin go poiblí

31 Bealtaine

Fógrófar na daoine atá le hainmniú ag na Coláistí de bharr a dtofa (cuirfear scéala chuig na buaiteoirí ar dtús)

  • Íoslódáil foirm ainmniúcháin an Choláiste anseo

  • Féach ar an mBileog Eolais a bhaineann le Ról na Comhairle Acadúla anseo

  • Féach ar na Nósanna Imeachta a bhaineann le Toghcháin na Comhairle Acadúla anseo

Toghcháin na Comhairle Acadúla