Oifig an Sparánaí
Is é an aidhm atá leis an leathanach seo léargas a thabhairt ar ról na hoifige seo agus ar an réimse gníomhaíochtaí a bhfuil freagracht uirthi ina leith. Is féidir tuairimí nó moltaí a bhaineann leis an suíomh seo a sheoladh ar ríomhphost chuig:
sparanai
nuigalway.ie
Tá oifig an Sparánaí lonnaithe i seomra A219 sa Chearnóg – féach ar na
Léarscáileanna den Champas atá idirghníomhach chun láthair bheacht na hoifige agus áiseanna páirceála a aimsiú.
Ról Reachtúil
Is é ról reachtúil an Sparánaí gníomhú mar Phríomhchomhairleoir Airgeadais don Uachtarán, d’Údarás na hOllscoile agus do Choiste Acmhainní Airgeadais na hOllscoile agus a bheith freagrach as Pleanáil Airgeadais agus Bainistíocht Airgeadais na hOllscoile agus as ábhair a bhaineann leis sin, i gcomhréir le cinntí Údarás na hOllscoile.
An Sparánaí: Mary Dooley (FCA MBA)
Ceapadh Mary Dooley ina Sparánaí ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag deireadh 1993. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Mary, is Comhalta í d’Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn, agus is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, í. Bhí sí fostaithe i bpoist ardbhainistíochta in earnáil an oideachais, na sláinte, na cógaisíochta agus na siamsaíochta, agus d’oibrigh sí do Ryan Hotels Plc, Warner Communications Inc., Bristol Myers Inc., Ospidéal San Séamus agus OÉ Gaillimh. Bhí sí ina comhalta boird agus ina cathaoirleach ar choistí iniúchóireachta i bhfiontair phríobháideacha agus phoiblí araon - eagraíochtaí carthanachta, cultúrtha agus tráchtála, ina measc.
Sonraí Teagmhála:
|
An Sparánaí
|
|
Mary Dooley (FCA MBA)
|
| Seomra A219, An Chearnóg, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. |
|
Teil: 353 91 492130 Folíne: 2130 Facs: 353 91 524850
|
r-phost:
sparanai nuigalway.ie |
| |
| |
|
Bainisteoir Riaracháin
|
| Delia Boyce
|
| Seomra A219, An Chearnóg, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. |
|
Teil: 353 91 492130, Folíne: 2130 Facs: 353 91 524850
|
r-phost:
delia.boyce nuigalway.ie |