Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Bí cinnte den mhéid a theastaíonn.
Deir Oifig Iontrálacha Iarchéime OÉ Gaillimh, mar shampla, “mura luaitear a mhalairt, ní mór d’iarratasóirí ar chláir theagasctha amháin (i.e. ní bhaineann seo le hiarratasóirí taighde) ráiteas pearsanta clóscríofa ina bhfuil thart ar 600 focal a chur isteach ina míníonn tú an chúis a bhfuil tú ag iarraidh tabhairt faoin gclár (faoi na cláir) is rogha leat, agus achoimre a thabhairt ar an mbealach a luíonn sé le do chuid spriocanna gairme”.
Is féidir leat tosú trí do chuid smaointe a bhailiú maidir le gnéithe tábhachtacha den phost/de na poist atá i gceist ar http://www.prospects.ac.uk/ in ’Explore types of job section’ agus faigh liosta de na hinniúlachtaí cuí sa rannóg maidir le riachtanais iontrála.
Tugann ráiteas pearsanta deis duit tréithe a bhaineann leat féin agus le do chúlra a lua, tréithe nach léir iad ón gcuid eile den iarratas. Is deis an ráiteas seo lena léiriú go bhfuil an tiomantas agus na cáilíochtaí agat le hoibriú nó le tuilleadh staidéir a dhéanamh i do rogha réimse. Is ráiteas pearsanta é, ní píosa oibre acadúil ná CV é. Is féidir glacadh le forainmneacha pearsanta. Ní mholtar duit "mé" a bheith i ngach abairt, ar ndóigh, agus níor cheart go mbeadh sé ann rómhinic. Ach ná bíodh drogall ort tú féin a mholadh!
Caithfidh tú fianaise a thabhairt go bhfuil na riachtanais chuí agat ar bhealach spéisiúil, údarach, gonta, struchtúrtha agus pearsanta.
.
Layout
Pleanáil struchtúr an ráitis phearsanta agus roinn ina ’chodanna’ é. Beidh réamhrá agus conclúid uait, ar ndóigh. Níl aon treoirphlean ann leis an scothráiteas pearsanta a scríobh – ach d’fhéadfá smaoineamh ar chodanna a dhíriú ar na hábhair seo a leanas:
Tá sé thar a bheith tábhachtach fianaise a chur leis na ráitis. Má deir tú gur thaitin modúl ar leith leat, mar shampla, soiléirigh na gnéithe de a thaitin leat; má dhéanann tú tagairt do thaithí ar leith inis a bhfuil bainte amach agat agus a bhfuil foghlamtha agat; má thagraíonn tú do nithe a bhfuil spéis agat iontu taobh amuigh den choláiste agus do thaithí taobh amuigh den choláiste luaigh a mhéad bainte a bhí agat iontu.
Bailigh do chuid smaointe ar dtús, faigh cabhair agus aiseolas ó fhoinsí éagsúla agus scríobh an t-iomlán síos.
Ná bí ag moilleadóireacht! Scríobh an chéad dréacht agus beidh tú níos sásta leat féin láithreach. Is fearr píosa scríofa a athrú agus a fhorbairt ná a bheith ag caint agus ag déanamh imní faoi roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann.
Scríobh an réamhrá ag an deireadh. Ná tosaigh le “Is mise ...” Caith beagán ama ag obair ar an gcéad abairt – d’fhéadfá tosú le tagairt nó le pointe spéisiúil. Tá gach abairt tábhachtach, gearr amach aon rud atá leadránach nó nach mbaineann le hábhar.
Is annamh a fheiceann tú do chuid botún cló féin. Déan dréacht a phriontáil agus tabhair do bheirt eile ar a laghad é a dhéanfaidh é a phrofáil lena chinntiú nach bhfuil aon earráidí litrithe ná gramadaí ann. Is maith an rud é a léamh os ard go bhfeicfidh tú an moillíonn sé an léitheoir - bíodh sé furasta a léamh.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh cabhrach?
Dóibh siúd atá ag déanamh iarratais ar choláistí sa Ríocht Aontaithe trí UCAS, tá cabhair chuimsitheach le fáil ar a láithreán gréasáin www.ucas.com/students/startapplication/apply/personalstatement. Tá leabhair ar fáil chomh maith sa Seomra Eolais, leithéidí ’Applying to UCAS’, ’Applying for Veterinary Courses’, ’Applying for Medicine Courses’, ’Writing a Personal Statement’.
Dóibh siúd atá ag déanamh iarratais ar choláistí i Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá rannóg sa Seomra Eolais faoi oibriú/staidéar i Meiriceá Thuaidh.
Cuimhnigh go seiceálfaidh ollscoileanna ráitis phearsanta agus aistí iontrála ar eagla go mbeadh bradaíl iontu. Tá go leor samplaí le fáil ar líne agus is mór an chabhair iad le smaointe a fháil ó thaobh struchtúir etc., ach molaimid, agus tú ag scríobh do ráitis phearsanta féin go dtosófá le ’scláta glan’ agus gur ar do thaithí phearsanta féin a bhunófá é.
.
Useful links
UCAS Personal Statement information
Teacher Development Agency Applications section
GTTR Personal Statement information
