Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Is iad príomhchuspóirí na hOllscoile eolas agus tuiscint a scaipeadh agus a chur chun cinn trí theagasc, taighde, staidéar agus díospóireacht réasúnach.
Glactar leis go ndíreoidh aon mhac léinn a chláróidh ar chúrsa Ollscoile ar bith aird ar chuspóirí na hOllscoile, agus bítear ag súil leis gur duine aonair freagrach a bheidh i ngach mac léinn mar chomhalta de phobal na hOllscoile agus go n-iompróidh sé/sí é/í féin mar is cuí.
Treoirlínte atá i gCód Iompraíochta na Mac Léinn maidir le gnáth-iompar, treoirlínte a thagann leis na hoibleagáidí atá ar mhic léinn, ach sa chás go leagtar síos riachtanais níos mionsonraithe, tá siad le fáil ar láithreán gréasáin na hOllscoile. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir le Mic Léinn na hOllscoile pribhléid a éileamh maidir le dlí ginearálta na tíre.
Beidh mic léinn a sháraíonn an Cód seo nó rialacháin Ollscoile ar bith faoi dhliteanas smachtbhannaí a fhorchur orthu.
I dtéarmaí ginearálta, bítear ag súil leis san Ollscoil go n-iompróidh mic léinn iad féin ar shlí a chinnteoidh go bhféadfaidh an Ollscoil a hoibleagáidí dlíthiúla, reachtúla agus conarthacha a chomhlíonadh, agus go gcaitear le gach comhalta foirne le dínit agus le meas, go mbaintear úsáid chuí as maoin agus as áiseanna na hOllscoile agus go gcothaíonn gníomhaíochtaí na mac léinn laistigh agus lasmuigh den champas dea-ainm na hOllscoile. Tabharfaidh an Ollscoil aird mar is cuí ar cheart saoirse cainte mac léinn laistigh den dlí agus de réir beartais chuí Ollscoile.
Is é freagracht phearsanta an mhic léinn aonair aird a thabhairt ar an gCód, agus is é freagracht na n-oifigeach ceaptha aird a thabhairt ar an gCód chomh fada is a bhaineann le grúpaí aitheanta.
Déileálfar le sárú ar cheann ar bith de rialacháin na hOllscoile bunaithe ar an nós imeachta ceadaithe cuí Ollscoile nó faoin Nós Imeachta Araíonachta mar atá sonraithe i gCuid 6.0 anseo thíos. Tá dualgas ar gach mac léinn comhoibriú leis na nósanna imeachta araíonachta atá sonraithe anseo thíos. Meastar gur sárú ar Chód Iompraíochta na Mac Léinn é teip comhoibriú nó fíneáil a íoc nó smachtbhanna araíonachta forchurtha i ndáil le sárú araíonachta a chomhlíonadh (faoi réir aon cheart achomhairc infheidhme).
Gan dochar a dhéanamh do ghinearáltacht a bhfuil thuasluaite aithnítear anseo thíos roinnt samplaí sonracha de sháruithe ar an gCód seo:
Tugann iompar mac léinn sa phobal ginearálta léargas ar an Ollscoil agus déileálfaidh an Ollscoil le gearán a dhéanann baill den phobal leis an Ollscoil maidir le hiompar mac léinn faoi Chód Iompraíochta na Mac Léinn. Go háirithe, tá dualgas ar mhic léinn iad féin a iompar ar shlí nach dtarraingeoidh droch-cháil ar an Ollscoil lasmuigh de thailte na hOllscoile. Áiríonn sé seo, cé nach bhfuil sé teoranta dó seo amháin, áit chónaithe mic léinn agus i rith tréimhse socrúchán oibre, tréimhse obair allamuigh nó tréimhse cleachtadh cliniciúil.
Más ábhar imscrúdú coiriúil é mac léinn nó má tá imeachtaí coiriúla ar feitheamh ina leith nó má aimsíodh go ndearna sé/sí cion coiriúil, féadfaidh an Ollscoil tús a chur le, leanúint le agus/nó nós imeachta araíonachta a chur ar fionraí de réir mar a oireann di. In imthosca den sórt sin, féadfaidh an Ollscoil an mac léinn i gceist a chur ar fionraí de réir an nóis imeachta atá sonraithe ag 6.3 thíos ar feitheamh thoradh an phróisis choiriúil agus/nó an nóis imeachta araíonachta.
Údaráis Araíonachta
Údarás Ainmnithe: Tugann an Ollscoil údarás laethúil do chomhaltaí foirne áirithe déileáil le cothú oird agus araíonachta ina sainréimsí feidhme, e.g. Cinn Feidhme, an Fhoireann Slándála etc.
Is Údarás Ainmnithe gach duine de na comhaltaí foirne sin chun ord a chothú go ginearálta san Ollscoil agus chun críche an Chóid seo.
Oifigeach Araíonachta: Beidh Oifigeach Araíonachta ann, arna cheapadh ag an Uachtarán ó am go ham, a mbeidh sé de dhualgas air/uirthi déileáil go hachomair le sáruithe ar an gCód a thugtar os a c(h)omhair nó an cheist a chur faoi bhráid Choiste Araíonachta na hOllscoile.
An Coiste Araíonachta: Beidh Coiste Araíonachta ann a mbeidh sé d’fheidhm aige déileáil le haon cheist a chuirfidh an tOifigeach Araíonachta faoina bhráid agus feidhmiú mar bhord achomharc maidir le hachomhairc i gcoinne chinneadh an Oifigigh Araíonachta nó údaráis ainmnithe maidir le nithe a chumhdaítear faoi rialacha nó faoi rialacháin eile na hOllscoile. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Choiste Araíonachta má dhéantar an cinneadh sin nuair a bheidh an Coiste Araíonachta ag feidhmiú mar bhord achomharc.
An Bord Achomharc: Beidh Bord Achomharc ann a mbeidh sé d’fheidhm aige déileáil le hachomhairc ar chinntí an Choiste Araíonachta nuair nach mbeidh an Coiste Araíonachta féin ag feidhmiú mar bhord achomharc.
Ballraíocht
Ainmneoidh an Chomhairle Acadúil painéal de dhá dhuine dhéag ar feadh ceithre bliana, agus cinnteoidh sí go mbeidh dóthain daoine ar an bpainéal a bheidh in ann cás a phlé trí Ghaeilge.
Ceapfaidh an Meabhránaí & Uachtarán Ionaid daoine ón bpainéal seo ar an gCoiste Araíonachta agus ar an mBord Achomharc agus beidh na daoine seo in oifig ar feadh ceithre bliana de ghnáth.
Seo a leanas an leagan amach a bheidh ar an gCoiste Araíonachta:
Cathaoirleach, ceaptha ag an Uachtarán.
Triúr de chomhaltaí Chomhaltas na Mac Léinn, ainmnithe ag Comhaltas na Mac Léinn.
Ceathrar a roghnóidh an Meabhránaí & Uachtarán Ionaid ón bpainéal a ainmneoidh an Chomhairle Acadúil.
Is mar seo a leanas a bheidh an Bord Achomharc comhdhéanta:
Cathaoirleach, ceaptha ag an Uachtarán.
Beirt a roghnóidh an Meabhránaí & Uachtarán Ionaid ón bpainéal a ainmneoidh an Chomhairle Acadúil.
Beirt de chomhaltaí Chomhaltas na Mac Léinn, ainmnithe ag Comhaltas na Mac Léinn.
Comhalta seachtrach d’Údarás na hOllscoile, ceaptha ag an Uachtarán.
Sa chás nach bhfuil Cathaoirleach an Choiste Araíonachta nó an Bhoird Achomharc in ann déileáil le cás i nGaeilge, ceapfaidh an tUachtarán Cathaoirleach chun cás a éisteacht trí Ghaeilge. Má fhionntar go bhfuil Cathaoirleach an Choiste Araíonachta nó an Bhoird Achomharc luaite le gné ar bith den chás a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air, ainmneoidh an tUachtarán Cathaoirleach ad hoc ó chomhaltaí na Comhairle Acadúla.
Sa chás nach bhfuil ainmní na Comhairle Acadúla ar an gCoiste Araíonachta nó ar an mBord Achomharc in ann déileáil le cás i nGaeilge, ceapfaidh an Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid duine ón bpainéal a ainmneoidh an Chomhairle Acadúil chun cás sonrach a éisteacht trí Ghaeilge.
Sa chás nach bhfuil ionadaí ó Chomhaltas na Mac Léinn ar an gCoiste Araíonachta nó ar an mBord Achomharc in ann déileáil le cás i nGaeilge, ceapfaidh Comhaltas na Mac Léinn ionadaí a éistfidh an cás trí Ghaeilge.
Ní bheidh aon duine ar gearánach nó ar cosantóir é/í i sárú líomhnaithe áirithe i dteideal feidhmiú mar chomhalta de cheann ar bith de na comhlachtaí atá ag déileáil leis an sárú sin. Sna cásanna sin, ceapfaidh Comhaltas na Mac Léinn nó an Meabhránaí & Uachtarán Ionaid duine eile ó Chomhaltas na Mac Léinn nó ón bpainéal a ainmneoidh an Chomhairle Acadúil de réir mar is cuí.
Ní hiad na comhaltaí céanna a bheidh ar an gCoiste Araíonachta agus ar an mBord Achomharc. Ceapfar comhaltaí ainmnithe nó ceaptha an Choiste Araíonachta agus an Bhoird Achomharc, seachas na comhaltaí a ainmneoidh Comhaltas na Mac Léinn, ar feadh ceithre bliana nó ar feadh an chuid eile de théarma an phainéil sa chás go gceapfar duine ar an bpainéal in ionad duine eile.
Beidh comhaltaí a ainmneoidh Comhaltas na Mac Léinn in oifig ar feadh bliana de ghnáth, ach ní bheidh cosc ar na comhaltaí sin a athcheapadh.
Tá cumhacht ag Údarás Ainmnithe cionta líomhnaithe a imscrúdú sa réimse cuí agus torthaí a eisiúint maidir leo. Faoi réir achomhairc, mar a shonraítear anseo thíos, beidh torthaí an Údaráis críochnaitheach. Féadfaidh Údarás Ainmnithe an cion líomhnaithe a chur faoi bhráid an Oifigigh Araíonachta nó faoi bhráid an Choiste Araíonachta, más rud é gurb é tuairim an Údaráis Ainmnithe, mar gheall ar thromaíocht nó ar nádúr an chiona, go mbeadh sé níos oiriúnaí dá mbeadh an cion á mheas acu siúd.
Cuirfear gearáin, seachas gearáin ar féidir le hÚdarás Ainmnithe déileáil leo go hiomchuí, faoi bhráid an Oifigigh Araíonachta. Féadfaidh an tOifigeach Araíonachta an ní a tharchur láithreach bonn chuig Údarás Ainmnithe nó chuig an gCoiste Araíonachta má mheasann an tOifigeach Araíonachta go mbeadh Údarás Ainmnithe nó an Coiste Araíonachta in ann déileáil níos fearr leis an gcúiseamh mar gheall ar thromaíocht nó ar nádúr an chúisimh nó féadfaidh sé/sí déileáil leis an ní faoin Nós Imeachta Achomair ar a bhfuil cur síos anseo thíos.
Féadfaidh an gearánach/na gearánaigh agus an mac léinn/na mic léinn ina gcoinne/ina c(h)oinne a ndéantar/a d(h)éantar an líomhain a bheith i láthair i rith na n-éisteachtaí ar fad nó cuid de na héisteachtaí a bhaineann leis na cionta líomhnaithe. Ag ceann ar bith de na héisteachtaí beidh an mac léinn/na mic léinn ina c(h)oinne/ina gcoinne a d(h)éantar/a ndéantar an líomhain i dteideal cara a bheith i láthair agus cúnamh a fháil ó chara.
Déanfaidh an tOifigeach Araíonachta réamh-imscrúdú ar ghearáin ar bith a chuirtear faoina b(h)ráid. Eagróidh sé/sí, a luaithe is indéanta, cruinniú leis an mac léinn/na mic léinn ina gcoinne/ina c(h)oinne a dhéantar an gearán ar mhaithe leis an gcás a bhreithniú, idirghníomhú leis an mac léinn/na mic léinn agus teacht ar thuairim maidir le tromchúis an cháis agus más cuí, teacht ar thoradh. Beidh an ceart ag an mac léinn/na mic léinn cara a thabhairt leis/léi chuig an gcruinniú. Cuirfidh an tOifigeach Araíonachta in iúl don mhac léinn/do na mic léinn go bhfuil sé/sí/siad á c(h)ur/á gcur faoi agallamh faoi na coinníollacha atá sonraithe i gCód Iompraíochta na Mac Léinn. Chomh maith leis sin, míneoidh an tOifigeach Araíonachta go bhfuil sé de cheart ag an mac léinn an ní a tharchur go díreach chuig an gCoiste Araíonachta le breithniú ag staid ar bith i rith an chruinnithe. Ní mór don Oifigeach Araíonachta a dheimhniú go dtuigeann an mac léinn/na mic léinn an próiseas agus go bhfuil sé/sí/siad toilteanach leanúint leis an bpróiseas.
Má theipeann ar an mac léinn/na mic léinn ina leith a dhéantar/a ndéantar an gearán, gan cúis réasúnach, freastal ar an gcruinniú eagraithe, beidh sé/sí/siad ag sárú an Chóid, agus féadfaidh an tOifigeach Araíonachta toradh a thabhairt in éagmais an mhic léinn/na mac léinn i gceist.
Má mheasann an tOifigeach Araíonachta a leithéid a bheith riachtanach, féadfar glaoch ar an ngearánach/ar na gearánaigh chuig an gcruinniú le fianaise a thabhairt. Má theipeann air/uirthi/orthu freastal ar an gcruinniú, gan cúis mhaith, ní leanfaidh an tOifigeach Araíonachta le hiniúchadh an ní, agus measfar an líomhain a rinneadh mar líomhain a aistarraingíodh.
Tá de dhiscréid ag an Oifigeach Araíonachta a iarraidh ar Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn freastal ar aon chruinniú i gcáil breathnadóireachta.
Tá de rogha ag an Oifigeach Araíonachta fiafraí den mhac léinn/de na mic léinn glacadh nó diúltú don chúiseamh agus tairgfidh sé cibé aighneacht a mheasann an mac léinn/na mic léinn a dhéanamh maidir leis an gcúiseamh a mheas. Sa chás gur léir go bhfuil sé dodhéanta ag an Oifigeach Araíonachta cruinniú a eagrú leis an mac léinn, míneoidh an tOifigeach Araíonachta cearta an mhic léinn/na mac léinn ar an teileafón nó trí ríomhphost nó litir chláraithe a sheoladh chuig an mac léinn i gceist.
Is é an tOifigeach Araíonachta a chinnfidh ar cheart nó nár cheart seasamh leis an ngearán.
Féadfaidh an tOifigeach Araíonachta, sa chás go seastar leis an ngearán, na smachtbhannaí seo a leanas a fhorchur:
Cuirfear toradh na héisteachta in iúl don mhac léinn i scríbhinn. Cuirfear a c(h)eart/a gcearta in iúl don mhac léinn/do na mic léinn cinneadh a achomharc chuig an gCoiste Araíonachta, an nós imeachta a bhaineann le hachomharc a dhéanamh agus an teorainn ama a bhaineann le hachomharc a dhéanamh.
Féadfaidh an mac léinn/na mic léinn, roimh nó i rith an chruinnithe leis an Oifigeach Araíonachta, a iarraidh go gcuirfear an ní faoi bhráid an Choiste Araíonachta lena bhreithniú.
Sa chás go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go mbaineann sárú líomhnaithe le beirt mhac léinn nó níos mó, féadfar a leithéid de mhic léinn a chúiseamh agus a éisteacht i gcomhpháirt.
I gcás go bhfuil gearán curtha faoi bhráid an Choiste Araíonachta déanfaidh Rúnaí an Choiste Araíonachta an mac léinn/na mic léinn, a bhfuil an gearán á dhéanamh ina leith, a thoghairm chuig cruinniú den Choiste Araíonachta. Má theipeann ar an mac léinn/na mic léinn teacht i láthair gan cúis réasúnta, beidh sé/sí/siad ag sárú an Chóid, agus féadfaidh an Coiste Araíonachta toradh a thabhairt in éagmais an duine/na ndaoine i gceist.
Fiafrófar den ghearánach/de na gearánaigh an cás a chur i láthair an Choiste Araíonachta. Má theipeann ar an ngearánach/ar na gearánaigh, gan cúis réasúnta, freastal ar an gcruinniú, ní leanfaidh an Coiste le hiniúchadh an ní, agus measfar an líomhain a rinneadh mar líomhain a aistarraingíodh.
Iarrfar ar an mac léinn/na mic léinn an cion líomhnaithe a admháil nó a dhiúltú. Má admhaíonn an mac léinn/na mic léinn ábhar an chúisimh nó an ghearáin a bheith fíor, ní bheidh dualgas ar an ngearánach/ar na gearánaigh fianaise a thairiscint, cé go bhféadfaidh an dá pháirtí aighneachtaí ó bhéal nó i scríbhinn a dhéanamh más mian leo maidir leis an bpionós.
Má dhiúltaíonn an mac léinn/na mic léinn an cúiseamh líomhnaithe, beidh an nós imeachta a chuirfear i bhfeidhm ina dhiaidh sin cothrom agus réasúnta ag féachaint don chineál ciona agus do na pionóis a bhaineann leis an gCód seo.
Tabharfar aird ar na cleachtais seo a leanas go háirithe:
(a) Éistfear an fhianaise ar fad i láthair an ghearánaigh/na ngearánach agus an mhic léinn/na mac léinn ag a bhfuil cead cara a thabhairt chun na héisteachta. Tabharfar deis don mhac léinn/do na mic léinn aon duine atá á ghairm ag an ngearánach/ag na gearánaigh, a fhéadfaidh ar an tslí chéanna aon duine atá á ghairm ag an mac léinn/ag na mic léinn a cheistiú.
(b) Tabharfar na deiseanna seo a leanas don mhac léinn/do na mic léinn: fianaise a thabhairt; cibé daoine ar mian leis/léi a ghairm le fianaise thacaíochta a thabhairt; agus an cháipéisíocht ábhartha a sholáthar.
(c) Tabharfar deis don ghearánach/do na gearánaigh agus don mhac léinn/do na mic léinn aighneachtaí a dhéanamh i ndiaidh fianaise a chur ar fáil, lena n-áirítear uiríll a bhaineann leis an bpionós inar aimsigh an Coiste Araíonachta go bhfuil an cúiseamh cruthaithe i gcoinne an mhic léinn.
(d) Déanfaidh an Coiste breithniú in éagmais an ghearánaigh/na ngearánach agus an mhic léinn/na mac léinn agus beidh an Coiste i dteideal comhairle dlí a lorg le linn na n-imeachtaí.
s
Tabharfar cinneadh an Choiste Araíonachta i scríbhinn don mhac léinn i gceist agus tabharfar cóip do Dhéan an Choláiste chuí agus/nó d’Oifigigh Ollscoile mar a mheasann an Coiste Araíonachta a bheith cuí. Beidh torthaí an Choiste Araíonachta le linn dó a bheith ag feidhmiú mar bhord achomharc críochnaitheach. Más cuí, cuirfear a c(h)eart/a gceart in iúl don mhac léinn/do na mic léinn cinneadh a achomharc chuig an mBord Achomharc, an nós imeachta a bhaineann le hachomharc a dhéanamh agus an teorainn ama a bhaineann le hachomharc a dhéanamh.
Féadfaidh aon mhac léinn nach bhfuil in Éirinn i láthair na huaire a iarraidh ar an gCoiste Araíonachta éisteacht, nach éisteacht ó bhéal í, den Choiste Araíonachta a eagrú más mian leis an mac léinn/leis na mic léinn an riachtanas a bhaineann le taisteal go Gaillimh le freastal ar éisteacht béil a shárú. Is é Cathaoirleach an Choiste Araíonachta a bhreithneoidh a leithéid agus sa chás go gcinneann an Cathaoirleach a leithéid d’iarratas a cheadú, tionólfar Coiste Araíonachta chun an líomhain/na líomhaintí i gcoinne an mhic léinn/na mac léinn a bhreithniú bunaithe ar aighneachtaí scríofa faighte ón ngearánach/ó na gearánaigh, ón mac léinn/ó na mic léinn agus ó pháirtithe ábhartha eile. Tabharfar deis don mhac léinn/do na mic léinn agus don ghearánach/do na gearánaigh freagairt d’aighneachtaí a chéile sula dtagann an Coiste le chéile.
Féadfar leanúint le cruinniú tionólta i gceart den Choiste Araíonaíochta agus é mar aidhm toradh a fháil d’ainneoin comhalta(í) ar bith a bheith as láthair.
Tá ceart ag an Uachtarán mic léinn a chur as an áireamh agus féadfaidh sé/sí a leithéid de cheart a thoghairm dá rogha féin. Sa chás go n-eisiann an tUachtarán mac léinn, beidh cumhacht ag an gComhairle Acadúil, ag an gcéad chruinniú eile, leanúint leis an eisiamh go dtí go ndéileálfaidh an Coiste Araíonachta nó eile leis an ní. Má chinneann an Chomhairle Acadúil leanúint leis an eisiamh, tionscnófar na nósanna imeachta araíonachta cuí gan mórán moille. I rith na tréimhse fionraí forchurtha ag an Uachtarán agus tréimhse den sórt sin ina dhiaidh sin, féadfaidh an Chomhairle Acadúil a chinneadh, nach mbeidh cead ag an mac léinn/na mic léinn inter alia, páirt ar bith a ghlacadh i ngníomhaíocht acadúil na hOllscoile, léachtaí, saotharlanna, oideachas cliniciúil, obair allamuigh, scrúduithe, bronnadh céimeanna etc.
Féadfar achomharc a dhéanamh le Cathaoirleach an Bhoird Achomhairc, trí Rúnaí an Bhoird Achomharc, laistigh de choicís ó dháta eisiúna chinneadh an Choiste Araíonachta agus soláthróidh an t-achomharcóir na forais le haghaidh an achomhairc do Rúnaí an Bhoird Achomharc i scríbhinn. Is é dáta eisiúna an chinnidh sin an dáta ar a seolfar an cinneadh chuig seoladh an mhic léinn – an seoladh atá ag an Ollscoil, nó an dáta ar a dtugtar an cinneadh sin don mhac léinn.
Féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an phionóis a fhorchuirfear ar fhorais imthosca maolaitheacha.
Beidh achomharcóir i dteideal, má iarrann sé/sí a leithéid, ionadaíochtaí breise ó bhéal a dhéanamh os comhair an Bhoird Achomharc.
Soláthrófar cóip d’fhorais achomhairc an achomharcóra, aighneacht an achomharcóra san áireamh, más ann dá leithéid, don Bhord Achomharc mar aon le cóip de thaifead iomchuí an Choiste Araíonachta.
Déanfaidh an t-achomharcóir agus an gearánach/na gearánaigh b(h)unaidh aighneachtaí ó bhéal os comhair an Bhoird Achomharc.
Sa chás gurb é tuairim an Bhoird Achomharc mar a dheachtaíonn riachtanais an cheartais, féadfaidh an Coiste fianaise a mheas nár cuireadh i láthair ag an éisteacht os comhair an Choiste Araíonachta ach a rinne foráil i gcónaí go raibh sé beartaithe a leithéid d’fhianaise nua a thabhairt ar aird an mhic léinn/na mac léinn nó an ghearánaigh/na ngearánach de réir mar a bheidh, agus dóthain ama a thabhairt don mhac léinn/do na mic léinn nó don ghearánach/do na gearánaigh an fhianaise nua a mheas go cuí agus déileáil leis go cuí ag éisteacht an achomhairc.
Féadfaidh an Bord Achomharc:
Tabharfar cinneadh an Bhoird Achomharc i scríbhinn don mhac léinn/do na mic léinn agus tabharfar cóip do Dhéan an Choláiste chuí agus/nó d’Oifigigh Ollscoile mar a mheasann an Bord Achomharc a bheith cuí. Beidh toradh an Bhoird Achomharc críochnaitheach.
Féadfar leanúint le cruinniú tionólta i gceart den Bhord Araíonaíochta agus é mar aidhm toradh a fháil d’ainneoin comhalta(í) ar bith a bheith as láthair.
Nuair a bhíonn sárú ar an gCód bunaithe i ndiaidh próisis chuí féadfar ceann ar bith nó níos mó ná sin de na pionóis seo a leanas a fhorchur:
Féadfaidh an comhlacht cuí, d’ainneoin go gcruthaítear an líomhain, staonadh ó phionós a fhorchur agus urscaoileadh daingean nó coinníollach a thabhairt.
Sa bhreis ar phionós nó ar urscaoileadh ar bith, d’fhéadfaí ordú a dhéanamh ag éileamh íocaíochta ar fhiach, ar dhamáiste nó ar chúiteamh faoi phionós breise fionraíochta nó díbeartha.
Athbhreithneofar an Cód ag eatraimh éagsúla nach faide ná cúig bliana óna leithéid a chur i bhfeidhm, ach d’fhéadfaí é a athbhreithniú freisin ag amanna eile bunaithe ar chinneadh na Comhairle Acadúla nó ar iarratas Chomhaltas na Mac Léinn, le cead na Comhairle Acadúla. Coiste ar a mbeidh ionadaíocht chothrom ón gComhairle Acadúil agus ó Chomhaltas na Mac Léinn, faoi seach, a bheidh i mbun athbhreithnithe den sórt sin, faoi Chathaoirleacht an Uachtaráin nó a (h)ainmní. daí ó Chomhaltas na Mac Léinn; nó ionadaí dlíthiúil, má theastaíonn a leithéid.
| Back to Top |
