Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
An cód cleachtais a leagan síos chun déileáil le bradaíl na mac léinn.
Is éard atá i gceist le bradaíl ábhar a chóipeáil, a áireamh nó a thógáil díreach ó shaothar duine eile gan aitheantas cuí a thabhairt, chun buntáiste, creidmheas nó brabach éigin a fháil as. Baineann bradaíl le go leor ábhar, cosúil le focail, smaointe, íomhánna, eolas, sonraí, cur chuige nó modhanna.
Áirítear leabhair, iriseáin, tuarascálacha, láithreáin ghréasáin, muilte aistí, mac léinn eile nó duine eile ar fhoinsí na bradaíola.
Ciallaíonn féinbhradaíl, nó uathbhradaíl, go n-úsáideann mac léinn saothar a úsáideadh cheana i gcúrsa eile san Ollscoil seo nó in institiúid eile.
Glactar le gach saothar a chuireann mic léinn isteach le measúnú, le foilsiú nó le cur i láthair (go poiblí), ar an mbonn gur leo féin an saothar sin agus gurb é a gcuid oibre féin atá ann, seachas i gcás tagairtí san fhormáid a nglacann an disciplín cuí acadúil leo.
Is féidir le bradaíl eascairt as droch-chleachtas acadúil nó mar gheall ar aineolas maidir le gnáthchleachtais an disciplín acadúil. Is cóir do scoileanna a chinntiú go bhfuil fáil ag mic léinn ag gach leibhéal ar na hacmhainní agus ar an oiliúint chuí i dtaca le dea-chleachtas acadúil.
Cuirfear an Tábla Pionós Bradaíola (atá le feiceáil thíos) ar fáil do gach mac léinn.
Déileálfar le cásanna ina dtugann mic léinn cead do mhic léinn eile a gcuid oibre a chóipeáil faoi réir na nósanna imeachta céanna.
Ceapfaidh gach Scoil comhairleoir bradaíola amháin ar a laghad, duine den fhoireann acadúil go hiondúil. Is Údaráis Ainmnithe na comhairleoirí seo, mar a mhínítear i gCód Iompraíochta na Mac Léinn, agus tá freagracht orthu agus údarás acu déileáil le cásanna a chuirtear faoina mbráid mar chásanna bradaíola nó mar chásanna a bhféadfadh bradaíl a bheith i gceist leo.
Beidh an liosta de na comhairleoirí reatha bradaíola ar fáil d’fhoireann acadúil na hOllscoile.
Féadfaidh duine den fhoireann teagaisc a bhfuil amhras air/uirthi faoi bhradaíl labhairt le comhairleoir cuí bradaíola, go príobháideach, faoin gcás. Ag an bpointe seo, ní chaithfidh an comhalta foirne tuairisc fhoirmiúil a dhéanamh.
Má chinneann comhalta foirne tuairisc fhoirmiúil a dhéanamh faoi chás bradaíola, ullmhófar tuairisc ghairid ina mbeidh cóip (mharcáilte) de shaothar an mhic léinn, mar aon le haon fhianaise a chruthaíonn amhras bradaíle. Ba chóir an tuairisc seo a sheoladh chuig an gcomhairleoir bradaíola.
Déanfaidh an comhairleoir bradaíola réamhfhiosrúchán ar an mbradaíl a bhfuil amhras fúithi, chun a dheimhniú go bhfuil nó nach bhfuil cás ann. Má chinntear nach bhfuil aon chás bradaíola ann, cuirfear é seo in iúl don chomhalta foirne a rinne an tuairisc, agus tabharfar ráiteas soiléir dó/di maidir leis na cúiseanna leis an gcinneadh sin.
Má chinneann an comhairleoir bradaíola gur cás bradaíola atá ann, déanfaidh sé/sí réamh-mheasúnú ar an gcás leis an tábla pionóis (an chéad chéim).
Má tá na pointí, de réir an tábla pionóis, sa chéad dá bhanda (suas go dtí 379) féadfaidh an comhairleoir agallamh neamhfhoirmiúil a chur ar an mac léinn chun an cás a phlé. Má bhíonn an comhairleoir sásta go bhfuil cás ann, roghnófar pionós cuí ón tábla (an dara céim).
Má bhíonn na pointí, de réir an tábla, os cionn 524, ba chóir don chomhairleoir an cás a chur ar aghaidh chuig an gcoiste araíonachta, de réir Chód Iompraíochta na Mac Léinn.
I ngach cás eile (pointí sna bandaí 380-524), iarrfar ar an mac léinn teacht chuig agallamh leis an gcomhairleoir bradaíola agus comhalta foirne eile.
D’fhéadfaí an cuireadh seo a sheoladh ar ríomhphost nó sa phost, agus beidh míniú ann ar an gcruinniú agus cóip den saothar marcáilte. Féadfaidh “cara” dul chuig an agallamh leis an mac léinn.
Féadfaidh an comhalta foirne eile a bheith ina c(h)omhairleoir bradaíola chomh maith, d’fhéadfadh sé/sí an cás a bheith tuairiscithe aige/aici nó d’fhéadfadh sé/sí a bheith ina c(h)omhalta sinsearach foirne eile ón Scoil.
Mura bhfuil an mac léinn sásta déileáil leis an bpróiseas, más rud é nach bhfreagraíonn sé/sí an cuireadh nó mura bhfuil sé/sí sásta freastal ar agallamh, cuirfear an cás ar aghaidh chuig an gcoiste araíonachta.
Ag an agallamh, tabharfar míniú soiléir don mhac léinn ar an méid atá curtha ina leith, taispeánfar cóip dá s(h)aothar dó/di, tabharfar deis dó/di an saothar a chosaint agus an fhreagracht a admháil nó a shéanadh.
I ndiaidh an agallaimh, má bhíonn an comhairleoir sásta go bhfuil cás ann, roghnófar pionós cuí ón tábla (an dara céim). Nuair a bheidh pionós roghnaithe, déanfaidh an comhairleoir seiceáil féaráilteachta chun tionchar an phionóis ar thorthaí an mhic léinn a mheas. Má bhraitheann an comhairleoir go mbeidh tionchar an phionóis róthrom i gcomhthéacs an bhradaíola a bhí i gceist, féadfaidh sí/sé an pionós a leasú.
I ngach cás, cuirfidh an comhairleoir an cinneadh agus aon phionós in iúl don mhac léinn i scríbhinn.
Scríobhfaidh an comhairleoir bradaíola tuairisc, ina mbeidh an cinneadh agus aon phionós, agus coinneofar an tuairisc seo ar taifead lárnach. Tá an tuairisc seo faoi rún agus ní bheidh sí le feiceáil ar thaifead an mhic léinn. Úsáidfear í chun breithmheas a dhéanamh má tharlaíonn cion eile, agus chun críche staitisticíiúla amháin.
D’fhéadfaí eolas faoi chás bradaíola a chur ar fáil don fhoireann chuí acadúil agus tacaíochta más gá chun cláir acadúla agus cinntí acadúla a riar i gceart. Ní sháraíonn roinnt an eolais seo leis an bhfoireann chuí aon rúndacht.
Cód Iompraíochta na Mac Léinn.
An Chéad Uair |
100 pointe |
An Dara hUair |
150 pointe |
An Tríú/+ hUair |
200 pointe |
Níos lú ná 5% NÓ níos lú ná dhá abairt |
80 pointe |
Mar a chéile le thuas ach bradaíl déanta ar ghnéithe criticiúla* |
105 pointe |
Idir 5% agus 20% NÓ níos mó ná dhá abairt ach níos lú ná dhá alt |
105 pointe |
Mar a chéile le thuas ach bradaíl déanta ar ghnéithe criticiúla* |
130 pointe |
Idir 20% agus 50% NÓ níos mó ná dhá alt ach níos lú ná cúig alt |
130 pointe |
Mar a chéile le thuas ach bradaíl déanta ar ghnéithe criticiúla* |
160 pointe |
Níos mó ná 50% NÓ níos mó ná cúig alt |
160 pointe |
Saothar ceannaithe ó mhuileann aistí nó ó sheirbhís chúlscríofa |
225 pointe |
* * Is ionann gnéithe criticiúla agus príomhsmaointe atá lárnach sa mheasúnú
An Chéad Bhliain |
70 pointe |
Fochéimí (seachas an chéad bhliain agus an bhliain deiridh) |
115 pointe |
An bhliain deiridh/Iarchéimí |
140 pointe |
Gnáthmheasúnú |
30 pointe |
| Tionscadal mór (e.g. miontráchtas sa bhliain deiridh, tráchtas) | 115 pointe |
Fianaise ar iarracht d’aon turas bradaíl a cheilt trí fhocail, abairtí nó tagairtí a athrú: 40 points.
I ngach cás, caithfear rabhadh scríofa a thabhairt agus taifead a choinneáil ag cur taifead na mac léinn go dtí sin san áireamh.
280-329 |
|
330-379 |
|
380-479 |
|
480-524 |
|
525+ |
|
* Go hiondúil, ní fhéadfar níos mó ná pas a thabhairt don mheasúnú.
280-379 |
|
380+ |
|
