An tOll. Gearóid Denvir, BA MA, PhD - Ollamh Na Nua-Ghaeilge
Sonraí teagmhála
Seomra: 110
Teileafón:
(091) 492560
Folíne: 2560
Ríomhphost:
gearoid.denvir
oegaillimh.ie
Réimsí taighde: Litríocht an 20ú haois idir fhilíocht, phrós agus litríocht Dhioscúrsúil; Litríocht an 19ú hAois; an litríocht bhéil; An tSochtheangeolaíocht; an chritic chultúrtha
Beathaisnéis acadúil
Tá an tOllamh Gearóid Denvir ina Ollamh Pearsanta le Nua-Ghaeilge i Roinn na Gaeilge, áit a bhfuil sé i mbun teagaisc agus taighde ó 1977. Chaith sé tréimhsí ag teagasc in Ollscoil Hamburg, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus in Ollscoil Toronto. Bhain sé BA agus MA amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus tá PhD aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Tá riar mhaith leabhar agus aistí taighde scríofa aige i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis ar ghnéithe éagsúla de litríocht, teanga agus cultúr na Gaeilge, ina measc:
Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978),
Cadhan Aonair (1987),
An Dúil is Dual (1991),
Amhráin Choilm de Bhailís (1996),
Litríocht agus Pobal (1997),
Rogha an Chéid (2000) agus
Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (2010).
Cliceáil an
nasc seo do liosta iomlán foilseachán.