University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 1 | Credits: 10

Tabharfar deis do na mic léinn sa mhodúl seo cur lena scileanna labhartha agus scríofa sa Ghaeilge, ag tógáil san áireamh go mbeidh siad tumtha sa teanga i dtimpeallacht Ghaeltachta. Úsáidfear sainteanga na cumarsáide go minic agus an modúl á theagasc agus beifear ag tógáil ar a bhfuil déanta ag na mic léinn go dtí seo. Forbrófar scileanna cumarsáide na mac léinn ionas go mbeidh ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach, go gairmiúil agus go muiníneach in earnáil na cumarsáide. Tabharfar deis dóibh cur i láthair ó bhéal a dhéanamh ar bhonn rialta, déanfar measúnú orthu trí thograí taighde agus beidh siad ag foghlaim tríd an teagasc agus tríd an bhfoghlaim chomhoibríoch.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Tabhairt faoi obair theoiriciúil agus phraiticiúil, idir scríobh agus labhairt, trí mheán na Gaeilge.
  2. Saintéarmaíocht chuí agus chruinn a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre.
  3. Gníomhú go héifeachtach agus go neamhspleách sa timpeallacht chumarsáide.
  4. Úsáid a bhaint as teicnící éagsúla chun forbairt agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna aonair agus a gcuid scileanna mar chuid d’fhoireann.
  5. Iad féin a chur i láthair go muiníneach agus go gairmiúil sa scríobh agus ó bhéal.
Assessments
  • Continuous Assessment (20%)
  • Oral, Audio Visual or Practical Assessment (50%)
  • Department-based Assessment (30%)
Teachers
Reading List
  1. "Lámhleabhar Ranga" by n/a
  2. "Leabhar Gramadaí Gaeilge" by Mac Congáil, N.
    Publisher: Cló Iar-Chonnacht
  3. "Cruinnscríobh na Gaeilge" by Mac Murchaidh, C.
    Publisher: Cois Life
  4. "Eadrainn: Cleachtaí Idirghníomhacha Gramadaí" by Marnell, C.
    Publisher: Cló Iar-Chonnacht
  5. "Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge - An Caighdeán Oifigiúil" by n/a
    Publisher: Oifig an tSoláthair
  6. "Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí" by Ó hAnluain, L.A.
    Publisher: An Gúm
  7. "Gramadach gan Stró!" by Ó Dónaill, E.
The above information outlines module CG3102: "Teanga na Cumarsáide 4" and is valid from 2018 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.