University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo cur ar chumas an mhúinteora faoi oiliúint eolas oideolaíoch ábhair faoin Ríomheolaíocht a fhorbairt agus a bheith ina m(h)úinteoir éifeachtach i réimse ábhair na Ríomheolaíochta. Díríonn Modheolaíocht 1 den chuid is mó ar chodú do thimthriall an Leibhéil Shóisearaigh. Cuireann sé leis an eolas ar an disciplín atá faighte ag mic léinn ina gcuid staidéar treasach, agus tugann sé an deis dóibh an méid atá foghlamtha acu a chur chun feidhme i modúil eile laistigh den Mháistir Gairmiúil san Oideachas, (Eolaíochtaí Oideachais agus Staidéar Gairmiúil)
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Eolas agus tuiscint a léiriú ar ábhar na Ríomheolaíochta, ar an ábhar oideolaíoch agus ar an modheolaíocht ghaolmhar a bhaineann leis na siollabais agus na treoirlínte ábhartha, mar aon le riachtanais churaclaim sna céimeanna réamhfhoghlama agus iarfhoghlama;
  2. Straitéisí éifeachtacha agus cruthaitheacha a bhaineann lena n-ábhar a theagasc a chur san áireamh, d’fhonn cur le foghlaim an mhic léinn aonair agus le foghlaim chomhroinnte sa Timthriall Sóisearach;
  3. Prionsabail an teagaisc i gcás éagsúlachta a chur i bhfeidhm laistigh dá c(h)leachtas (leibhéil dhifriúla réamhfhoghlama, stíleanna foghlama, riachtanais speisialta oideachais, éagsúlacht shocheacnamaíoch, eitneach agus theangeolaíoch, leanaí tréitheacha, leibhéil éagsúla ghnóthachtála), na saincheisteanna litearthachta agus uimhearthachta a thagann chun cinn sa Ríomheolaíocht a mheas, agus tacú leo;
  4. Straitéisí a dhearadh agus a chur chun feidhme chun measúnú a dhéanamh ar mhic léinn trí úsáid a bhaint as teicnící atá ag teacht le torthaí foghlama na gceachtanna/na n-aonad; raon modhanna measúnaithe éagsúla a dhearadh chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn, aiseolas a thabhairt agus baint amach chuspóirí an churaclaim a mheas, agus a gcuid teagaisc a chur in oiriúint dá réir sin;
  5. Machnamh a dhéanamh ar an eolas cúlra agus ar an taithí atá acu leis an ábhar, agus an t-eolas agus taithí sin a chur in iúl agus a phlé, chomh maith lena luachanna, tuairimí agus coincheapa faoina n-ábhar a theagasc, a fhoghlaim agus a mheas;
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Reading List
  1. "Computer Science Education" by Sue Sentance,Erik Barendsen,Carsten Schulte
    ISBN: 1350057118.
    Publisher: Bloomsbury Publishing
  2. "Computer Science in K-12" by Shuchi Grover
    ISBN: 1734662700.
  3. "The Cambridge Handbook of Computing Education Research" by Sally A. Fincher,Anthony V. Robins
    ISBN: 1108721893.
    Publisher: Cambridge University Press
  4. "Mindstorms" by Seymour A. Papert
    ISBN: 1541675126.
The above information outlines module ED6156: "Ríomheolaíocht Bliain 1" and is valid from 2021 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.