University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10

Tabharfar deis do na mic léinn sa mhodúl seo cur lena scileanna labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. Úsáidfear sainteanga an dlí i gcás cuid mhór d’abhar an mhodúil seo, rud a chuirfidh ar chumas na mac léinn iad féin a chur in iúl go muiníneach trí Ghaeilge i réimse an dlí. Déanfar plé ar théamaí ginearálta comhaimseartha agus ar roinnt ceisteanna reatha freisin. Cíorfar an dlí mar ghairm, agus tabharfar deis do na mic léinn labhairt sa rang agus cur i láthair ó bhéal a dhéanamh ar bhonn rialta. Déanfar na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge freisin, i gcomhréir agus i ndeilbhíocht na teanga, agus i gceartúsáid na teanga. Déanfar an cruinneas a threisiú trí mheán na scríbhneoireachta ag díriú go sonrach ar théarmaíocht agus ar shainfhoclóir an ghnó.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Spriocanna foghlama a leagan amach dóibh féin agus féintreoir i leith fhoghlaim na Gaeilge a chothú
  2. Úsáid chruinn a bhaint as na saintréithe a bhaineann le córas gramadaí na Gaeilge a clúdaíodh sa mhodúl
  3. Smaointe agus tuairimí a chur in iúl trí Ghaeilge ó bhéal
  4. Córas gramadaí na Gaeilge a chur chun feidhme ar mhaithe le téacsanna Gaeilge a scríobh agus le cur i láthair ó bhéal a dhéanamh
  5. Saintéarmaíocht an dlí a úsáid ina gcuid obair scríofa agus labhartha
Assessments
  • Continuous Assessment (20%)
  • Oral, Audio Visual or Practical Assessment (30%)
  • Department-based Assessment (50%)
Teachers
Reading List
  1. "Lámhleabhar an Chúrsa" by n/a
  2. "Leabhar Gramadaí Gaeilge" by Mac Congáil, N
    Publisher: Cló Iar-Chonnacht
  3. "Cruinnscríobh na Gaeilge" by Mac Murchaidh, C.
    Publisher: Cois Life
  4. "Eadrainn: Cleachtaí Idirghníomhacha Gramadaí" by Marnell, C.
    Publisher: Cló Iar-Chonnacht
The above information outlines module GA1101: "Gaeilge & Scileanna Cumarsáide 1_Teanga an Dlí" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.