University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 1 and Semester 2 | Credits: 5

Sa mhodúl seo, déanfar buanú ar na scileanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta a forbraíodh sa mhodúl Scríobh agus Léamh 1 A2 agus a thagann le riachtanais Chomhchreat Tagartha na hEorpa do Theangacha (Leibhéal A2). Iarrfar ar na mic léinn sleachta gearra a léamh agus ceisteanna tuisceana a fhreagairt bunaithe orthu. Iarrfar ar na mic léinn a bheith machnamhach ar an bpróiseas foghlama trí bheith feasach ar na straitéisí éagsúla foghlama a úsáideann siad agus trí phlé a dhéanamh le chéile sa rang ar na dúshláin a bhíonn rompu mar aon leis na seifteanna a mbaineann siad feidhm astu chun dul i ngleic leis na dúshláin seo.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Acmhainní feiliúnacha Gaeilge ag an leibhéal seo den phróiseas foghlama a úsáid i gceart;
  2. Frásaí agus foclóir aiceanta a úsáidtear go minic i scríobh na Gaeilge a thuiscint, mar shampla, ábhar a bhaineann go díreach le saol pearsanta na mac léinn
  3. Téacsanna eolais agus cuntais a thuiscint;
  4. Foirmeacha ina dteastaíonn eolas pearsanta a chomhlánú agus nótaí, ríomhphoist ghearra agus cártaí poist a scríobh go cruinn bunaithe ar na míreanna gramadaí atá clúdaithe acu;
  5. Dianmhachnamh agus anailís a dhéanamh ar an bpróiseas foghlama teanga agus ar na spriocanna atá acu féin mar fhoghlaimeoirí;
  6. Athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna sin i rith na bliana, ar na dúshláin a bhíonn rompu agus ar na seifteanna a mbaineann siad feidhm astu chun dul i ngleic lena gcuid deacrachtaí.
Assessments
  • Continuous Assessment (10%)
  • Department-based Assessment (90%)
Teachers
Reading List
  1. "Lámhleabhar an Dioplóma sa Ghaeilge A2" by n/a
  2. "Foclóir Póca. Irish Dictionary" by An Gum
    ISBN: 9781857919240.
    Publisher: Foras na Gaeilge
  3. "Gaeilge agus Fáilte: A first course in Irish language and culture for adults" by Byrne, A
    ISBN: 1904174027.
    Publisher: Linguistics Institute of Ireland
The above information outlines module GA2104: "Scríobh agus Léamh 2 A2" and is valid from 2018 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.