University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 1 | Credits: 5

Tabharfar deis do na mic léinn sa mhodúl seo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna labhartha agus cumarsáide trí mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama ar a n-airítear cur i láthair agus léirmheastóireacht ó bhéal, cur i láthair grúpa, áisitheoireacht grúpaí, díospóireachtaí, scileanna agallaimh, cruthú míreanna fuaime, úsáid na teicneolaíochta i sealbhú teanga. Cuirfear le heispéireas na mac léinn Gaeilge in ionaid Ghaeltachta le go sealbhóidh siad an teanga, go gcuirfidh siad lena bhfeasacht chultúrtha agus canúna agus go mbeidh ar a gcumas cumarsáid mhuiníneach a dhéanamh i bpobal Gaeltachta. Tá an modúl seo bunaithe ar leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach d'Fhoghlaim Teangacha.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. É/Í féin a chur in iúl go soiléir cruinn beacht ó bhéal. Beidh ar a c(h)umas freisin cuntas cruinn slachtmhar ó bhéal a thabhairt ar ghnéithe de shaol agus de shaibhreas na Gaeltachta.
  2. Feasach ar dheilbhíocht, comhréir, foghraíocht agus canúintí na Gaeilge. Beidh tuiscint ar leith aige/aici ar thréithe canúna sainiúla an phobail Ghaeltachta áirithe a mbeidh sé/sí lonnaithe ann le linn an tseimeastair.
  3. Páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na Gaeilge go sóisialta, go gairmiúil agus go hacadúil.
  4. Féinmhachnamh agus féinluacháil a dhéanamh ar a c(h)uid foghlama agus beidh tuiscint aige/aici ar a ról féin i saol na Gaeilge.
  5. Leanúint ar aghaidh lena f(h)oghlaim neamhspleách i léann agus i gcultúr na Gaeilge.
Assessments
  • Continuous Assessment (20%)
  • Oral, Audio Visual or Practical Assessment (60%)
  • Department-based Assessment (20%)
Teachers
Reading List
  1. "Lámhleabhar Ranga" by n/a
  2. "Cruinnscríobh Na Gaeilge" by Ciarán Mac Murchaidh
    ISBN: 9781907494765.
    Publisher: Cois Life
  3. "Gramadach Gan Stró!" by Éamonn Ó Dónaill
    ISBN: 9780956361486.
    Publisher: Gaelchultúr
  4. "Leabhar gramadaí Gaeilge" by Nollaig Mac Congáil
    ISBN: 1902420489.
    Publisher: Clo Iar-Chonnachta
  5. "Eadrainn" by Cian Marnell
    ISBN: 9781905560189.
    Publisher: Anchor Books
The above information outlines module GA3313: "Scileanna Cumarsáide agus Cuir i Láthair " and is valid from 2021 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.