University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo na mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna reachtaíochta de chuid na hÉireann (Achtanna an Oireachtais) agus/nó institiúidí an Aontais Eorpaigh ó Bhéarla go Gaeilge, mar aon le heolas a roinnt leo ar fheidhm agus ról Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais ó bhunú an Stáit. Cíorfar an bunús atá le haistriúchán na reachtaíochta, mar aon leis an gcomhthéacs dlí reatha a bhaineann leis an obair. Déanfar feidhm agus leagan amach na dtéacsanna reachtaíochta a chíoradh, agus scrúdófar sleachta reachtaíochta a aistríodh go Gaeilge ó aimsirí éagsúla ó bhunú an Stáit. Déanfar anailís ar ról Rannóg an Aistriúcháin i bhforbairt na Gaeilge scríofa agus Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Déanfar na mic léinn a chumasú in úsáid na n-uirlisí agus na bhfoinsí is tábhachtaí a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí gairmiúla agus téacsanna reachtaíochta á n-aistriú acu. Déanfar na mic léinn a chumasú sna scileanna riachtanacha a bhaineann le haistriúchán Achtanna ó Bhéarla go Gaeilge ionas go bhfaighidh siad máistreacht ar an bpróiseas aistriúcháin atá i gceist. Tabharfar spléachadh freisin ar aistriúchán ionstraimí reachtúla agus ar aistriúchán téacsanna reachtaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Buntéacsanna Béarla de chuid Achtanna an Oireachtais agus/nó institiúidí an Aontais Eorpaigh a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán aistritheora ghairmiúil.
  2. Míniú a thabhairt ar na próisis agus na modhanna oibre a mbaintear úsáid astu in obair an aistriúcháin reachtaíochta.
  3. Úsáid a bhaint as na huirlisí agus na foinsí a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí gairmiúla chun reachtaíocht a aistriú go Gaeilge.
  4. Míniú a thabhairt ar an gcomhthéacs staire, polaitíochta agus dlí a bhaineann le haistriúchán Achtanna an Oireachtais.
  5. Míniú a thabhairt ar an ról a d’imir Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais, i bhforbairt na Gaeilge scríofa agus an Chaighdeáin Oifigiúil.
Assessments
  • Continuous Assessment (60%)
  • Department-based Assessment (40%)
Teachers
Reading List
  1. "‘Cúrsaí Aistriúcháin an Stáit’: Irisleabhar Mhá Nuad" by Prút, L.
  2. "‘Scéal Rannóg an Aistriúcháin’: Teangeolas" by Daltún, S.
  3. "Gramadach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil" by n/a
    Publisher: Seirbhís Thithe an Oireachtais
  4. "Treoracha d’Aistritheoirí Gaeilge" by n/a
    Publisher: Aonad na Gaeilge, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, an Coimisiún Eorpach
  5. "Aistrigh go Gaeilge" by Ó Ruairc, M.
    Publisher: Cois Life
  6. "Bunreacht na hÉireann: A Study of the Irish Text" by Ó Cearúil, M.
    Publisher: Oifig an tSólathair
The above information outlines module LT106: "Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.