University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Fhraincis go Gaeilge, mar aon le léargas ginearálta a thabhairt dóibh ar ghnéithe de stair agus teoiric an aistriúcháin. Díreofar ar chineálacha faoi leith téacsanna (seachas téacsanna liteartha) a bhíonn á n-aistriú ag aistritheoirí gairmiúla agus cíorfar na háiseanna atá ar fáil d’aistritheoirí le cabhrú leo agus iad i mbun oibre. Déanfar anailís ar straitéisí an aistriúcháin agus ar na bealaí chun déileáil le dúshláin ar leith a thagann chun cinn. Ar na téamaí is mó a phléifear sa mhodúl seo, tá na dúshláin a bhaineann le buntéacsanna ó thaobh brí agus céille de, coibhéis shásúil sa spriocthéacs, agus na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Buntéacsanna Fraincise a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán ard le cabhair ón teicneolaíocht chuí;
  2. Straitéisí éagsúla a chur i bhfeidhm ag tabhairt faoi aistriúchán ar théacsanna;
  3. Anailís a dhéanamh ar chuid de na teoiricí is tábhachtaí a bhaineann leis an bpróiseas aistriúcháin;
  4. Na dúshláin a bhaineann le haistriúchán téacs a aithint, a phlé agus a shárú;
  5. Na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin a aithint, a phlé agus a shárú;
  6. Úsáid éifeachtach a bhaint as na huirlisí agus na foinsí a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí gairmiúla chun téacsanna a aistriú go Gaeilge;
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Cuir Gaeilge Air" by Mac Lochlainn, A.
    Publisher: Cois Life
  2. "Aistrigh Leat" by Ó Ruairc, M
    Publisher: Cois Life
  3. "Introducing Translation Studies, Theories and Applications" by Munday, J.
    Publisher: Routledge
  4. "Basic Concepts and Models for Interpreter and Translator Training" by Gile, D.
    Publisher: John Benjamins Publishing Company
  5. "Exploring Translation Theories" by Pym, A.
    Publisher: Routledge
The above information outlines module LT6106: "Aistriúchán Téacsanna 1 (Fraincis-Gaeilge)" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.