University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 1 | Credits: 5

Sa mhodúl seo tabharfar deis don mhac léinn tuilleadh feabhais a chur ar a scileanna teanga ó thaobh na scríbhneoireachta agus na cainte. Déanfar é sin trí dhíriú ar shraith téamaí leathana a bhaineann le saol an mhic léinn i mbliain na céime agus atá oiriúnach dá saol i ndiaidh na céime, mar shampla sa láthair oibre. Pléifear míreanna gramadaí agus struchtúir teanga a mbeifí ag súil le máistreacht orthu ag leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha agus cuirfear le cumas an mhic léinn iad a úsáid i gceart. Roghnóidh an mac léinn ábhar taighde dá spéis féin agus bunófar measúnacht leanúnach an mhodúil ar an ábhar sin. Déanfaidh an mac léinn forbairt ar an ábhar sin sa mhodúl NG325 [an cód seo le hathrú].
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Déanfar daingniú agus treisiú ar an tuiscint a shealbhaigh an mac léinn sna modúil teanga go dtí seo maidir le struchtúir na teanga sa tslí is go léireoidh an mac léinn leibhéal ard cruinnis ina c(h)uid cainte agus ina c(h)uid scríbhneoireachta, tuiscint mhaith ar struchtúir na teanga agus ar an ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile.
  2. Beidh réimse leathan stór focal agus saibhreas cainte ag an mac léinn chun labhairt agus scríobh go líofa agus go muiníneach faoi réimsí a bhaineann leis an siollabas agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn sa chaint laethúil.
  3. Beidh an mac léinn ábalta léamh go neamhspleách agus stíl agus luas a c(h)uid léitheoireachta a chur in oiriúint do théacsanna éagsúla agus d’aidhmeanna éagsúla léitheoireachta.
  4. Faoi dheireadh an mhodúil seo beidh an mac léinn ábalta téacsanna soiléire, struchtúrtha a chur ar fáil a mbeidh cruinneas maith gramadaí agus líofacht teanga le sonrú orthu.
  5. Beidh an mac léinn líofa agus spontáineach go leor ina c(h)uid cainte chun a bheith ábalta déileáil go muiníneach le hidirghníomhaíocht le cainteoirí líofa. Beidh an mac léinn ábalta an teanga a úsáid go líofa, go cruinn agus ar bhealach éifeachtach agus é/í ag plé le réimse leathan topaicí (topaicí a bhaineann leis an siollabas, leis an saol laethúil, leis an saol acadúil, le rudaí atá i mbéal an phobail). Beidh an mac léinn ar a c(h)ompord le mórchanúint amháin nó beidh fuaimeanna na Gaeilge á ndéanamh go sásúil agus beidh na deacrachtaí foghraíochta a chuireann an teanga as a riocht glanta den chuid is mó.
Assessments
  • Written Assessment (50%)
  • Continuous Assessment (30%)
  • Department-based Assessment (20%)
Teachers
Reading List
  1. "Cruinnscríobh Na Gaeilge" by Ciarán Mac Murchaidh
    ISBN: 9781907494765.
    Publisher: Cois Life
  2. "Leabhar Gramadaí Gaeilge" by Nollaig Mac Congáil
    ISBN: 1902420489.
    Publisher: Clo Iar-Chonnachta
  3. "Gramadach Gan Stró!" by Éamonn Ó Dónaill
    ISBN: 9780956361486.
    Publisher: Gaelchultúr
The above information outlines module NG351: "Teanga Na Nua-Ghaeilge 111" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.