University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 1 | Credits: 5

Scrúdófar forbairt Dhrámaíocht na Gaeilge. Déanfar iniúchadh ar dhrámaíocht na Gaeilge i gcomhthéacs theoiricí agus staidéir éagsúla ar dhrámaíocht na hÉireann agus ar léann na drámaíochta agus na hamhaclainne i gcoitinne. Déanfar staidéar agus anailís ar réamhtheachtaithe na drámaíochta agus ar eilimintí drámata laistigh de chleachtais chultúrtha thraidisiúnta na Gaeilge i gcomhthéacs léann na taibhléireathachta. Díreofar ar fhorás dhrámaíocht na Gaeilge sa 19ú haois agus sa 20ú haois agus ar roinnt mórfhorbairtí i ndrámaíocht chomhaimseartha na Gaeilge.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Cíoradh criticiúil a dhéanamh ar an ngaol idir Drámaíocht na Gaeilge agus an comhthéacs cultúrtha, polaitiúil agus sochstairiúil as ar eascair sí.
  2. Príomhfhorbairtí náisiúnta agus idirnáisiúnta na drámaíochta agus a dtionchar ar Dhrámaíocht na Gaeilge a chur in iúl.
  3. Léamh agus measúnacht chriticiúil a dhéanamh ar dhrámaí Gaeilge.
  4. Anailís a dhéanamh ar Dhrámaíocht na Gaeilge i gcomhthéacs léann na taibhléiritheachta agus teoiricí suntasacha critice eile.
  5. Forbairt ar scileanna léitheoireachta agus scríofa Gaeilge.
  6. Tuiscint ar choincheap na taibhléiritheachta.
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Drámaí Thús na hAthbheochana. Gaillimh: Arlen House," by Mac Congáíl, N. & Ní Mhuircheartaigh, E.
    Publisher: Arlen House
  2. "Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900 – 1970" by Ó Siadhail, Pádraig:
    Publisher: Cló Iar-Chonnacht
  3. "An Underground Theatre" by Philip O'Leary
    ISBN: 9781910820155.
    Publisher: UCD Press
  4. "Anáil an bhéil bheo : orality and modern Irish culture" by Cronin, N., Crosson, S. & Eastlake. J. (eds)
    Publisher: Cambridge Scholars
The above information outlines module NG4108: "Drámaíocht na Gaeilge" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.