University of Galway

Course Module Information

Course Modules

Semester 2 | Credits: 5

Sa mhodúl seo tabharfar deis don mhac léinn tuilleadh feabhais a chur ar a scileanna teanga ó thaobh na scríbhneoireachta, an chur i láthair agus na cainte go dtí an leibhéal a mbeifí ag súil leis ag deireadh na céime. Déanfar é sin trí dhíriú ar shraith téamaí leathana a bhaineann le saol an mhic léinn i mbliain na céime agus atá oiriúnach dá saol i ndiaidh na céime, mar shampla sa láthair oibre. Pléifear míreanna gramadaí agus struchtúir teanga a mbeifí ag súil le máistreacht orthu ag leibhéal B2 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha agus cuirfear le cumas an mhic léinn iad a úsáid i gceart. Bunófar measúnacht leanúnach an mhodúil ar thascanna a bhaineann leis an ábhar taighde a roghnaigh an mac léinn mar chuid den mhodúl NG351 [cód le hathrú b'fhéidir]. Déanfaidh an mac léinn cur i láthair ranga faoin ábhar sin mar chuid den mheasúnacht leanúnach agus pléifidh sé/sí an t-ábhar sa scrúdú cainte.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Déanfar daingniú agus treisiú ar an tuiscint a shealbhaigh an mac léinn sna modúil teanga go dtí seo maidir le struchtúir na teanga sa tslí is go léireoidh an mac léinn leibhéal ard cruinnis ina c(h)uid cainte agus ina c(h)uid scríbhneoireachta, tuiscint mhaith ar struchtúir na teanga agus ar an ngaol atá ag patrúin éagsúla lena chéile.
  2. Beidh réimse leathan stór focal agus saibhreas cainte ag an mac léinn chun labhairt agus scríobh go líofa agus go muiníneach faoi réimsí a bhaineann leis an siollabas agus faoi fhormhór na dtopaicí a thiocfadh chun cinn sa chaint laethúil. Beidh sé/sí in ann sainábhar dá spéis féin a phlé go mion.
  3. Beidh an mac léinn ábalta léamh go neamhspleách agus stíl agus luas a c(h)uid léitheoireachta a chur in oiriúint do théacsanna éagsúla agus d’aidhmeanna éagsúla léitheoireachta.
  4. Faoi dheireadh an mhodúil seo beidh an mac léinn ábalta téacsanna soiléire, struchtúrtha a chur ar fáil a mbeidh cruinneas maith gramadaí agus líofacht teanga le sonrú orthu.
  5. Beidh an mac léinn líofa agus spontáineach go leor ina c(h)uid cainte chun a bheith ábalta déileáil go muiníneach le hidirghníomhaíocht le cainteoirí líofa. Beidh an mac léinn ábalta an teanga a úsáid go líofa, go cruinn agus ar bhealach éifeachtach agus é/í ag plé le réimse leathan topaicí (topaicí a bhaineann leis an siollabas, leis an saol laethúil, leis an saol acadúil, le rudaí atá i mbéal an phobail) agus le hábhar taighde dá rogha féin. Beidh an mac léinn ar a c(h)ompord le mórchanúint amháin nó beidh fuaimeanna na Gaeilge á ndéanamh go sásúil agus beidh na deacrachtaí foghraíochta a chuireann an teanga as a riocht glanta den chuid is mó.
Assessments
  • Written Assessment (40%)
  • Continuous Assessment (30%)
  • Oral, Audio Visual or Practical Assessment (30%)
Teachers
Reading List
  1. "Leabhar Gramadaí Gaeilge" by Mac Congáil, Nollaig
    Publisher: Cló Iar-Chonnachta
  2. "Speaking Irish/An Ghaeilge Bheo" by Ní Mhaonaigh, S. & Mac Lochlainn, A.
    Publisher: McGraw Hill,
  3. "Cruinnscríobh na Gaeilge" by Mac Murchaidh, Ciarán
    Publisher: Cois Life
  4. "Gramadach gan Stró" by Ó Dónaill, Éamonn
    Publisher: Gaelchultúr
The above information outlines module NG4114: "Teanga Na Nua-Ghaeilge IV " and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.