Course Information

MNG1 Master of Arts (Nua-Ghaeilge)
Full Time
College of Arts, Social Sciences, & Celtic Studies
Course code(s): GYA56
Course Location: University of Galway - Main Campus
Start Date: 2022-09-01
MNG1

Module information for course: 'MNG1'


Curriculum Information

Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).
Course and module offerings and details may be subject to change.

Glossary of Terms

Credits
You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
Module
An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
Optional
A module you may choose to study.
Required
A module that you must study if you choose this course (or subject).
Semester
Most courses have 2 semesters (aka terms) per year.

Year 1 (90 Credits)

Required NG6104: An Dúchas agus an Duine


Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10

Sa mhodúl seo díreofar ar fheidhm, ar bhrí, ar struchtúr agus ar ghalldú logainmneacha na hÉireann. Déanfar plé agus léiriú ar mhodhanna taighde a bhaineann leis an réimse seo freisin, chomh maith le dul i ngleic le cás-staidéar roghnaithe ón réimse léinn seo. Tabharfar eochair eolais don mhac léinn ar thraidisiún lámhscríbhneoireachta na Gaeilge ón 16ú haois nó mar sin i leith. Beidh aird ar an leith ar an teanga féin agus tabharfar deis don mhac léinn eolas a chur ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Plé domhain a dhéanamh ar bhunús, ar bhrí, ar fhorbairt agus ar ilghnéitheacht ainmneacha pearsanta, sloinnte agus logainmneacha na hÉireann
  2. Taighde a dhéanamh ar logainmneacha a chuirfidh lenár n-eolas ar an réimse léinn seo
  3. Lámhscríbhinní a léamh, a thrascríobh, agus a chur in eagar go cruinn gairmiúil
  4. Dul i ngleic leis na modheolaíochtaí eagarthóireachta a bhíonn in úsáid ag scoláirí na linne seo agus iad ag plé leis an eagarthóireacht théacsúil
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Irish Place Names" by Flanagan, D., & Flanagan, L.
    ISBN: ISBN071712066.
    Publisher: Gill and Macmillan
  2. "The Irish Hand" by O’Neill, T.
    ISBN: ISBN978178205.
    Publisher: Cork University Press
  3. "Cruth na Tíre" by McLeod, W. agus Ní Annracháin, M.
    ISBN: ISBNB000R229Y.
    Publisher: Coiscéim
  4. "Ár dTimpeallacht Logainmneacha Inniu agus Amárach" by Mac Mathúna, L.
    Publisher: Coiscéim
The above information outlines module NG6104: "An Dúchas agus an Duine" and is valid from 2017 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required NG6116: Inscne agus Gnéasúlacht 1: An Scéalaíocht Bhéil


Semester 2 | Credits: 5

Beidh eolas ag an mac léinn ar chúlra na scéalaíochta sa Ghaeilge go háirithe maidir le teoiric agus cleachtas na hinsnce agus na gnéasúlachta. Léifear cuid de na húdair is tábhachtaí a bhfuil cuntas tugtha acu ar scéalaíocht na Gaeilge. Chomh maith leis sin, éistfear le roinnt scéalta chun tuiscint a fháil ar nádúr beo béil an scéil i ngréasán an phobail.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Beidh cumas pléite agus anailíse níos grinne agus níos iomláine ag an mac léinn ar an scéalaíocht, maidir le ceisteanna na hinscne agus na gnéasúlachta.
  2. Beidh ar chumas an mhic léinn teacht ar fhoinsí údarásacha chun scrúdú a dhéanamh uirthi.
  3. Beidh barr feabhais ar chumas an mhic léinn teanga speisialta na scéalta féin a léamh sa lámhscríbhinn agus a mhíniú ó bhéal agus i scríbhinn.
  4. Beidh ar chumas an mhic léinn an scéalaíocht a phlé go heolgaiseach ó bhéal agus i scríbhinn.
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "An Dúchas agus an Domhan" by Dhiarmaid Ó Giolláin
    Publisher: Cló Ollscoil Chorcaigh
  2. "Traidisiún na Scéalaíochta i gCorca Dhuibhne" by Caoimhín Ó Sé
    Publisher: Coiscéim
  3. "B’ait leo bean: gnéithe den ide-eolaíocht inscne i dtraidisiún liteartha na Gaeilge." by Nic Eoin,Máirín.
    Publisher: An Clóchomhar
The above information outlines module NG6116: "Inscne agus Gnéasúlacht 1: An Scéalaíocht Bhéil" and is valid from 2023 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required NG6108: Teoiricí Liteartha agus Cultúir


Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10

An aidhm atá ag an modúl seo ná tuiscint na mac léinn ar stair na dteoiricí liteartha agus na dteoiricí cultúir a fhorbairt. Cuirfear ar chumas na mac léinn teoiricí liteartha agus cultúir a chur i bhfeidhm ar théacsanna liteartha Gaeilge ar bhealach tuisceanach, ag cur san áireamh sainchúinsí na teanga féin agus ceisteanna tábhachtacha a bhaineann le litearthacht agus cúrsaí léitheoireachta.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Cur síos a dhéanamh ar cad is teoiric liteartha agus teoiric chultúir ann agus cuntas a thabhairt ar fhorbairt na dteoiricí liteartha san fhichiú haois
  2. Cuntas a thabhairt ar na príomhthréithe a bhaineann le teoiricí liteartha mar an nua-aoiseachas, an t-iarnua-aoiseachas, an t-iarchoilíneachas, idirthéacsúlacht, teoiricí liteartha feimineacha, teoiricí inscne.
  3. Anailís a dhéanamh ar ábharthacht na dteoiricí liteartha agus cultúir i gcás litríocht na Gaeilge.
  4. Cuntas a thabhairt a stair na critice liteartha sa Ghaeilge.
  5. Teoiricí liteartha agus cultúir a chur i bhfeidhm ar théacs liteartha Gaeilge le léirmhíniú a dhéanamh ar an téacs sin.
  6. Anailís chriticiúil a dhéanamh ar aistí léirmheasa agus ar ailt chritice.
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Post-Colonial Studies Reader" by B. Ashcroft, Griffiths, G., & Tiffin, H., (eds.)
    ISBN: 978-041534565.
  2. "Literary Theory: An Introduction" by T. Eagleton
    ISBN: 978-081665447.
    Publisher: Blackwell Publishing
  3. "Teacs Agus Comtheacs" by Maire Ni Annrachain, Briona Nic Dhiarmada
    ISBN: 1859180515.
    Publisher: Cork University Press
The above information outlines module NG6108: "Teoiricí Liteartha agus Cultúir" and is valid from 2016 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required NG6106: Modhanna Taighde


Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10

Sa mhodúl seo, pléitear scileanna éagsúla taighde a chabhróidh leis an mac léinn an tráchtas a thabhairt i gcrích. Cuirtear oiliúint ar an mac léinn sna modhanna taighde atá oiriúnach do thráchtas litríochta agus sa mhodheolaíocht cháilíochtúil atá de dhíth chun obair pháirce a dhéanamh.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Ábhar, aidhmeanna agus ceist taighde a phlé go soiléir agus go beacht.
  2. An scríbhneoireacht acadúil a láimhseáil go compordach ag an leibhéal cuí.
  3. Na modhanna taighde cuí a bhaineann le taighde litríochta a úsáid go héifeachtach.
  4. An mhodheolaíocht cháilíochtúil a thuiscint agus an obair pháirce a bheadh bunaithe uirthi a dhéanamh go stuama agus go héifeachtach.
  5. Foinsí éagsúla taighde a láimhseáil go criticiúil agus go héifeachtach, lena n-áirítear cartlanna na hollscoile.
  6. An taighde a bhainistiú go héifeachtach agus an córas tagartha a úsáid go lánchruinn.
Assessments
  • Continuous Assessment (60%)
  • Oral, Audio Visual or Practical Assessment (40%)
Teachers
Reading List
  1. "How to Write a Thesis" by R. Murray
    Publisher: Open University Press
    Chapters: All
  2. "The Field Day Anthology of Irish Writing." by S. Deane et al. (eds.)
    Publisher: Faber and Faber
    Chapters: De réir mar a mholfar
  3. "The Cambridge History of Irish Literature" by Kelleher, M. & O’Leary, P. (eds.)
    Publisher: Cambridge University Press
    Chapters: De réir mar a mholfar
  4. "Qualitative Research Methods for the Social Sciences" by B. Berg
    Publisher: Pearson
    Chapters: De réir mar a mholfar
  5. "Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-1939." by P. O'Leary
    Publisher: UCD Press
    Chapters: All
The above information outlines module NG6106: "Modhanna Taighde " and is valid from 2016 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required NG6107: Teanga, Coimhlint agus Cumhacht


Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10

Sa mhodúl seo, déantar staidéar ar choincheapa na coimhlinte agus na cumhachta i sochtheangeolaíocht stairiúil agus chomhaimseartha na Gaeilge agus pléitear conas mar a bhí agus atá pobal na teanga i ngleic le ceisteanna cumhachta ó thaobh an chultúir agus na polaitíochta araon. Pléitear cuid de choincheapa bunúsacha na sochtheangeolaíochta agus cuirtear i bhfeidhm iad ar an tréimhse ón 18ú Aois go dtí an lá atá inniu ann. Cíortar an t-athrú teanga agus cultúir a tharla san 18ú agus san 19ú Aois agus pléitear mar a léiríodh an t-athrú sin i réimsí éagsúla ar nós litríocht na linne agus na logainmneacha. Ina dhiaidh sin, déantar anailís ar bheartas teanga an tSaorstáit agus ar phobal comhaimseartha na Gaeilge, idir chainteoirí Gaeltachta agus nuachainteoirí.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. An t-athrú teanga ón 18ú Aois i leith a phlé go criticiúil.
  2. Beartas an rialtais i leith na Gaeilge ó 1922 a phlé go criticiúil.
  3. Coincheapa cuí teoiriciúla ón tsochtheangeolaíocht a úsáid chun na tréimhsí stairiúla agus comhaimseartha a phlé.
  4. Anailís stairiúil agus comhaimseartha a dhéanamh ar na ceisteanna coimhlinte agus cumhachta a bhfuil pobal na Gaeilge i ngleic leo le fada.
Assessments
  • Continuous Assessment (60%)
  • Oral, Audio Visual or Practical Assessment (40%)
Teachers
Reading List
  1. "A History of the Irish Language: From the Norman Invasion to Independence." by Aidan Doyle
    Publisher: Oxford University Press
    Chapters: All
  2. "Language policy and social reproduction: Ireland, 1893-1993." by Pádraig Ó Riagáin
    Publisher: Clarendon Press & Oxford University Press
    Chapters: All
  3. "Language in Society: An Introduction to Sociolinguistics" by Suzanne Romaine
    Publisher: Oxford University Press
    Chapters: All
  4. "Irish and English: Essays on the Irish linguistic and cultural frontier, 1600-1900." by Kelly, J. & Mac Murchaidh, C. (eag.)
    Publisher: Four Courts Press
    Chapters: All
  5. "The Irish Language in Ireland: From Goídel to Globalisation." by Diarmait Mac Giolla Chríost
    Publisher: Routledge
    Chapters: All
  6. "Béarla sa Ghaeilge. Cabhair Choigríche: An Códmheascadh Gaeilge/Béarla i Litríocht na Gaeilge 1600 – 1900." by Liam Mac Mathúna
    Publisher: An Clóchomhar
    Chapters: All
The above information outlines module NG6107: "Teanga, Coimhlint agus Cumhacht " and is valid from 2016 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required NG6109: Miontráchtas


15 months long | Credits: 30

Is é aidhm an mhodúil seo an mac léinn a spreagadh le feidhmiú as a stuaim féin chun ábhar tionscadail a roghnú agus tráchtas 15,000-20,000 focal a chur i gcrích faoin ábhar sin laistigh de spriocanna ama soiléire agus ag an gcaighdeán gairmiúil agus acadúil cuí. Oibreoidh an mac léinn faoi stiúir ag duine den fhoireann acadúil agus beidh air/uirthi ábhar a roghnú ata laistigh de théarmaí tagartha acadúla an chúrsa.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Úsáid éifeachtach a bhaint as seirbhísí leabharlainne, lena n-áirítear foinsí cartlainne agus foinsí leictreonacha.
  2. Modheolaíochtaí taighde éagsúla a mheas chun críche taighde acadúil.
  3. Léirmheas litríochta a chur i gcrích.
  4. Úsáid a bhaint as frámaíocht theoiriciúil chun argóint shoiléir agus leanúnach a chur i láthair.
  5. Taighde neamhspleách a dhéanamh, as a stuaim féin.
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module NG6109: "Miontráchtas " and is valid from 2018 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required NG6110: Teanga na Gaeilge


Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10

Tá sé d'aidhm ag an modúl seo forbairt agus barr feabhais a chur ar scileanna Gaeilge an mhic léinn i dtaca le cruinneas, líofacht, léitheoireacht, scríbhneoireacht, éisteacht agus labhairt. Is ag leibhéal C1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach d'Fhoghlaim Teangacha atá an modúl. Fórbróidh an mac léinn a chumas sa scríbhneoireacht chriticiúil agus acadúil i dtaca le réimeanna cuí teanga, cruinneas, comhréir agus líofacht. Tógfaidh an mac léinn ar a thuiscint ar chaighdeán na Gaeilge agus ar mhórchanúintí na teanga araon agus cuirfear lena chumas agus scileanna labhartha agus láithreoireachta dá réir.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Cruinneas teanga a léiriú i scríbhneoireacht agus i labhairt na Gaeilge, idir ghramadach, chomhréir, líofacht agus struchtúr
  2. Réimeanna teanga éagsúla na Gaeilge a thuiscint, a aithint agus a úsáid sa chomhthéacs cuí
  3. Gnéithe de mhórchanúintí na Gaeilge a aithint agus mórphointí a bhaineann le caighdeán vs canúintí na Gaeilge a láimhseáil sa scríbhneoireacht agus sa chaint
  4. Mórcheisteanna agus mórghnéithe den aistriúchán a thuiscint agus a léiriú
  5. Scileanna Gaeilge a fhorbairt le plé, cur i láthair agus díospóireacht éifeachtach a dhéanamh ar ábhair acadúla.
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Cruinnscríobh na Gaeilge" by Mac Murchaidh, Ciarán. Cois Life
  2. "Gramadach gan Stró" by Ó Dónaill, Éamonn. Gaelchultúr
    Publisher: Baile Átha Cliath
  3. "An Béal Beo" by Ó Máille, Tomás. An Gúm
The above information outlines module NG6110: "Teanga na Gaeilge" and is valid from 2016 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required NG6117: Inscne agus Gnéasúlacht 2: An Amhránaíocht


Semester 2 | Credits: 5

Beidh eolas ag an mac léinn ar chúlra agus comhthéacs na hamhránaíochta sa Ghaeilge go háirithe maidir le teoiric agus cleachtas na hinsnce agus na gnéasúlachta. Déanfar staidéar ar chuid de na scoláirí a bhfuil plé agus anailís déanta acu ar amhránaíocht na Gaeilge. Éistfear le roinnt amhrán chun tuiscint a fháil ar nádúr beo an an amhráin agus déanfar scagadh agus anailís ar an amhránaíocht dá réir.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Beidh ar chumas an mhic léinn cuntais chruinne a thabhairt ó bhéal agus i scríbhinn maidir le tréithe na hamhránaíochta sa Ghaeilge.
  2. Beidh cumas anailíse forbartha ag an mac léinn ar cheisteanna maidir leis an inscne agus an ghnéasúlacht in amhránaíocht na Gaeilge.
  3. Beidh ar chumas an mhic léinn teacht ar fhoinsí údarásacha, idir bhunfhoinsí agus foinsí criticiúla, chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar.
  4. Plé agus díospóireacht acadúil a dhéanamh ar an ábhar agus ar na topaicí a chlúdaítear sa chúrsa
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Teagmháil agus Tnúthán" by Whelton, Marie
    Publisher: An Sagart
  2. "Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhrán agus Amhránaithe Thóraí" by Ó Laoire, Lillis
    Publisher: Cló Iar-Chonnachta
  3. "Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song Man" by Williams, Sean & Ó Laoire, Lillis
    Publisher: Oxford University Press
The above information outlines module NG6117: "Inscne agus Gnéasúlacht 2: An Amhránaíocht" and is valid from 2022 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.