Ag foghlaim in OÉ Gaillimh
In OÉ Gaillimh táimid tugtha do thaithí foghlama a thabhairt do mhic léinn a sheasfaidh leo sa saol mór.
Beidh neart deiseanna agat do chuid eolais a chur i bhfeidhm go praiticiúil anseo, ar shocrúchán oibre, i dtograí deonacha sa phobal, nó i modúil foghlama a chuireann taithí oibre ar fáil agus a mbeidh creidiúint le fáil aisti.
Dá bharr seo, beidh tóir ag fostóirí ort amach anseo mar go dteastaíonn cáilíochtaí agus an cumas do chuid eolais a chur i bhfeidhm san ionad oibre ó fhostóirí.
An taithí foghlama
Beidh an modh foghlama a bheidh agat san Ollscoil éagsúil ar fad ón modh foghlama a bhí agat go dtí seo. Den chéad uair riamh, beidh tusa freagrach as do chuid foghlama féin agus chuige sin beidh sé riachtanach scileanna neamhspleácha foghlama a fhorbairt.
Spreagfar tú le smaoineamh go criticiúil, le roghanna a mheas duit féin, le hoibriú go neamhspleách ar thograí agus ar mheasúnuithe agus le d’am staidéir féin a bhainistiú. Beidh ról gníomhach agat sa mhéid a fhoghlaimíonn tú féin san Ollscoil.
Ag cabhrú leat dul i dtaithí ar an Ollscoil
Tuigimid gurb ionann an stíl foghlama seo agus athrú mór ón taithí a bhí agat ar scoil, ach tá ár léachtóirí toilteanach cabhrú leat d’fhonn a chinntiú go mbeidh ar do chumas feidhmiú go héifeachtach mar fhoghlaimeoir neamhspleách:
- Tá clú agus cáil ar ár bhfoireann as a chairdiúla agus a thuisceanaí a bhíonn siad
- Bíonn na léachtóirí ar fáil do chruinnithe duine le duine
- Cuireann roinnt Coláistí Comhairleoirí Mic Léinn ar fáil chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt do mhic léinn maidir le scileanna staidéir agus tacaíocht foghlama
Do chuid eolais a úsáid sa saol mór
Is í an Ollscoil seo an ollscoil is mó in Éirinn a spreagann obair dheonach i measc na mac léinn. Gheobhaidh tú deis oibriú ar thograí deonacha sa phobal agus, ag an am céanna, creidiúint a shaothrú do do chéim.
Bíonn an deis ag mic léinn oibriú ar na tograí seo agus an méid a fhoghlaimíonn siad ar chúrsa a chur i bhfeidhm sa saol mór. Ní hamháin go bhfaigheann tú taithí phraiticiúil den scoth ach faigheann tú an deis cur leis an bpobal áitiúil chomh maith.
Tuilleadh eolais le fáil ar www.nuigalway.ie/cki
Taithí in ionad oibre
Bíonn socrúchán oibre mar chuid lárnach de go leor cúrsaí anseo. Modúl socrúchán oibre é an Clár Taithí Gairmiúla (PEP) a mhaireann cúig nó ocht mí agus atá ar fáil ar go leor de na cláir chéime.
Tugann PEP an deis do mhic léinn an t-eolas atá faighte acu ar chúrsa a chur i bhfeidhm i ngnó nó i dtionscal.
Tuilleadh eolais le fáil ar www.nuigalway.ie/placement
