PhD Struchtúrtha Nua-Ghaeilge lán-aimseartha
College of Arts, Social Sciences, & Celtic Studies,
Scoil na dTeangacha, na Litríochta agus na gCultúr
Course overview
Is féidir taighde dochtúireachta a dheanamh i réimse leathan ábhar sa Nua-Ghaeilge idir bhéaloideas, chanúineolaíocht, logainmeolaíocht agus litríocht. Cuimsíonn an litríocht gach tréimhse ó ré na Gaeilge clasaicí anuas go dtí an litríocht chomhaimseartha. Tá saineolaithe cruthanta ar an bhfoireann teagaisc a bhfuil taighde ceannródaíoch foilsithe acu i ngach aon cheann de na réimsí thuasluaite, agus flosc orthu a gcuid saineolais agus taithí a roinnt ar scoláirí óga.
Mar chuid den oiliúint dochtúireachta a soláthraitear do chlár an PhD Struchtúrtha, tá réimse leathan modúl idirdhisciplíneach ar fáil.
Baineann roinnt de na modúil seo go sainiúil leis an disciplín ina n-oibríonn an mac léinn agus déantar iad a sholáthar chun cur le heolas an mhic léinn ar a shainréimse taighde. Sa chúrsa NG525, Irisí agus Nuachtáin na Nua-Ghaeilge, mar shampla, déantar staidéar ar stair na n-irisí agus na nuachtán Gaeilge ó thus na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann, ag díriú ach go háirithe ar na cinn is mó a d’imir tionchar ar chinniúint na Gaeilge. Breathnaítear freisin ar stair na colúnaíochta Gaeilge sna nuachtáin logánta agus náisiúnta Bhéarla sa tréimhse chéanna.
Baineann roinnt de na modúil seo go sainiúil le tráchtas an mhic-léinn, sa mhéad go soláthraíonn siad scileanna lárnacha atá riachtanach chun an togra taighde a chur i gcrích go paiteanta. Cabhraíonn NG 523, Teanga na Nua-Ghaeilge, leis an an mac léinn barr feabhais a chur ar a chuid eolais ar cheart na Gaeilge agus ar a scileanna scríbhneoireachta idir bhuncheapadóireacht agus aistriúchán. Ina theannta sin déantar cúram de cheart agus de stíl na teanga i ngach aon dréacht a scríobhann an mac léinn chun cabhrú leis an tsaoráid sin teanga is dual do thráchtas dochtúireachta a bhaint amach. An líofacht teanga a shealbhóidh an mac léinn i gcaitheamh a tréimhse staidéir, cuirfidh sí go mór lena acmhainn infhostaitheachta in earnáil na Gaeilge.
Cuirfear le deiseanna infhostaitheachta an mhic léinn trí oiliúint chineálach a sholáthar, ms, Ceardlanna Gairmeacha, Litearthacht ríomhairí.
Chun taithí bhreise a chur ar fáil don mhac léinn agus tacú lena fhorbairt ghairmiúil, ceapfar é ar bhord stiúrtha na comhdhála bliantúla a eagraíonn Roinn na Gaeilge sa chéad seimeastar den bhliain acadúil agus tá sé de dhualgas ar an mac léinn páipéar a chur i láthair ag an gcomhdháil sin.
Programmes available
PhD Struchtúrtha Nua-Ghaeilge lán-aimseartha
Entry requirements
Riachtanais iontrála
Areas of interest
An Dr. Gearóid Denvir
Litríocht an 20ú haois idir fhilíocht, phrós agus litríocht dhioscúrsúil; Litríocht an 19ú haois; an litríocht bhéil; an tsochtheangeolaíocht; an chritic chultúrtha.
An Dr. Graham Isaac
Filíocht na Sean- agus na Meán-Bhreatnaise; teangeolaíocht chomparáideach na dteangacha Ceilteacha agus na hIndo-Eorpaise; seanteangacha Ceilteacha mhór-roinn na hEorpa;
teangeolaíocht ghinearálta.
An tOll. Nollaig Mac Congáil
Canúineolaíocht; scríbhneoireacht na gConallach; litríocht réigiúnach; gramadach na Nua-Ghaeilge; bibleagrafaíocht; litríocht na Nua-Ghaeilge i bhfoirm aistrithe; irisí agus nuachtáin na Gaeilge.
Oll. Mícheál Mac Craith
Litríocht an 17ú agus an 18ú haois; an tOisíneachas agus forás an Cheilteachais; an spioradáltacht dúchais; filíocht agus prós an 20ú haois.
An Dr. Lillis Ó Laoire
Comhthéacs, taibhléiriú agus cur i láthair an chultúir, foirmeacha traidisiúnta ina measc; teoiric léann an bhéaloidis; tionchar an náisiúnachais ar an bhéaloideas; modhanna bailithe an bhéaloidis; an béaloideas sa saol domhandaithe; an t-amhrán in Éirinn agus in Albain; an nualitríocht; an litríocht réigiúnach.
An Dr. John Walsh
Sochtheangeolaíocht; pleanáil agus polasaí teanga; an Ghaeltacht chomhaimseartha; staidéar comparáideach ar theagmháil teangacha; meáin chumarsáide i mionteangacha.
Researcher profiles
An Dr. Gearóid Denvir
http://www.nuigalway.ie/gaeilge/foireann/foireann1/
An Dr. Graham Isaac
http://www.nuigalway.ie/gaeilge/foireann/foireann6/
An tOll. Nollaig Mac Congáil
http://www.nuigalway.ie/gaeilge/foireann/foireann2/
An tOll. Mícheál Mac Craith
http://www.nuigalway.ie/gaeilge/foireann/foireann9/
An Dr. Lillis Ó Laoire
http://www.nuigalway.ie/gaeilge/foireann/foireann13/
An Dr Nollaig Ó Muraíle
http://www.nuigalway.ie/gaeilge/foireann/foireann5/
An Dr. John Walsh
http://www.nuigalway.ie/gaeilge/foireann/foireann3/
Find out more
An tOllamh Mícheál MacCraith
E micheal.maccraith@oegaillimh.ie
T +353 492 585
PAC code
GYG12
Tábhachtach : bíodh iarratas déanta faoi lár mhí Iúil 2010 má tá rún agat tosú i Meán Fómhair 2010.
Current project
Téacs.
Fees for this course
- Táillí na gclár taighde
- Deontais, duaiseanna agus cistí mac léinn
Mic léinn reatha
Ainm an mhic léinn reatha
Sonraí/cúrsa an mhic léinn reatha
"..."
An nuacht is déanaí
Aingeal Ní Chualáin: ’Siocracha Peaca: Gnéas agus Gnéasúlacht i bPróslitríocht Chonnacht sa Ré Iar-Chadhnach.’
