MA (Cumarsáid)
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Course overview
Key facts
Entry requirements
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse na Cumarsáide nó i réimse gaolmhar iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
Ceadófar do mhic léinn a bhaineann 60% ar an meán amach sna modúil múinte tabhairt faoi thogra taighde nó faoi thogra praitic bhunaithe atá bainteach leis an réimse sainábhair a roghnaíonn siad.
Duration:
Bliain amháin
Next start date: Meán Fómhair 2013
ECTS weighting: 90
Awards: MA
Closing date: Spriocdátaí
Course outline
Le linn an chúrsa seo gheobhaidh tú oiliúint trí mheán na Gaeilge ar ghnéithe éagsúla de na meáin chumarsáide agus beidh deis agat speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na réimsí seo a leanas, ag braith ar éileamh agus ar achmhainní foirne:
Staidéar na Físe: Sna modúil a bhaineann leis an sainábhar seo déanfar anailís chriticiúil agus plé ar na traidisiúin chultúrtha agus ar na dioscúrsaí staire a thiomáineann forbairtí in earnáil na físe agus foghlaimeoidh tú conas tograí físe a fhorbairt, a dhearadh agus a thabhairt ón smaoineamh go dtí an scáileán.
An Iriseoireacht Fheidhmeach: Sa sainábhar seo déanfar staidéar ar théacsanna acadúla agus ar ábhar iriseoireachta foilsithe agus craolta agus déanfar anailís ar an gceangal atá idir an iriseoireacht agus an comhthéacs sóisialta, cultúrtha agus teanga in bhfuil sé fréamhaithe. Gheobhaidh tú oiliúint i ngnéithe éagsúla de ghairm na hiriseoireachta (idir fhís, fhuaim agus fhocal) agus foghlaimeoidh tú conas pacáistí, míreanna agus ailt nuachta a chur ar fáil do chraoltóirí raidió agus teilifíse, do na meáin chlóite agus don idirlíon.
Na Meáin Dhigiteacha: Sa sainábhar seo gheobhaidh tú an deis an teoiric a bhaineann le dearadh teicneolaíochtaí digiteacha a phósadh leis na scileanna praiticiúla a theastaíonn leis an bhfís atá agat a chur i bhfeidhm. Sealbhóidh tú na scileanna a bhaineann le táirgí meán idirghníomhacha a fhorbairt agus déanfaidh tú staidéar ar na dea-chritéir deartha a úsáidtear chun na críche seo agus ar na cineálacha uirlisí atá in úsáid go forleathan sa tionscail.
Drámaíocht agus na Meáin: Sa sainábhar déanfaidh tú staidéar ar an éabhlóidiú atá tagtha ar mhodhanna aisteoireachta agus ar stíleanna léirithe drámaíochta don scáileán agus ar fhorbairt na drámaíochta ar scáileáin in Éirinn ó na seachtóidí ar aghaidh. Déanfaidh tú anailís ar na stíleanna aisteoireachta a chleachtann aisteoirí gairmiúla agus ar na príomhthreochtaí in úsáid na teicneolaíochta físe agus fuaime sa drámaíocht stáitse. Sealbhóidh tú na scileanna a bhaineann le húsáid agus cúram an ghutha mar uirlis ealaíona don drámaíocht, don tharghuthú agus don láithreoireacht.
Applications and selections
Who teaches this course?
Dan Dwyer, M.A.
Fionn Ó Sealbhaigh, Ard-Dioplóma sna Dána (Teicneolaíocht na Faisnéise)
Gearóid Ó Cadhain, M.Sc.
Gearóidín Uí Loideáin, M.A.
Jeanine Woods, Ph.D.
Máire Ní Chualáin, M.A.
Micheál Mac Lochlainn, M.Sc.
Niall Mac Uidhilin, M.Sc.
Norita Ní Chartúir, A.D.O
Odí Ní Chéilleachair, M.A.
Rose Ní Dhubhda, M.A.
Seán Breathnach, M.A.
Seathrún Ó Tuairisg, Ph.D.
Uinsionn Mac Dubhghaill, M.A.
Find out more
Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann Gaillimh,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe
T +353 91 595 101
R cumarsaid@oegaillimh.ie
www.acadamh.ie

