MA (Léann an Aistriúcháin)
Ard-Dioplóma (Léann an Aistriúcháin)
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Key facts
Entry requirements
MA: 2.1 san ábhar bunchéime Léann an Aistriúcháin ag leibhéal 8 mar aon le céim 2.2 ag leibhéal 8 nó 2.1 san Ard-Dioplóma sna Dána (Léann an Aistriúcháin) ag leibhéal 8. Ard-Diop.: Bunchéim ag leibhéal 7 nó 8 chomh maith le caighdeán sásúil sa scrúdú iontrála
Duration:
MA—Bliain iomlán féilire, ADiop—Bliain acadúil amháin
Next start date: Meán Fómhair 2010
ECTS weighting: MA—90; ADiop—60
Average intake: 15
Múinte
Course overview
Dáta measúnaithe: Moltar iarratas a dhéanamh go luath—mar thoradh
air seo d’fhéadfaí tairiscint luath a fháil,
tuilleadh eolais ar http://www.nuigalway.ie/postgrad/closingdates
MA: 2.1 san ábhar bunchéime Léann an Aistriúcháin ag leibhéal 8 mar aon le céim 2.2 ag leibhéal 8 nó 2.1 san Ard-Dioplóma sna Dána (Léann an Aistriúcháin) ag leibhéal 8.
Ard-Diop.: Bunchéim ag leibhéal 7 nó 8 chomh maith le caighdeán sásúil sa scrúdú iontrála
Course outline
MA
Tá an clár seo dírithe ar dhaoine a dteastaíonn uathu cáilíocht mháistreachta a bhaint amach i Léann an Aistriúcháin tar éis dóibh bunchéim nó Ard-Dioplóma a bhaint amach san ábhar cheana féin. Tugtar sáreolas ar cheird an aistriúcháin agus cuirtear béim ar chleachtadh feidhmeach ar phróiseas an aistriúcháin. Cuireann mic léinn eolas ar shainréimsí de chuid an ábhair nach ndearnadh staidéar orthu roimhe seo chomh maith le heolas mion ar shaol oibre an aistritheora trí chleachtadh oibre struchtúrtha a dhéanamh.
Le roinnt blianta anuas, tá borradh mór tagtha faoin nGaeilge mar theanga oifigiúil oibre anseo in Éirinn agus san Aontas Eorpach, agus tá deiseanna nua ar fáil anois do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu mar aon leis na cáilíochtaí cuí.
Is ball é an cúrsa seo de Líonra an EMT (an Chéim Mháistreachta Eorpach san Aistriúchán) agus é aitheanta dá réir ag Ard-Stiúrthóirtheacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh.
ADiop
Tá an clár seo dírithe ar dhaoine nach bhfuil cáilíocht bhunchéime acu i Léann an Aistriúcháin agus a dteastaíonn uathu cáilíocht aitheanta iarchéime a bhaint amach mar aistritheoir, agus an Ghaeilge a bheith in úsáid mar sprioctheanga aistriúcháin. Oireann an cúrsa do dhaoine a bhfuil ardscileanna teanga acu agus ar spéis leo gairm a shaothrú mar aistritheoir.
Tugtar sáreolas ar cheird an aistriúcháin agus cuirtear an bhéim ar theicneolaíocht an aistriúcháin, ar cheart na Gaeilge agus ar obair fheidhmeach aistriúcháin. Faigheann na mic léinn deis taithí oibre a dhéanamh, rud a thugann cleachtadh praiticiúil dóibh ar ghairm an aistriúcháin.
Tar éis an cúrsa seo a dhéanamh, beidh deis ag mic léinn iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa MA (Léann an Aistriúcháin) chun barr feabhais a chur ar na scileanna atá sealbhaithe acu le linn na bliana.
Applications and selections
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne tríd an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC).
Who teaches this course?
MA/ArdDiop
Eoin Ó Droighneáin, MA
Cassie Ní Chathasaigh, MA
Rose Ní Dhubhda, MSc
MA
Séamas Ó Direáin, PhD
Séamus Ó Coileáin, MLitt
Mairéad Ní Chatháin, MA
Susan Folan, MA
Requirements and assessment
ADiop: Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí stáit, cuideachtaí príobháideacha, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Oifig Thithe an Oireachtais, deiseanna féinfhostaíochta
Find out more
Cassie Ní Chathasaigh
F +353 91 4 99 022
R aistriu@oegaillimh.ie
www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_iarcheime/ma_leann_an_aistriuchan.htm
www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_iarcheime/ard_dioploma_sna_dana_leann_an_aistriuchain.html
