MA (Teagasc Teangacha—an Ghaeilge)
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Key facts
Entry requirements
Bunchéim onóracha sa Ghaeilge (2.2) ag Leibhéal 8 móide Dioplóma Iarchéime san Oideachas (DIO) nó PDip in Education (PGDE). Nó Bunchéim onóracha (2.2 ar a laghad) ag Leibhéal 8 móide Dioplóma Iarchéime san Oideachas, PDip in Education nó T.T.G. Nó BEd le Gaeilge acadúil (2.2 ar a laghad sa Ghaeilge agus sa chéim iomlán ag Leibhéal 8) (nó a chomhionann). Nó céim phas sa BEd (nó a chomhionann) nó céim phas móide an Dioplóma Iarchéime san Oideachas/PDip in Education agus cuig bliana de thaithí mhúinteoireachta. Beidh ardchaighdeán Gaeilge de dhíth ar iarrthóirí.
Duration:
2 bhliain, páirtaimseartha
Next start date: Meán Fómhair 2012
ECTS weighting: 90
Average intake: Neamh-theoranta
Closing date:
Course overview
Dáta measúnaithe: Moltar iarratas a dhéanamh go luath—mar thoradh air seo d’fhéadfaí tairiscint luath a fháil, tuilleadh eolais ar http://www.nuigalway.ie/postgrad/closingdates
Tá an clár seo dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus Galltachta. Is é aidhm an chúrsa forbairt ghairmiúil i modheolaíochtaí theagasc na Gaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí d'fhonn teagasc agus foghlaim na Gaeilge a chothú. Eagraítear an cúrsa ar bhonn uaireanta foghlaim-threoraithe, seimineár, ceardlann agus taithí phraiticiúil.
Ar chríochnú an chúrsa dóibh beidh na hiarrthóirí ar an eolas maidir le:
- Teoiricí insealbhaithe agus foghlaim na chéad agus an dara teanga
- Modheolaíochtaí teagaisc teanga
- Pleanáil agus polasaí—don Ghaeilge agus don Churaclam
- Dearadh agus seachadadh ceachtanna teanga
- Éagsúlacht chumais agus riachtanais foghlaimeoirí
- An Ghaeilge Bheo sa seomra ranga
Beidh ocht modúl ar an chúrsa páirtaimseartha seo a mhaireann ar feadh dhá bhliain acadúla. Seachadtar an cúrsa ag an deireadh seachtaine.
Eagraítear an cúrsa ar bhonn uaireanta foghlaim-threoraithe, seimineár, ceardlann agus taithí phraiticiúil.
Course outline
Bliain 1
Teoiricí maidir le hInsealbhú agus Próiseas Foghlama Teanga
Modheolaíochtaí Teagasc Teangacha
Oiliúint Phraiticiúil
Modheolaíochtaí Taighde
Bliain 2
Teicneolaíocht Faisnéise agus Caidrimh i bhFoghlaim agus i dTeagasc Teangacha
Éagsúlacht agus Riachtanais na Foghlama
Polasaí agus Pleanáil don Ghaeilge
An Gheilge Bheo sa Seomra Ranga
Applications and selections
Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne tríd an Ionad Iarratais Iarchéime (PAC)
Find out more
Peadar Mac Muiris
F + 353 91 495 299
R peadar.macmuiris@oegaillimh.ie
www.nuigalway.ie/acdamh/cursai/cursai_iarcheime/ma_teagasc_teangacha.html
PAC code
GYA71
Fees for this course
Mic léinn reatha
Nóirín Ní Chléirigh
"Thug an cúrsa an muinín dom bogadh taobh amuigh de na modhanna traidisiúnta teagaisc teanga. Bíonn mo chuid ranganna Gaeilge níos suimiúla, níos spreagúla, níos tairbhí do mo chuid foghlaimeoirí".
Cáipéisí ar féidir iad a íoslódáil
Iarmhic léinn
Saundra Ní Chíosóg
"D'fheabhsaigh an Cúrsa MA seo mo shaol pearsanta agus gairmiúil mar mhúinteoir. Thug sé léargas níos doimhne dom ar thábhacht na páirtnéireachta i gcur chun cinn na Gaeilge trí phleanáil agus polasaithe teanga iomlán scoile. Léirigh an cúrsa an tábhacht atá le scoileanna atá foghlaimeoir lárnaithe agus a bhfuil éirim mhothalach ag baint leo."

