Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Tugann an Chomhairle Mhúinteoireachta aitheantas don Dioplóma Iarchéime san Oideachas chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn.
Déantar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus ní mór d'iarratasóirí caighdeán maith Ollscoile a bheith acu i dtaca Ie labhairt agus scríobh na Gaeilge. Mar chuid den nós imeachta iarratais, ní mór do gach iarratasóir scrúdú béil agus scrúdú scríofa a dhéanamh sa Ghaeilge; bíonn na scrúduithe sin ann gach bliain (
Dé hAoine, 11 Feabhra 2011 d'iarratasóirí 2011-12) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is iad na daoine a shroicheann an caighdeán riachtanach, agus iad sin amháin, a bhreithnítear i dtaca Ie hiontráil sa chúrsa.
Clár bliana lánaimseartha atá ann agus ní féidir le mic léinn atá i mbun an chláir seo a bheith cláraithe d’aon chlár acadúil eile. Bítear ag súil leis go bhfreastalóidh mic léinn ar na léachtaí, ranganna teagaisc agus seisiúin mhicritheagaisc ar fad, go bhforbróidh siad cuir chuige criticiúla agus machnamhacha i leith an teagaisc agus na foghlama, mar aon le raon leathan scileanna gairmiúla teagaisc a fhorbairt le linn an chleachtaidh teagaisc. Áirítear tinreamh sásúil ar léachtaí, dul chun cinn sásúil agus oilteacht sa chúrsa mar aon le teagasc sásúil i scoil fhaofa sa mheasúnú a dhéantar ar mhic léinn an Dioplóma Iarchéime san Oideachas.
Mar eolas:
Déanfar Seiceáil Gardaí ar na mic léinn a bheidh ar chleachtadh teagaisc mar chuid den Dioplóma Iarchéime san Oideachas (OÉ) i bhFómhar 2011. I ndiaidh an 01 Aibreán 2011, má éiríonn leat tairiscint a fháil ar aon chlár Dioplóma Iarchéime san Oideachas, claróidh an tIonad Iarratas Iarchéime gur ghlac tú leis an áit. Mar sin féin, beidh d'áit ar an gclár faoi réir bheartas na hOllscoile a chomhlíonadh maidir le Seiceáil Gardaí.
Chomh maith le clár tosaigh ionduchtaithe seo a leanas na codanna a bheidh sa Dioplóma Iarchéime san Oideachas 2010/11
Cuirtear ar fáil don mhúinteoir faoi oiliúint na huirlisí teoiriciúla/coincheapúla chun stíl chruthaitheach, sholúbtha agus mhachnamhach múinteoireachta a fhorbairt. I measc na gcúrsaí 2011/12 beidh:
Dírítear ar na modhanna, ábhair agus scileanna bainistíochta ranga atá riachtanach chun cuspóirí teagaisc a bhaint amach ar shlí éifeachtach. Beidh mic léinn ag obair ar Phortfóilió Machnamhach i rith na bliana freisin. I measc na gcúrsaí 2010/11 beidh:
Ní mór do mhic léinn dhá shainréimse modheolaíochta a roghnú agus beidh raon Cúrsaí Roghnacha Seimeastair ar fáil freisin. I measc na n-ábhar atá á dteagasc faoi láthair tá:
Tá íosmhéid de 100 uair de chleachtadh teagaisc mhaoirsithe in ábhar nó in ábhair atá déanta go leibhéal céime i gceist leis an gcleachtadh gairmiúil. Lena chois sin, beidh tréimhsí ainmnithe de Thaithí / Breathnóireacht Scoile ann agus glacann mic léinn páirt freisin i ngníomhaíochtaí micritheagaisc agus piarmheasúnaithe, a áiríonn teagasc a ndéantar físeán de, taifeadadh, athsheinm agus anailís.
Déantar an cleachtadh teagaisc ar bhonn lánaimseartha in dhá bhloc thar trí seachtaine déag san iomlán i rith na bliana Déantar an teagasc trí mheán na Gaeilge agus mar sin ní mór do mhic léinn scoil iarbhunoideachais a bhfuil aicmiú Gaeilge aici (A1, A2 nó B) a roghnú, in aon áit in Éirinn. (Féach ar http://www.gaelscoileanna.ie/)
Mar chuid den mhodúl seo, beidh na míreanna seo a leanas
Déanfar measúnú trí mheasúnú leanúnach agus áirítear páipéir scríofa, obair phraiticiúil agus obair thionscadail ann. D’fhonn Dioplóma Iarchéime san Oideachas a bhaint amach, tá sé riachtanach caighdeán sásúil sa chlár de theagasc praiticiúil a bhaint amach freisin. D’fhonn Dioplóma Onóracha Iarchéime san Oideachas a bhaint amach tá sé riachtanach caighdeán onóracha a bhaint amach sa teagasc praiticiúil.
Tá an ceart ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an clár seo a athrú tráth ar bith, de réir mar is cuí leí.
Ní hé an Dioplóma Iarchéime san Oideachas an príomhráthaíocht d’incháilitheacht le bheith ag teagasc in Éirinn. Cinntear clárú foirmiúil bunaithe ar ábha(i)r na bunchéime agus is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an t-aon údarás atá i gceannas ar chlárú múinteoirí. Murar léir duit an gceadaíonn do bhunchéim duit dul i mbun teagaisc ag an dara leibhéal in Éirinn, téigh i dteagmháíl le http://www.oide.ie/ nó +353 (0)1 651 7900/LoCall 1890 224 224
Déantar iarratas ar áit ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas tríd an Ionad Iarratais Iarchéime, agus ní tríd an Ollscoil. Sé an 1 Nollaig an spriocdáta de ghnáth, don bhliain ina dhiaidh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le
An tIonad Iarratas Iarchéime (PAC),
1, Cearnóg Theach na Cúirte
Gaillimh
Tel:
+ 353 (0)91 549 260
Fax:
+ 353 (0)91 563 056
Idirlíon:
http://www.pac.ie/
Is féidir iarratais a dhéanamh ar áit don chúrsa 2011-12 ó mhí Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh.
Sinéad Ní Ghuidhir,
Scoil an Oideachais,
Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh.
r-phost:
sinead.nighuidhir
nuigalway.ie
Fón:
353 (0)91 492861
Nó
Kathleen Keane
An Rúnaí,
(ar maidin: 9.15 - 1.00)
Scoil an Oideachais,
Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh.
r-phost:
kathleen.keane
nuigalway.ie
Fón: 353 (0)91 493711
Facs: 353 (0)91 494538
nuigalway.ie
