Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Comhghairdeas leat má tá tairiscint faighte agat ón Ionad Iarratas Iarchéime (PAC) don Dioplóma Gairmiúil san Oideachas 2012-13. Moltar go láidir socrú maidir le Cleachtadh Teagaisc a dhéanamh le scoil chomh luath agus is féidir anois.
Le tuilleadh eolais maraon le foirmeacha atá le líonadh agus le seoladh ar ais ag Scoil an Oideachais, OÉ, Gaillimh, cliceáil ar na doiciméid thíos faoi seo.
Sonraí Pearsanta Bileog Eolais Féilire Sealadach Foirm Aontaithe Scoile
Clár cuimsitheach, bliana (Luan - Déardaoin), trí mheán na Gaeilge é an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas in OÉ, Gaillimh, atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun críocha clarúcháin mar mhúinteoir meánscoile in Éirinn agus san AE.
Soláthraíonn an cúrsa oideachas gairmiúil tosaigh do mhúinteoirí ar leibhéal iar-bhunoideachais agus cuirtear ar fáil an t-eolas gairmiúil, na huirlisí teoiriciúla agus coincheapúla riachtanacha ag múinteoirí faoi oiliúint chun stíl chruthaitheach, sholúbtha agus mhachnamhach teagaisc a fhorbairt.
Is ann don chúrsa le cinntiú go mbeidh ar chumas mac léinn déileáil le riachtanais chasta agus iomadúla oideachais daltaí in aoisraon 12-18, maraon le tuiscint a fháil ar scileanna comhghleacaíochta, obair foirne, pleanáil, forbairt scoile, agus oibleagáidí eiticiúla agus dlíthiúla oideoirí, in loco parentis.
Ar an gcuid den chlár a theagasctar, déantar cur síos do na mic léinn ar chreatlach choincheapúil agus ar cheisteanna ábhartha eile i léann agus i staidéar gairmiúil an oideachais agus chomh maith leis sin ar straitéisí teagaisc, ábhair agus cur chuige na bainistíochta ranga. Leagtar béim ar leith ar an teagasc trí Ghaeilge agus ar na straitéisí atá ag teastáil le teanga agus ábhar a mhúineadh.
Anuas air sin, tugtar tacaíocht do na mic léinn agus iad ar thaithí oibre, rud a chuidíonn go mór leo mar mhúinteoirí amach anseo. Sna ranganna teagaisc i rith na bliana, tugtar an deis dóibh machnamh criticiúil a dhéanamh, rud a fhorbraíonn an duine go gairmiúil agus a chomhtháthaíonn an teoiric leis an ngníomh praiticiúil (le tuilleadh eolais ar struchtúr an chláir cliceáil anseo).
Déantar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus ní mór d'iarratasóirí caighdeán maith Ollscoile a bheith acu i dtaca Ie labhairt agus scríobh na Gaeilge. Mar chuid den nós imeachta iarratais, ní mór do gach iarratasóir scrúdú béil agus scrúdú scríofa a dhéanamh sa Ghaeilge; bíonn na scrúduithe sin ann gach bliain ( 10 Feabhra 2012 d'iarratasóirí 2012-13) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is iad na daoine a shroicheann an caighdeán riachtanach, agus iad sin amháin, a bhreithnítear i dtaca Ie hiontráil sa chúrsa.
(Click here to access an English language version of this webpage)
Eolas Teagmhála
Brendan Mac Mahon, Stiúrthóir an Chúrsa,
Scoil an Oideachais,
OÉ, Gaillimh
+353 (0)91 49 2393
brendan.macmahon
nuigalway.ie
nó
Kathleen Keane, Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh.
00 353 (0) 91 49 3711
kkeane
nuigalway.ie
nuigalway.ie
