Go raibh maith agat as ucht an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas 2013-14 (PEG02) a roghnú.
Anseo tá
Bileog Eolais agus sonraí faoin
Scrúdú Scríofa agus
Scrúdú Béil atá le déanamh ar an 8, 15 agus 22 Feabhra 2013. Chomh maith le sin tá
Foirm Dheimhnithe le líonadh agus le seoladh ar ais chuig Kathleen Keane, Scoil an Oideachais, má tá sé i gceist agat freastal ar na scrúduithe.
Dátaí Tábhachtacha
Dátaí don scrúdú scríofa agus don scrúdú béil: 8, 15 agus 22
Feabhra 2013
Dáta tosaigh an chúrsa:
Meán Fómhair 2013
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Tugann an Chomhairle Mhúinteoireachta aitheantas don Dioplóma Gairmiúil san Oideachas chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn.
Ní hé an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas an phríomhráthaíocht d’incháilitheacht le bheith ag teagasc in Éirinn. Cinntear clárú foirmiúil bunaithe ar ábha(i)r na bunchéime agus is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an t-aon údarás atá i gceannas ar chlárú múinteoirí. Murar léir duit an gceadaíonn do bhunchéim duit dul i mbun teagaisc ag an dara leibhéal in Éirinn, téigh i dteagmháíl le
http://www.oide.ie/ nó +353 (0)1 651 7900/LoCall 1890 224 224
Mar eolas:
Déanfar Seiceáil Gardaí ar na mic léinn a bheidh ar chleachtadh teagaisc mar chuid den Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (OÉ) i bhFómhar 2013. I ndiaidh an 01 Aibreán 2013, má éiríonn leat tairiscint a fháil ar aon chlár Dioplóma Iarchéime san Oideachas, claróidh an tIonad Iarratas Iarchéime gur ghlac tú leis an áit. Mar sin féin, beidh d'áit ar an gclár faoi réir bheartas na hOllscoile a chomhlíonadh maidir le Seiceáil Gardaí.