Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Struchtúr an Chláir
Clár bliana lánaimseartha atá ann agus ní féidir le múinteoirí faoi oiliúint atá i mbun an chláir seo a bheith cláraithe d’aon chlár acadúil eile. Bítear ag súil leis go bhfreastalóidh múinteoirí faoi oiliúint ar na léachtaí, ranganna teagaisc agus seisiúin mhicritheagaisc ar fad, go bhforbróidh siad cuir chuige criticiúla agus machnamhacha i leith an teagaisc agus na foghlama, mar aon le raon leathan scileanna gairmiúla teagaisc, le linn an tsocrúcháin scoile. Áirítear tinreamh sásúil ar léachtaí, dul chun cinn sásúil agus oilteacht sa chúrsa, mar aon le teagasc sásúil i scoil fhaofa, sa mheasúnú a dhéantar ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas.
Chomh maith le clár tosaigh ionduchtaithe seo a leanas clár an chúrsa 2012-13
Eolaíochtaí Oideachais
Léinn Ghairmiúil
Sainmhodheolaíochtaí
Ní mór do mhúinteoirí faoi oiliúint dhá shainréimse modheolaíochta a roghnú agus beidh raon Cúrsaí Roghnacha Seimeastair ar fáil freisin. I measc na n-ábhar atá á dteagasc faoi láthair tá:
Socrúchán Scoile agus Cleachtadh Teagaisc
Tá íosmhéid de 100 uair de chleachtadh teagaisc mhaoirsithe in ábhar nó in ábhair atá déanta go leibhéal céime mar chuid den socrúchán scoile. Lena chois sin, beidh tréimhsí ainmnithe de Thaithí / Breathnóireacht Scoile ann agus glacann micmúinteoirí faoi oiliúint páirt freisin i ngníomhaíochtaí micritheagaisc agus piarmheasúnaithe, a áiríonn teagasc a ndéantar físeán de, taifeadadh, athsheinm agus anailís.
Déantar an socrúchán scoile ar bhonn lánaimseartha i dtrí bhloc thar 15 seachtaine san iomlán i rith na bliana
(
le féilire na bliana 2012-13 a fháil cliceáil anseo ). Déantar an teagasc trí mheán na Gaeilge agus mar sin ní mór do mhúinteoirí faoi oiliúint scoil iarbhunoideachais a bhfuil aicmiú Gaeilge aici (A1, A2 nó B) a roghnú, in aon áit in Éirinn. (Féach ar
http://www.gaelscoileanna.ie/ )
Cleachtadh Gairmiúil
Measúnú
Déanfar measúnú trí mheasúnú leanúnach agus áirítear páipéir scríofa, obair phraiticiúil agus obair thionscadail ann. D’fhonn Dioplóma Gairmiúil san Oideachas a bhaint amach, tá sé riachtanach caighdeán sásúil sa chlár de theagasc praiticiúil a bhaint amach freisin.
Tá an ceart ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an clár seo a athrú tráth ar bith, de réir mar is cuí leí.
nuigalway.ie
