Féile Scannán na Réabhlóide 2016

Fri, 27 May 2016 20:00:00 IST - Sun, 29 May 2016 18:00:00 IST, 20.00

At An tSeanscoil - An Cinemobile - An Poitín Stil: Indreabhán, Conamara

Organised by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Mar chuid de chomóradh 100 bliain Éirí Amach 1916 tionólfar Féile Scannán i nGaeltacht Chonamara. Téama na réabhlóide a bheas ag sní trí na scannáin ar fad a thaispeánfar thar thréimhse trí lá ag deireadh mhí na Bealtaine. Club Scannán Sailearna a bheidh ag reáchtáil na hócáide seo ag a léireofar scannáin faoi 1916 agus oidhreacht an Éirí Amach chomh maith le saothair aitheanta faoi choimhlintí stairiúla a tharla ar fud na cruinne. Cuirfear tús leis an bhféile ar an Aoine, an 27 Bealtaine, in Indreabhán, taobh thiar de bhaile an Spidéil, agus beidh 23 scannán ar fad ar an gclár agus iad le feiceáil i dtrí ionad dhifriúla. Ar na scannáin Éireannacha a bheidh á dtaispeáint beidh Mise Éire (1959), an nuachtscannán staire faoin mbuille ar son na saoirse, an chritic radacach fheimineach Mother Ireland (1988) chomh maith le scéalta nua agus ábhar neamhghnách faoin Éirí Amach ar a n-áirítear Eoin Mac Néill: The Forgotten Man of 1916. Tá an scannán eiseamláireach cogaíochta The Battle of Algiers (1966), a léiríonn an chaismirt fhíochmhar a tharla nuair a d’éiligh na daoine a saoirse agus tá an comhléiriúchán Rúiseach/Cúbach, Soy Cuba (1964), léiriú drámata, físiúil ar éirí amach mhuintir Chúba in aghaidh ollchumhacht Mheiriceá ar chuid de na saothair idirnáisiúnta atá ar chlár na féile. Tréimhse iar-réabhlóide na hÉireann is ábhar do shaothar conspóideach Peter Lennon Rocky Road to Dublin (1968) a fuair locht ar an tsochaí chúng, phlúchta a chruthaigh máistrí an náisiúin nua. Tugadh droim láimhe don scannán seo in Éirinn agus ní go dtí le gairid a cuireadh i láthair an phobail é. Mórán an cheist chéanna atá á plé in dhá shaothar eile: The Square (2013), scannán faoi Earrach na nArabach a thugann go ceartlár na réabhlóide ar Tahrir Square na hÉigipte muid agus Children of the Revolution (2010) a insíonn scéal chlann na mbanréabhlóidithe den eite chlé a chuaigh i muinín an fhoréigin sna 1970í. Tá lón machnaimh sa scannán Persepolis (2007) ina dtugann Marjane Satrapi cuntas grafach dúinn ar a saol sna tréimhsí roimh agus i ndiaidh na réabhlóide san Iaráin. Is spéisiúil an scrúdú a dhéanann Andrzej i Man of Iron (1981) ar an ré iarchogaidh sa bPolainn agus tá cur síos ann ar na coimhlintí ba chionsiocair le héirí amach Ghluaiseacht Solidarity an lucht oibre in aghaidh na gCumannach. Cuirfidh aoichainteoirí na scannáin i láthair agus beidh seisiúin phlé i ndiaidh na dtaispeántas. Tá tuilleadh eolais faoi na scannáin chomh maith le heolas faoi na ticéid ag Clubscannan.ie Teagmhálaí Dan Dwyer 087 8168629 A three day Film Festival on the theme of revolution, will take place in the Conamara Gaeltacht at the end of May as part of the 100 year commemorations to mark the 1916 Easter Rising. This unique festival, hosted by Club Scannán Sailearna, will show films on the theme of 1916 and the legacy of the Rising in Ireland alongside acclaimed films about important revolutionary uprisings around the globe. Starting on Friday, May 27th, a total of 23 films will be screened over the weekend at three locations in Indreabhán, near the village of An Spidéal. The Irish films to be projected include the innovative newsreel history of the Irish struggle for independence Mise Éire (1959), the radical feminist critique Mother Ireland (1988) and many new and lesser known stories of the rising including Eoin Mac Néill: The Forgotten Man of 1916 (2016). Critically acclaimed international films to be shown include the shocking Battle of Algiers (1966) which portrays the violent rising of native against coloniser and the visually stunning Cuban/Russian co-production Soy Cuba (1964) which restages the Cuban peoples uprising against American imperialism. Peter Lennon’s Rocky Road to Dublin (1968) asks what Ireland did with the revolution once it was achieved in a devastating critique of the insular Ireland that had emerged after a half a century of so-called freedom. The film was practically unseen in Ireland until it finally got the attention it deserved a mere ten years ago. Other films to be shown pose similar difficult questions about revolutions and their aftermath including The Square (2013) which gives a real-time account of the events as they unfolded in Tahrir Square, Cairo, during the Arab Spring and Children of the Revolution (2010) which interviews the adult children of violent revolutionaries of the 1970s extreme Left. Other fascinating films on the bill include Persepolis (2007), Marjane Satrapi's graphic portrayal of her life in pre and post-revolutionary Iran and Man of Iron (1981) in which Andrzej Wajda surveys the principal revolts in post-war Polish history which culminated in the rising of the working class Solidarity movement against the Communist state. Guest-speakers will introduce each film and encourage lively debate among audience members. For full details of all the screenings and for festival and film tickets go to Clubscannan.ie Contact: Dan Dwyer (087 8168629)    


Submit an event

E info@nuigalway.ie
T +353 (0)91 493361