Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Bronnadh dámhachtainí teagaisc thar lear ar bheirt de chéimithe Roinn na Gaeilge. Tá Maitiú de Hál, BA, DIO, MA ina Theagascóir Gaeilge Fulbright in Elms College, Massachussetts. Beidh sé ann go dtí Meán Fómhair 2011. Is é Maitiú an tríú duine ó chlé sa phictiúr.
Tá Ailish Bhreathnach, BA, DIO, MA (thíos) ina Teagascóir Gaeilge de chuid Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada in Ollscoil St. Francis Xavier, Am Baile Mór (Antigonish), Albain Nua (Nova Scotia) ar feadh na bliana acadúla ó Mheán Fómhair 2010. Chríochnaigh Ailish agus Maitiú araon an MA sa Nua-Ghaeilge i 2010. Comhghairdeas leo beirt! Sa phictiúr, tá Ailish i dteannta an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey TD.
Comhdháil ar Litríocht agus cultúr na Gaeilge |
|
Beidh Comhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge ar siúl ar 15-16 Deireadh Fómhair 2010 in Áras na Gaeilge. Breis eolais anseo |
06.10.09: Maoiniú breise do Thionscadal Siollabais |
|
Bhronn Foras na Gaeilge €64,700 ar an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal chun Céim a Dó dá Tionscadal Siollabais a fhorbairt. Is é an Dr. John Walsh, Roinn na Gaeilge a bhunaigh an Mheitheal i gcomhar leis an Dr. Máirín Nic Eoin, Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig. Tá sé d’aidhm ag an Tionscadal siollabas agus acmhainní teagaisc a fhorbairt don Ghaeilge ar an tríú leibhéal. Foilsíodh Céim a hAon den Tionscadal i Meán Fómhair 2009 agus tá sé ar fáil ar
http://www.teagascnagaeilge.ie/
|
Bronnadh dámhachtainí Fulbright ar thriúr a bhfuil baint acu le Roinn na Gaeilge.Beidh an Léachtóir le Gaeilge
an Dr. John Walsh ina Scoláire Gaeilge Fulbright in Ollscoil California, Santa Cruz, don bhliain acadúil 2009-2010. Beidh Hugh Rowland, MA agus Mícheál Ó Leidhin, BA, ar céimithe de chuid Roinn na Gaeilge iad beirt, ina dteagascóirí Gaeilge in ollscoileanna in Kansas agus Montana faoi seach. Bronnadh na dámhachtainí ar an triúr ag ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le déanaí.I láthair ag an ócáid chomh maith bhí Molly Hester atá ag gabháil den MA sa Nua-Ghaeilge i mbliana agus ar scoláire Fulbright i mbliana í. Breis eolais ar fáil anseo.
Scoláirí agus teagascóirí Gaeilge Fulbright.
Ar chúl, ar dheis: Mícheál Ó Leidhin, ar chlé uaidh An Dr. John Walsh agus ar chlé uaidh sin arís Hugh Rowland. Tá Molly Hester chun tosaigh ar chlé.
Bronnadh ardghradam ar an Dr. Nollaig Ó Muraíle, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge nuair a ceapadh é ina chomhalta d'Acadamh Ríoga na hÉireann ar 15 Bealtaine. Bhí sé ar dhuine de 24 comhalta nuathofa den Acadamh ar glacadh leo ag searmanas i mBaile Átha Cliath.
Bhí an-deireadh seachtaine ag lucht an Bhéaloidis in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna an deireadh seachtaine 21/22 Feabhra. Comhfhiontar idir Roinn na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhí i gceist agus ba é seo an dara bliain de. Chuaigh mic léinn 1BA, 2BA, 3BA agus an rang
MA sa Nua-Ghaeilge siar go Carna tráthnóna Dé hAoine. Bhí léacht ón amhránaí agus an scoláire aitheanta, Peadar Ó Ceannabháin ann oíche Aoine ar fhilí an cheantair. Dé Sathairn chuaigh an slua siar go Cloch na Rón chuig Ionad
Folding Landscapes
le Tim agus Mairéad Robinson. Chuir na Robastúnaigh fáilte chroíúil roimh an slua agus léigh Tim sliocht faoin gCaptaen Ó Máille ón leabhar is deireanaí leis
Connemara: The Last Pool of Darkness.
Caitheadh lón i gCloch na Rón agus ar ais linn arís go Carna, mar a raibh roinnt d’amhránaithe an cheantair bailithe le seisiún seanchais agus amhrán a chur ar fáil, seisiún ar éirigh go breá leis. Bhí léacht eile den scoth ina dhiaidh ó Chóilín Ó hIarnáin ar húicéirí Chonamara. D’éirigh thar barr leis an deireadh seachtaine. Bhí gach duine fíorbhuíoch do Shéamas Ó Concheanainn a rinne na socruithe i gCarna. Mar a dúirt duine amháin a d’fhreastail air, “An €30 is fearr a chaith mé riamh!”
Sa phictiúr: Méadhbh Nic an Airchinnigh, iarrthóir PhD (ag casadh) agus Veronica Nic Laithbheartaigh, 2BA.
Tionóladh an chomhdháil bhliantúil seo in Áras na Gaeilge ar 17-18 Deireadh Fómhair 2008. Breis eolais anseo.
Bhronn Foras na Gaeilge €70,000 ar thionscadal áiseanna teagaisc Gaeilge a bhunaigh an Dr. John Walsh, Roinn na Gaeilge. Bronnadh an t-airgead sin ar an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal, grúpa oibre a bhunaigh an Dr. Walsh i gcomhar leis an Dr. Máirín Nic Eoin, Coláiste Phádraig. Tá ionadaithe ó ollscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal páirteach sa Mheitheal seo. Fostófar Bainisteoir Tionscadal chun an chéad chéim de shiollabas don Ghaeilge ar an tríú leibhéal a dhearadh agus a fhorbairt, le béim ar leith ar an gcéad bhliain. Beidh an Bainisteoir freagrach as dearadh agus forbairt áiseanna teagaisc agus foghlama chomh maith. Breis eolais ar fáil anseo.
Comhghairdeas le Mícheál Óg McGee, 3BA, a bhuaigh duais an Choimisinéara Teanga don aiste taighde is fearr a scríobhadh don chúrsa 'An tSochtheangeolaíocht II'. Bronnfar €500 ar an aiste is fearr sa rang, le caitheamh ar thuras taighde/taighde/leabhair ar ghné éigin den reachtaíocht teanga in Éirinn nó thar lear. Tá Roinn na Gaeilge go mór faoi chomaoin ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, as duais chomh flaithiúil sin a chur ar fáil. Bronnfaidh An Coimisinéir Teanga an duais ag an gComhdháil ar Chultúr agus Litríocht na Gaeilge.
Tháinig Oifigeach na Manainnise ar cuairt go Gaillimh inniu (20 Feabhra) chun labhairt faoin athbheochan teanga in Oileán Mhanann. Thug Adrian Cain, 'Y Greinneyder', léacht don rang 2BA ar athbheochan na Manainnise agus ar an gceangal idir an tír seo agus Oileán Mhanann. Bhuail an tUasal Cain le hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge i nGaillimh le linn na seachtaine chomh maith, chun eolas a thabhairt dóibh faoin bpleanáil teanga i Manainn. Bhí cruinniú aige leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, chomh maith. Chuir seanathair an Aire, Éamon de Valera, ionadaithe ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann go Manainn sna 1940í chun na cainteoirí dúchais deireanacha a thaifeadadh.
Sa phictiúr thíos: An Dr. John Walsh agus Adrian Cain le mic léinn Roinn na Gaeilge (pictiúr le Mícheál Mac Lochlainn).
Tionóladh an chomhdháil 12-13 Deireadh Fómhair 2007 faoin teideal Lobháin 1607-2007. Tá an clár ar fáil anseo. Labhair na cainteoirí ar fad faoi ghné éigin d'oidhreacht Lobháin agus an tionchar a bhí aici ar shaíocht na Gaeilge. Póstaer na comhdhála ar fáil anseo.

nuigalway.ie
